Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 7

TOIRIDHEALBHACH LUINEACH

  1. Iomdha sochar ag síol Néill,
    fada ó do hoirdneadh iaidséin,
    síol an cheinnbhile ó Bhóinn Bhreagh,
    tar deirbhfine móir Mhíleadh.
  2. An lá nách leó Fiadh na bhFionn
    ní dhligheann airdrí Éirionn —
    croinn lubhghorta chlann gCobhthaigh—
    barr umhlochta d'Eóghanchaibh.
  3. An uair bhíos éinrí oile
    i gceannas Chláir Úghoine,
    ní faghuir géill ar ghiallaibh
    ó dhaghfuil Néill Naoighiallaigh.

  4. p.42

  5. An tan ríoghthar neach d'uíbh Néill,
    ní cuid amharais ainnséin,
    do chloinn ghéirreannaigh Néill náir
    géill gach Éireannaigh d'fagháil.
  6. Tug said, mar is iad is fearr,
    tuarasdal d'fearaibh Éireann—
    sgotha slóigh bhuanasdraigh Bhreagh —
    tuarasdail dóibh ní dlighthear.
  7. Dlighidh Ó Néill íoc 'na fuil—
    gi bé dá mhuintir mharbhthuir,
    'sní théid eineaclann uadh d'fior
    do sluagh geimhealtrom Ghaoidhiol.
  8. Ní an fós, is feasach linn,
    a gcóir i n-éanaird d'Éirinn,
    's atá cóir Éireann aca,
    slóigh na gcéimeann gcurata.
  9. Clanna Néill na Naoi nGeimheal,
    níor geineadh, ní geinfidhear —
    tamhain a Tealaigh na bhFionn —
    a samhail d'fearaibh Éirionn.
  10. Ríoghradh Éireann uatha amach,
    is clann Néill mhóir mheic Eathach —
    níor lia rígh don fréimh oile
    'ná dhíbh san réim ríoghroidhe.
  11. Díobh ríoghradh Bhanbha na mbeann,
    díobh forgla ardnaomh nÉireann,
    do síol ríNéill bhragha Bhreagh,
    fíréin ghlana na nGaoidheal.

  12. p.43

  13. Do mheas Mac Coise clann Néill,
    ní fríoth leis ionta i n-éinchéim
    barr tar ainglibh phuirt phardhais
    d'airdhibh uilc nó iomarbhais.
  14. Gi bé is measa, ar Mac Coise,
    d'fuil Néill, is í mh'fiadhnoise,
    is é is fearr uathaibh amach,
    an dream ó Thuathaibh Teamhrach.
  15. An chuid is fearr d'aicme Néill —
    ní daoine adubhairt riúiséin,
    na croinn phailme ó phurt Doire,
    acht aingle i gcurp cholloidhe.
  16. Atá breath Mheic Coise ó Chluain
    ar síol Néill Oiligh armruaidh
    'na chlú mhór síordhuidhe ó soin
    tar slógh bhfíonmhuighe Fionntoin.
  17. Atáid cáis iomdha eile
    ag síol Eóghain d'áiridhe
    do bharr uaisle ar naomhchloinn Néill,
    na saorchroinn uaisle a héinfréimh.
  18. Tárraidh Eóghan mhac Néill náir
    beannacht Phádraig an phríomhfáidh,
    géag ós choill mhoighe Macha,
    tar cloinn oile an ardflatha.

  19. p.44

  20. Fágbhais Pádraig Phuirt na bhFionn
    eineach is eangnamh Éirionn
    tar síol Néill d'fágbhálaibh air,
    's ar fréimh ágnáraigh Eóghain.
  21. Do ghabhdaois neart chlann gCriomhthain
    'sníor ghabh éinfear d'Éirionnchaibh
    cumhachta ar a síol ó soin
    do bhríogh udhachta an éarloimh.
  22. Fuidheall seinbheannacht síol Néill,
    toradh urnuighthe an fíréin —
    an ghéag abhla d'fiodh Teamhrach —
    aniogh tarla ag Toirdhealbhach.
  23. Mac Néill mheic Airt Óig mheic Cuinn,
    iarsna na ríogh ó Fréamhuinn;
    rí is córa dá bhfacaidh fear
    do mhacaibh móra Míleadh.
  24. A mbí idir ór is umha,
    a mbí idir ré is réaltuna,
    ag rígh mhoighe bhuig Bheannchuir
    ón chuid oile d'Éireannchuibh.
  25. Rí nár léig éinní a hUltaibh
    le sluagh nÉireann d'iomarcaidh,
    rí ré a fionnachtain is fearr
    'ga mbí iomarcaidh Éireann.
  26. Rí ó a bhfuilid fir Uladh
    gan chogadh, gan chathughadh,
    gan tnúidh, gan folaidh, gan feirg,
    gan toghail ndúin gan díbheirg.

  27. p.45

  28. Rí nár bhris a bhréithir ríogh,
    rí ara lugha lucht míghníomh,
    rí nách geallfa ní fa nimh
    acht ní is dearbhtha do dhéinimh.
  29. Gé bheith sí ar an slighidh móir,
    do fuileóngthaoi fail deargóir,
    le cruas riaghla fear nUladh,
    feadh bliadhna gan bhaoghlughadh.
  30. Do rachdaois mná moighe Fáil
    ar feadh nUladh 'na n-éanmhnáibh,
    fa sduaigh ndeircmhir móir Macha
    i mbeirtibh óir ioldatha.
  31. Dá dteagmhadh long fá lán séad
    i n-imlibh cuain gan choimhéad,
    Toirdhealbhach do-ní do niort
    nách oirbhearnach í ag imtheacht.
  32. Móide is iongantach don fior
    an riocht 'nar chuir an Cúigiodh,
    bheith don Bhanbha ghéagthruim ghloin
    'na héantuinn faghla acht Ultoigh.
  33. Atá an chéiddíle arna cor
    lér dhíoláithrigh Dia an domhon,
    nó a mac samhla ar bhraoinlios Bhreagh,
    aoibhnios Banbha do báitheadh.

  34. p.46

  35. Atá Naoi oirdheirc oile
    san chríchse chlann Rudhroighe,
    gnúis mhaordha dá moltar geall,
    dá caomhna ar dhortadh ndíleann.
  36. An cúigeadh eang d'fiadh Teamhrach
    don chursa atá ag Toirdhealbhach
    tírim do Bhanbha na mbeann
    ar dhílinn faghla Éireann.
  37. Naoi mhac Láimhiach eacht oile
    mar sin rug Rí an ríoghthoighe,
    géag thromthoraidh nár mhoidh mionn,
    tar moir ndromchladhaigh ndílionn.
  38. Do bhí an domhan fa dhall chiach
    ré linn Naoi mhóir mheic Láimhiach —
    sé 'na seanadhbhar ó sin —
    tre neamhadhradh nDé dhúiligh.
  39. Acht trí meic Naoi agus Naoi féin
    do bhí síol Ádhaimh ainnséin,
    lucht an domhnán mar dirthir,
    lomnán d'ulc is d'aindlighthibh.
  40. Tig aingeal Dé anuas do nimh
    go mac Láimhiach lá éigin —
    cioth báisdighe is mó do mhill —
    d'fáisdine dhó ré ndílinn.
  41. Teachtaire Dé ris do ráidh:
    báithfidh cách uile d'éanláimh —
    lucht aidhmillte ortha is fearr —
    gairbhlinnte dorcha díleann.

  42. p.47

  43. Déantar uaibhse, ar an t-aingeal,
    eathor téigleach taobhdhaingean,
    suil tí an sál doighirthe dubh
    tar clár dtoinighthe an talmhan.
  44. Mac Láimhiach — lór do mhisnigh,
    ar impidhe an aingilsin,
    do-ní an áirc slaitleabhair slim
    'na báirc thaitneamhaigh thirim.
  45. Rí na ndúileadh, Dia Athar,
    d'éis na háirce d'ullmhachadh,
    tug sé an díle ar an domhan
    'sdo-ríne é d'folmhoghadh.
  46. Gur bháith Dia i ndíol a bhfoltadh
    an bioth uile acht aonochtar,
    níor sguir dá dhíbheirge dhíobh,
    do mhuin fírfeirge an Airdríogh.
  47. Ní hí an áirc soidhealbha seang
    do saor iad ar feirg ndíleann
    an feadh do bhaoi an tuile ag tocht,
    acht guidhe Naoi 'sa naomhthocht.
  48. Is í an díle na danair,
    is í an áirc Clár Conchabhair,
    slat charmarsaidh chraoi Theamhrach—
    Naoi an talmhansoin Toirdhealbhach.

  49. p.48

  50. Naoi ar tús mar do toghadh lais,
    do thogh Dia do dhruim eólais,
    gnúis neamhdhuidhe Í Néill aniogh
    tar féin ngealmhuighe Gaoidhiol.
  51. Ameasg Gaoidheal ghuirt Teamhrach
    Dia féin do thogh Toirdhealbhach,
    an toghusa Dhé na ndúl
    ní horusa é d'iompúdh.
  52. Ní maoidhte dhá mhac samhla
    do rígh neartmhar nathardha,
    'sa liacht rí Éireann dá fuil,
    ní dá ndéineann do dhéanaimh.
  53. Sé rígh fichead d'áireamh flath
    anuas ó Niall mhac Eathach
    go Toirdhealbhach dá bhfiar fiodh
    ar fiadh ghoirmiobhrach Gaoidheal.
  54. Sé rígh dhéag d'aicme Eóghain
    roimhe' ní rádh aineólaigh,
    deichneabhar ríogh' druim ar dhruim,
    do síol chleithleabhar Chonuill.
  55. Trí fichid rí is dá rígh dhéag
    suas ó Niall, folt na bhfinnghéag,
    fa chlár ndíllidh bhfuairfliuch bhFáil
    go Mílidh n-uaibhreach nEasbáin.

  56. p.49

  57. Ocht rígh 's ceithre fichid fear
    do bhí roimhe ar ghort Ghaoidheal,
    fearr an glún deireanach dhíobh,
    geinealach úr an airdríogh.
  58. Dá mbeith cách fós mar nách fuil,
    i gcoimhmeas re cloinn nEóghain,
    do bhiadh oirrim Bhanbha Breagh
    ag coinnill Annla ar éigean.
  59. Bheith ag cor re neart Í Néill —
    ní tráth d'Éireannchaibh eiséin,
    gan t'féaghan anú is neamhghuth
    'snár féaghadh tú id Thoirdhealbhuch.
  60. A Thoirdhealbhaigh mheic mheic Airt,
    ní mór nách mairg do-chonnairc
    urraim Ghaoidhil uim ghort bhFloinn
    do mhaoidhimh ort marurraim.

    IOMDHA


  61. p.50