Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 6

LIOS GRÉINE

  1. Lios Gréine is Eamhain d'Ultaibh,
    treabh nách budh tréigthe ar Thailtein;
    each nách fuil barr ar bhronntaibh,
    bronntair creach Gall san ghlaintreibh.
  2. Síothbhrugh Ealcmhair í ar áille,
    treabh do bhí ag ríoghaibh róinne;
    lór do chur cháich fá chéile.
    ráith gréine mar Bhrugh Bóinne.
  3. Re Durlas Ghuaire is gaolmhar,
    'sa cumhdach d'ua na n-iarladh;
    treabh na slógh bhfleadhach bhfíonmhar,
    ríoghbhrugh mór sleaghach srianmhar.
  4. Lios Gréine, an cróchbhrugh ceólbhras —
    fóirfidh a féachain fiabhras;
    a lán ann do gach aoibhnios,
    caoimhlios ar lár call gciabhghlas.
  5. Brugh slaitgheal nách fiar foirgneamh,
    aitreabh na gcliar do chealgadh;
    dún geal don mhúr is margadh—
    meadh don ardbhrugh Dún Dealgan.

  6. p.39

  7. Dún creachach cliarach coirneach
    a teachso cian bhus cuimhneach;
    mór do sgrios an dún dealbhach,
    múr meadhrach mar Lios Luighdheach.
  8. Dún mar Dhún oirdheirc Uisnigh,
    do thoirbhir Cú an chleasraidh;
    ná beir mnaoi asteagh don torsoin,
    meadh chosmhail don Traoi an teaghsoin.
  9. Faithche réidh ghlas fan ngrianbhrugh
    mar ar ó léimibh lúidhghreagh;
    níor threabh neach an fód fíorghlan
    acht gníomhradh each n-óg n-uaibhreach.
  10. Eich ar faithche fan bhfionnbhrugh,
    sleagha gairthe dá ngormadh;
    crú Chuinn re gníomh a nglainghreagh,
    ag sníomh tairngeadh gcruinn gcorghlan.
  11. Ón damhna is triath don teaghsom
    ar Bhanbha ní bhia easbhaidh;
    fear 'sa chlú ar chló na consoin,
    meadh chosmhail dó Cú an chleasraidh.
  12. Seaán róinn go Ráith Éanna,
    cóir leannán 'na lán súla;
    bean Chuinn
    [...]
    ghrádha —
    brágha ghaisgidh Fuinn Úna.
  13. Fuair leannán Teamhra troimchion,
    Seaán i ndeabhthaibh dearbhthar;
    gur theilg tóir ó áth timcheal,
    dlighthear sgáth re feirg bhfearchon.

  14. p.40

  15. Seabhac eich fút go faobhrach,
    um chreich námhad go néalmhach;
    a chrobh ar gach leith go luaimneach
    do sgor uaibhreach do bheith béalbhach.
  16. Go bhfuighe a tol ó Theamhraigh,
    a mheic Cuinn nár ob iomghuin —
    ní bríogh meirbh is dú ar deaghbhlaidh —
    dearbhaidh tú t'feidhm i n-iorghuil.
  17. Lugh Lámhfada, triath Teamhra,
    nár fág biodhbha gan umhla —
    iomdha fádh lat dá labhra —
    do mhac samhla ós chlár Chunnla.
  18. Sín ó Dhún glégheal Geanuinn,
    gan chrích Néill fút ná fulaing;
    cáir cnú dá cor ós chrobhaing,
    toghaim tú ar cháil Con Culainn.
  19. Lór mire do chrann gceannchaol,
    cuirfiod slógh Gall tar gealchuan;
    do reic ní béim ar Bhearchán —
    seanchlár Néill deit dá dheaghthuar.
  20. Ní mór do chradh cháich chaomhnus
    sróll glan nách gnáth i ngiaillbhrios;
    tar éis cean ó thír mar théarnas
    mín géarbhras greagh fan ngriainlios.

    LIOS


  21. p.41