Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 4
CATH DROMA LIGHEAN
- Maighean díoghla Druim Lighean,
mór d'ulc agus d'aindligheadh
do-righneadh fa cheann an chnuic,
i ngleann na n-inbhear n-ordhruic.
- Meinic tugadh taoibh a learg
'na rothnuall chorcra chróidhearg,
'sgach fán dá ghortaibh gairthe
lán do chorpaibh ciorrbhaighthe.
p.28
- Meinic riamh do-righneadh fuil
don loch do bhí ar a bhéaluibh,
'sa thonna ó chrú 'na gcorcair,
ar brú an droma díoghaltaigh.
- Druim Lighean na learg n-éachtmhar
ní dearnadh, ní dingéantar.
uilc an mhoighe féarghloin finn
i n-éanmhoigh oile d'Éirinn.
- Ó Chloinn Neimhidh gus aniodh,
tulach corr Chruacháin Lighean
atá a haghaidh ghléigheal ghlan
d'falaibh féinneadh dá folcadh.
- Conuing mhac Faobhair mheic Flath
is é ro chuir an céadchath,
re hucht n-iomchosnaimh fuinn Bhreagh
fa Dhruim lionnchobhsaidh Lighean.
- Naoi gcéad do chlannaibh Neimhidh,
dá bhflaithibh, dá bhféinnidhibh,
tarsna an achaidh dromchlaidh duinn
torchair le cathaibh Conuing.
- Cúig meic Deala mhóir mheic Lóigh
tugsad fan gcnocsa i gcéadóir
gleó re raghasraidh bhfinn bhFáil
fa rinn gcladharsaidh gCruacháin.
p.29
- San áit chéadna, i gcionn athadh,
tug Breas mór mhac Ealathan
fa saorthulaigh na gclach gcorr
cath re laochradhaibh Lochlann.
- Torchair d'féin Bhanbha re Breas
triar ar chéad dar chóir flaitheas,
láimh re hamhsaibh fuinn Bhanbha
fan ndruim n-arsaidh n-allmhardha.
- Deich gcéad fichead d'Fearaibh Bolg,
'sní théarnó ar ais ón iomorg
lór do mhíochuid méad na gcean
don tríochuid céad acht cúigear.
- Ar dteacht arís go fiadh bhFáil
do Chloinn mhóir Mhíleadh Easbáin,
ní hinneistir fearg na bhfear
fa finneisgir learg Lighean.
- Marbhthar leó i laithibh troda
trí meic cródha Chearmada,
triar calma ór chraobhthairtheach cuill,
gabhla caomhChaithreach Cröoinn.
- Tugsadar trá teóra cath
um Lighin na learg mbaoghlach;
gabhaid féin barántas Breagh,
céim do ghabháltas Ghaoidheal.
p.30
- Meic Mhíleadh fós gidh iad ann
forgla Thuaithe Dé Danann,
do bhí ar dtuitim d'aithle an áir
ar faithche chnuicfinn Chruacháin.
- Níor básuigheadh riamh roimhe
fa éanchnoc d'Iath Úghoine
leath ar thuit d'aidhleannaibh áigh
fa ghlainbheannaibh chnuic Cruacháin.
- Go ríomhthar reanna nimhe,
nó an ghaineamh mór mhuiridhe,
tulach géiggeal na ngort sean
ní héidear a holc d'áireamh.
- Sé ríoghcatha roimhe so
tugadh timchiol an droma,
Druim finnFeabhail fan dann sreabh,
'sgan mindeabhaidh ann d'áireamh.
- Gá dú? acht is sé an seachtmhadh cath
cath mór na maidne amárach
chuirfeas réadla fuinn Uladh
fan ndruim gcéadna ad-chualabhar.
- Is é fós chuirfeas an cath
Aodh mhac Maghnuis mhúir Theamhrach,
gruaidh soinionnta ar snuadh na subh
'gar roimhionca buadh bhiodhbhadh.
p.31
- Is é an cath mórsa amárach
an teidhm dhoiligh dhíoghbhálach
tug an cheathardhúil ar crioth
ar fud leathanMhúir Luighdheach.
- Is é tug tolcha an bheatha
'na gcróbhuailtibh crithreacha
'sna tonna i bhfoltaibh na bhfeadh
'na morcaibh troma teineadh.
- Do thógbhadar, fa tuar gleóidh,
teinte eisriata an aieóir
ceann fan réaltoin móir mongaigh,
'na mbróin éachtaigh anghlonnaigh:
- Beid na taise 'sna tombaibh
ag easaonta, ag easargain,
mosglaid cuirp fonnmhaighe Fáil
ag fornaidhe an uilc anbháil.
- Labhraid ceathra cláir Bhanbha
do chomhráitibh ciallamhla,
fa ghort bhfonnfaoilidh na bhFionn,
ag comhmaoidhimh olc nÉirionn.
- Geintear piasda i ndeilbh dhuine,
'sna daoine i ndeilbh bhiasduidhe,
mór na tarathair tug soin
ar fud chladhachaidh Chobhthoigh.
p.32
- Atá an bhadhbh chíocrach catha
ag aslach an ardflatha,
go dtrillsibh corcra ma a ceann
ag tochta ós insibh Éireann.
- Beid mná siabhartha síodha,
beid faolchoin is fiaidhmhiola,
ag tuar an chatha do chor
do sluagh Mhacha go madan.
- Budh iomdha san oidhche anocht
fuath is amuid is arrocht
timchiol chreachthóir chlach mBanbha
seachnóin na gcath gceachtardha.
- Budh iomdha i longphort laoich Bhreagh
sgiath ó aréir ar righ mhíleadh,
meóir leabhra lúbtha um foghaibh.
dearna dúnta um dhornchladhaibh.
- Budh iomdha ar madoin go moch
proinn dá caitheamh go corrach;
laoich ag ionnráithne a n-arm ngéar,
iolgháirthe badhbh is brainéan.
- Budh lór d'adhfuath mun n-amsa
seasdán na sleagh gcodarsna,
siansa a reann gceannbhraonach gcorr,
searbhghlaodhach a mbeann mbuabhall.
p.33
- Budh cúis truaighe an tráth céadna
búithreadh na mbiasd n-uaithbhéalda;
gotha faolchon mbeann mBanbha,
gaothradh na n-eang n-allmhardha.
- A much na maidne amáireach
budh é an cnocán congháireach,
í féige orchradhach gach áir,
gormtholach céide Chruacháin.
- Muidhfidh, mar mhuidheas do ghnáth,
cath na maidnese a mochthráth
ré sluagh dhearccorr Thighe Truim,
'sré bhfine cheanntrom Chonuill.
- An dtabhair Aodh dá aire
gearán na ndúl ndaonnaidhe,
nuall na sreabh, néalla nimhe,
sgéala na bhfear bhfáisdine?
- Nó an ngoilleann ar a ghruaidh nduinn
iomchosaoid Chineóil Chonuill
tre bheith do sluagh flatha Fáil
re luadh gcatha dá gcongbháil?
- Fada an treimhse atáid re a chois
gan tocht dá dtíribh dúthchois;
atá slat bhoisleabhar Bhreagh
ag toirseaghadh Mhac Míleadh.
p.34
- Fada leis an bhfear ón Mhuaidh,
'só Srúibh Broin an bhruaich ionnfuair,
'só Choirrsliabh gan tocht dá thoigh,
'só ghort Oirghiall i nUltoibh.
- Madh é a aimhleas, madh é a leas,
madh ré nAodh, madh air mhuidhfeas,
ó atá sé d'oirichil air
is roimhithigh é d'féaghain.
- Urusa dhó dul i gcath.
ré sluagh mhór mhíleadh Teamhrach,
tearc ann acht ceinnbhile os choill
do dheirbhfine chlann gConuill.
- Atáid iadhta fa a folt lag
laoich na dTuath, onchom Fánad,
slóigh mhillse ón míonaclaidh muir
ríomhacraidh Inse hEóghain.
- Tiocfaid leis don leith oile
guaisseabhuic Bheann mBoghoine,
's garbhsluaigh ó ghleanntaibh Bearnais
d'ealtain chrannruaidh chloidheamhghlais.
- Atáid leis bhós druim ar dhruim
a bhráithre féin, fuil Chonuill,
nách é a rún éantroigh ar ais,
na réaltoin ó Dhún Durlais.
p.35
- Fearr iad so iná a seacht n-urdail
do sluagh thacair thiomargaidh
fa mhílidh Mhoighe na bhFionn,
ó thíribh oile Éirionn.
p.36