Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 2
Ó DOMHNUILL
- Dia do bheatha, a mheic Mhaghnais,
ó Thír Chonaill chaladhghlais;
bí ag deifreaghadh, a ghruadh ghlan,
go sluagh gcleithleabhar gCruachan.
- Deifrigh chugainn, má taoi ag teacht,
ní beag tadhall san tuaisgeart;
a rí an fonnmhuighe Ultaigh,
bí it chomhnuidhe i gConnochtaibh.
- A ghnúis dílligh, deifrigh ort
d'féachain Chóigidh Ól nÉagmhocht;
ná bí troighleasg, tar anall,
ná gabh toirmeasg 'na thiomchall.
- Dia do bheatha, bí ag toidheacht,
tiomsaigh trá do saoroireacht;
déana lánsluaigheadh, tar thort,
tre mhagh gclárnuaigheal gConnocht.
- Tiomsaigh leat laochraidh Uladh,
fada atáid gan tiomsughadh,
do sgur chommórthais chlann gCuinn
red bharr ndonnórthais ndíoghunn.
p.11
- Fiarfaigh féin do síol Suibhne,
an truagh leó, a flaith Mhodhuirne,
mar táid Connachtaigh ag cur
re trommacraidh fáid Uludh.
- Abair re clannaibh Néill náir
déanad connailbhe is combáidh;
foillsigh dhóibh a rabháigh rinn,
a bhranáin óir ós fidhchill.
- Tabhair chugainn druim ar dhruim
síol Eóghain, ceinéal gConaill,
fad dhreich n-úir ngríosmhálla ngil,
do súir chíoschána an chúigidh.
- Do chomhnámhaid, do chleamhnaoi,
cruinnigh fad chéibh n-imealnaoi;
fine mhór chneasbhláith Cholla,
slógh ó leasráith Liathdroma.
- Aithnidh dúin, gé dearmaoid soin,
ná rigthi a leas lá an tsluaghaidh
acht clann fionnDálaigh fóid Bhreagh,
ioldánaigh na gcóig gcóigeadh.
- Na ceithre dronga atá thall
don tsíol do chin ó Chonall
cur feadhma dhóibh risan druing
slóigh Teamhra ní budh tualuing.
- Clann Dálaigh na ndúinteadh slim,
Dochartaigh, sluagh síl mBaoighill;
síol órbh ansuaimhneach Ulaidh
síol glanuaibhreach Gallchubhair.
p.12
- Ag sin na ceithre catha
atá d'éis an ardflatha,
lucht buaidhirthe Banbha Cuinn,
sluaighsirthe calma ó gConuill.
- Dá meathaid fir Éireann ort,
géabhaid duit ceannas Connocht
laoich fromhtha na gceithre gcath,
beithre Tolcha na Teamhrach.
- Síol gConaill na gceithre slógh
tabhair leat líon a dtionól,
fonn sámh na ngortfoithneadh nglan
go socroighthear clár Cruachan.
- Go ndíoghla tú ar imthigh ort,
ná déana síoth ná socrocht
fa chrích mbuig seinsleachta Sreing,
do chuid eighreachta d'Éirinn.
- Ná bí réidh go rabhthaoi i bhus,>
eadamar, a ucht solus,
ní budh thall réidheóchaid ruinn
ó éireóchaid clann Chonuill.
- Ní cás duit dol ar a n-iocht;
go leagthar iad i n-aoiniocht,
ní soileagtha thú tairsibh,
oireachta an chrú Chonaillsin.
- Níor chóir dhuit déanamh tairsibh,
oircheas don chrú Chonaillsin,
dot chneas síthseang, dot ghlaic gil,
a ndícheall dait do dhéinimh.
- Ní mór dhíobh, a dhearc mhálla,
nách oide dil diongmhála,
nó rodhalta dot ghruaidh ghil,
nó comhalta uair éigin.
p.13
- An lucht is sine ná sibh,
atáid agaibh 'na n-oidibh,
clann cháigh 'na ndaghdhaltaibh dhuit,
a tharngartaidh Cláir Chorbmuic.
- Briathra a maca samhla so
adubhairt Conall Cruachno
ar Moigh Léana uair eile,
a réalla sluaigh Sligighe.
- Lá dár fógradh cath ar Chonn
ar Moigh Léana a los eachtronn
barr cleathmhongach na gclodh lag
le Mogh neamhchorrach Nuadhad.
- Teagaid fa Mhogh Nuadhad náir
forgla fear nÉireann d'éanbháigh
sluaigh flathamhla ar nár ligh smacht
acht fir chathardha Chonnacht.
- Ní raibhe le Conn san chath
acht fir Chonnacht dá chumhdach
laoich na ngreagh soidhéinmhe seang
re coimhéirghe fear nÉireann.
- Beag dhúinn Connachtaigh, ar Conn,
do mhuin chomhráidh re Conoll,
is sluagh Éireann 'nar n-aghaidh,
a ghruadh séimhseang síodhamhail.
- Fir Éireann ó thuinn go tuinn,
dob iad comhráite Conuill,
níor chuirthe dháibh uamhain ort,
eidir sluaghaibh chláir Chonnacht.
p.14
- Oide dhuitse nó dalta,
ar Conall, nó comhalta,
a chiabh ghnéabhuidhe, a ghrádh ban,
gach éanduine i gclár Chruachan.
- Sinsir Chonnacht láimh do láimh,
do ráidh Conall i gcéadáir,
atáid 'na n-oidibh agaibh,
a bhoiggil áig abhraduibh.
- Comhalta dhuitse, a dhearc mhall,
do lucht comhaoise, ar Conall,
ód chomhaltrom, a ghruadh gheal,
re sluagh dtolachcorr dTailtean.
- Gá dám dhó? ar Conall Cruachna,
atáid ar n-óig anuallcha
dhuit, a mharcaigh Mhuighe an Sgáil,
'na ndaltaibh uile d'éanláimh.
- Créad as budh beag leat do líon
mar sin, ar oide an airdríogh;
sluagh carad ar aontoil ann
aontroigh tharad ní thiobhram.
- Bristear le Conn na gciabh lag
cath na maidne ar Mhogh Nuadhad;
gealladh maith Conaill do Chonn
is maith do chomhaill Conoll.
- Mar sin duitse, a Í Dhomhnaill,
ní tháirfe taom éagomhlainn
eidir fréimh chogthaigh Conoill,
a séimh fortail abhramhoill.
- A leómhain Éirne, ní fuil
acht éanchúigeadh it aghaidh,
'sdo bhí Éire ag cor ar Chonn
do thol a chéile acht Conoll.
p.15
- Is iomdha comhmaith Conuill
d'aos ghráidh fad ghruaidh abhradhuinn,
mar do bhí an Conaillsin Cuinn
'sa rí i gcomhaimsir Chonuill.
- Dóigh mar do cuireadh le Conn
i sluagh Cruachna 's i gConoll,
do dhóigh it chomhaltaibh cuir,
's i romhacraidh mhóir Mhurbhaigh.
- Fearr iad so ná' seacht n-urdail
do sluagh thacair thiomargaidh,
fa mhílidh Mhoighe na bhFionn
a tíribh oile Éirionn.
- An gcéin bheid ina mbeathaidh
an sluagh fraochdha fuireachair
beag d'anbhuain bhus eagail libh,
a dhreagain armruaidh Oiligh.
- Créad an turbhaidh atá ort
gan teacht d'féachain fear gConnocht
laoich na ngreagh síodhamhail seang
ag síorfaghail fear nÉireann?
- Tuigim fós fáth do mhoille,
a chodhnach cláir fionnFoinne,
mar nách foil anacal ort
ag moigh cladhsocar Chonnacht.
- Goillidh ar th'inntinnsi, a Aodh,
críoch Mheadhbha na múr bhfionnchaomh
ar son nách fuiltear réidh ruibh,
a muintear féin dá foghuil.
p.16
- Dol dí i n-aoineacht ód ghruaidh ghloin
fearr leatsa iná' lot eadroibh;
saoilim gur lat an leanabh,
a slat bhraoislim bhaisleabhar.
- An gcualabhair cúis na mban,
nó an bhreath ríoghdha rug Solamh,
a ghéag neamhchranda ón Mhuaidh mhir,
i n-uair leathranna an leinibh?
- Táinig lá i láthair Solaimh
cúpla inghean éagsomhail,
dias data ghnéanaoidhe ghlan,
éannaoidhe aca ar iomchar.
- Do bhí gach bean dona mnáibh
ar dteacht 'na cheann i gcéadáir
dá dhearbhadh gur lé an leanabh,
go ndearnadh é d'áiteaghadh.
- Ó nách fuil fiadhnuise libh
don chursa um cheann an leinibh,
a roinn eadraibh dob áil liom,
ar eagnaidh cáigh go coitchionn.
- Maith an bhreath, arsa bean díbh,
rug Solamh mór mhac Dáibhídh
dúinn fán gcloinn ndóidleabhair nduinn,
roinn an óigleanaibh eadruinn.
- Fearr liomsa mo leanabh féin,
ar an bhean oile ainnséin,
gan bheith i mbaoghal don mhac
'sa bheith it aonar agat.
- Tusa féin máthair an mheic,
ar breitheamh na mbreath n-oirdhreic,
deimhin gur it bhroinn do bhí,
roinn an leinibh ní léigthí.
p.17
- Mar sin, a Aodh mheic Maghnais,
do dhruim uilc nó iomarbhois
gá dtám 'ga innise ort?
nár mhillisse clár Connocht.
- Níorbh áil leat, mar is leat féin
sealbh Chonnacht, a chneas mínréidh,
bheith dá milleadh, a ghlac glan;
do-rinneadh lat an leanabh.
- Do chaomhain sibh Cruachain Chuinn,
do chosain tú ar chloinn gConuill
port seinSligigh na sreabh nglan
tar deinmnidibh fear nUladh.
- Dá ndearntá comhairle cháigh,
do bhiadh Tailte 'na teannáil,
'sdo bhiadh Cruacha ar char eile;
ná gabh uatha a n-impidhe.
- Ní héidir ón Inghin Duibh,
dá mbeitheá féin dá bhfoghuil,
a dhéar díleanda ó Bhóinn Bhreagh,
díbhearga dhóibh do dhéineamh.
- I gcúigeadh 'na mbia an bheansa
ní lamhthar luadh imreasna;
srian re Conallchaibh gur chuir,
do chomharthaigh Fiadh Fionntuin.
- Go breith oirn d'inghin Séamais
síoth do chách ní choingéamais
fiadh Breagh go dtarla ar a tol
ar feadh an abhra d'iadhodh.
p.18
- Ón tráth fá dtánaig tar muir
ní chuimhnighid clan Dáluigh,
tre sduaigh Cabha an chláir iodhain
fala cháigh 'na gcroidhiodhaibh.DIA DO
p.19