- {MS page 90b}Dubhach sin a Bheann Ghúalann
a bheand na núabharr ccruthach
a n-aimsir in Tailghinn
dob álainn bheith ar do mhullach- Dob iomdha240 bean & giolla
ar do lios a Bheann Ghúalann
ortsa is láoch laidir
a beann bláthmhor duire bhúabhall- Gotha gadhar id gleanntoibh
ar mhucaibh alta da ffíadhach
gach feindidh da ttigeadh a lathair
's a ccoin aille ar iallach- Dob iomdha do chruite ceóilbhinn
os leirgfinn oirlíath ghlaise241
ór da bhronnadh an uair sin
gabháil dhúan go n-iomad maisi- Is e do-gheibheadh ó gach feindidh
da raibh sa fFéin an úairsin
tallonn oir gacha míosa
dob e cíosa Daíghre dhúanaigh- An úairsin a Bheann Ghúalann
nír ffúath linn fad tháobhaibh
anocht is tearc mo charaid
och ní mhairit mo gháolta
- Ag eisdeacht ret ealtuin242
& beathach na n-or n-allta
beann ar ar bheannaidh in Táilghionn
dob álainn do banntracht- Totháin do choillteach díamhra
dob iomdha íara ar do crannaibh
do bhruic ger sháimh a sealga
niorbh annamh do laoídh eallaidh- Duinne gerb ádhbhar meanma
ag eisdeacht re labhra h'iolar
ba binn gotha do dhobhrán
& comradh do sionnach- Fa binn duallán do chonart
is h'uallghort nírbh annamh
orgán do dhamh dílionn
do ceól faoílionn & ealadh- Do mhónógasa caomh corcra
biorar fochla & gleórán
re triar inghean Cais Cuailgne
fa binn leósan a n-abhrán- Nuallán do chorr san oidhche
cearca fraoíche do shleibhe
re chéile is ceol do choinchionn
dob aoíbhmn bheith da n-eisdeacht- Siansán binne do smáolach
as mór in t-adbar cumhadh
is maith togbadh bron dot bhannáil
is fearáin do crann cluthmar
- Ag eisdeacht ret fíadhach243
fa binn re tríath na hAlmhan
do budh cluthmar bheith id dhíamhroibh
dob iomdha mialta id ghleanntaibh- Dob iomdha cnuasach ód choilltibh
re mnáibh fionna na Féine
do cháora fa cnúas cumhra
do shugha is do sméra- Subha cráobh & talman
cneamh & airnead feithlionn
fa minic do ghairbhmeas
a n-aimsir Fhéine Eirionn- Ba haoibhinn h'inbhear íasgach
os leirg fherghloin glaoíthbinn
anocht atam co harsaidh
do chaitheas m'aimsir aoíbhinn- Is cumhuin leam a thulach
mac Lughach ort is Conán
iad ag imirt an tráthsin
's as tainic ar n-orcradh- Ni raibh feindidh a lathair
's as tainic ar ndrochdhal
nach gcualaidh an úairsin
an dorn buaileadh ar Conán244- {MS page 91a}Eirgis Conán 'na sheasamh
is beiris alpadh ar 'armoibh
fa hadhúathmar an úairsin
Conán fa crúaidh a tteannta
- Do ráidh Áodh mac Garaidh
ger leanam níor láoch lonnda
dar do laimhsi a mhic Lughach
bu pudhar dhuit in dornsa- Ni245 briathar tug mac Lughach
's maith is cumhain a Padraic
beag mo spéis id leitheid
nír theithius a n-am gábhaidh- Eirgis ann sin fearg Áodh
is mairg láoch d'fan réna thoruinn
an briatar tug mac Lughach
dar mo cubhais do chomhaill- Tainic mac Dobair dhámhaigh
ann sin do chabhair mic Lughach
is fearg Áodh da ffreasdol
dob i an iorgail churadh- Tainic Goll & Garaidh
Seinen246 & Fear Fáophair
deich ccéd do clannaibh Dubháin
ann sin do choiméd Áodha- Tainic clabna Neamhnaid
lucht leanamna clanna Baoísgne
da sleidh & sgíeth úaine
ar gualainn gacha taoisigh- Tainic aicme Da Bhoirionn
dob íad an foirionn cródha
gerbh iomdha cleas lúthmar
ag congnam re clandaibh Morno
- Tainic fa mór in tamhail
do cabhair clanna Baoísgne
fir nar thréith a n-am teannta
dob iad clanna Duibh Dhíorma- Clanna Coinbroin re hIollann
dream nar cumang ré cliaraibh
fiche céd do sgíathaibh geala
d'fearuibh nár seachain cliamháin247- Tainic Corr choslúath chédghoineach
ar colbha chloinne Mórna
buidhion fa niamdha maisi
fiche céd do sgiethaibh gorma- Do-chúaidh misi féin Caoílte
faris o mBaoísgne mbréagha248
dhuinne gerbh ard meanma
fiche céd do sgíethaibh dearga- Tigid cugainn do láthair
'na mbróintibh n-ágha n-órdha
a Dhía is mairg chom a ttainic
an trathsin clanna Morna- A Padraic a chleirigh Fhodla
do thuit re chéile sa ffionnghleó
deich ccéd taoíseach feindeadh
ar n-egnach ó an áonló- Ag sin duit a Padraic
sgél ámhaidh ar an imirt
dorn do búaileadh an lásin
's as tainic in milleadh
- Aitheac mor co ccruit n-íarnaigh
san aird aníar gac[h] ndíreach
tainic chugainn tar gach region
nírbh é sin in fear sítheach- Ar tteacht ameasg ar ttionóil
don aitheach romhór adhbhal
re fuaim a cruite gairbhe
do tuit ar n-airm as ar lámaibh- Ni raibhe neach beó 'na sheasamh
ris in cheólsin nar mhaith síansa
dath an ghúail ar an aitheach
is dath in tsneachta ar 'fhíaclaibh- {MS page 91b}Cuiris é fa gheasoibh
Conán nár maith cialla
fear na cruite millte
mura n-innsead249sé sgéla- Ge d o chuiris mé fo gheasoibh
as mé ameasg na Féine
a Chonáin mhaoíl na mallacht
bu haithreac duit mo sgéla- Ni gheillim dom chineadh
do hoileadh me sa fFuarrdhacht
gébha dhaoíbh an aoíre
nach sinnfeadh Daíghre250 dúanach- Gabhais dúain do Conán
níor fforáil gan bheith séitreach
gach a raibh dhíobh 'na ccáomhthach
do-chúadar a lathair éga
- Togbhais leis airm na Féine
ger lór251 a' mhéidsin d'eire
nír fag ga nó lann fáobhrach
ag laoch ann nó ag giolla- Sdirén mac in Ghairbh Ghluinigh
níor ffeas dhuinne san domhan
feadh miosa dhuinn gan lathar
fagbais a lán go boghar- Teid teachtaire go mac Morna
ó Fhionn na gcáomhchorn ccumdaigh
a triall as Eirinn íathghloin
d'iarraidh mic in Gairbh Ghluinigh- Tigid a cceann na míosa
clanna Baoísgne go trénmhear
naoí ffichit céd ar in ccnocsa
cia tá anocht gan énfhear- Do-rinne Goll is mac Cumhaill
síth do comall an úairsin
is tugadar a lamha
ann a laim Daíghre dhúanaigh- Glúaismíd ann a n-éinfeacht
in dream nár threith a congnamh
as sin go Tráigh na tTréinfhear
fa buidhean léidmeach lúthmar- As sin duinn don Fhuarrdacht
as mairg do-chúaidh 'nar turus
dhuinn fa hadbar egnaigh
mar raibhe Edbhar is Ludar
- Tigid chugainn dar ffechain
buidhean nach eisdfead[h] dúana
Troitheasdal is Crom na Cairrge
is Troiglén ón Ghleann Úathmar- Tri mic Crom na Cairrge
fir nach ttiúpradh cairde chatha
dob adhbar díthe dar ndaoínibh
beit fa lamaibh in triar athach- As íad anmanna in tríairsin
na taoísigh nár ghlan gnëe252
ger chuimseach íad a ccathaibh
Sithire Sitre & Séitre- Tainic cugainn buidhean dhordha
a ccomrac ba mór báoghal
tri fichit fear co luirgnibh
tainic fuirne mic Fáobhair- Tainic Aitheach in Corráin
níor fforáil ar mbeith daoíneach
buidhean ar dath na ndeamhan
deich cced aitheach nar ffáodhbha253- Ar tteacht don Garbh ghlúineach
cugainn 's a lúireach croicinn
énsuil a cclár 'edain
is deich da dhénam 'na aice- Dob fearr leinne a Padraic
's a ttainic linn dar Feinnibh
an mhéidsin do slúagh fuinidh
go mbeithmis uile a n-Eirinn
- Do-chúadhmar do chur in catha
na haithigh is Fían Eirionn
sa maidin arna mhárach
dob docair airiom a gcéimionn- Teid do cosg Crom na Cairrge
fa meanma curadh
ar a sgath fa díon dhuinne
a lamh ar ccúla nir cuireadh- Do ráidh Osgar mac Oisín
coisgfe misi mac Fáobhair
annsa maidin arna mhárach
ré neart mo laime am áonar- Do raidh Diarmaid ó Duibhne
fear fa cuimhneach a n-am catha
Traoillén on Gleann Úathmar
coisgfeadsa a n-am tachair- Do ráidh triur mac in Cearda
nir glor nar calma in trathsin
tri mic Crom na Cairrge
coisgfe sinne a n-uair ghábhaidh- Do ráidh Sinén mac Morna
's an fear dordha Conán
días mac in Ghairbh Ghluinigh
a ccosg dhuinne ní furáil- Do ráidh Áodh mac Garaidh
nírbh é in t-áthus nar chúimhneach
an t-óigfhear fa hard meanma
coisgfeadsa in Garbh Glúineach
- Gabhais re comhrac Luduir
mac Lughach na n-arm ffáobhrach
do comhrac risin ffearsin
is mairg rachadh 'na áonor- Troitheasdol ger láoch londa
gan254 a luirgfhearsaid chatha
gabhais Art og mac Morna
rena comhrac a n-am tachair- Coisgfeam ar clann Neamhnaid
& gearrfam a saoghal
tri fichit fear co luirgnibh
do mhuinntir foirne mic Fáobair- Coisccfiom Aitheach in Chorráin
do ráidh Barrán mac Morno
& coisgfiom a mhuinntir
buidhean go ndeilb ndórdha- A Padraic a chara anma
fearg na láoch óir do éirigh
dob iomdha sgíeth da sgoltadh
ann & osnadh feindidh- Dob e dal Crom na Cairrge
is Guill meanmnaigh mic Morno
nach dearnaidh días san domhan
a commaith sin do comhrac- Tuitis Crom na Cairrge
ré neart laime Ghuill fháobhraigh
faoí sgéith Iollainn sa tachar
dob iomdha fear dár láochraidh
- Do thuit ré255 hOsgar ámhra
ger chalma in fear mac Faobuir
minic do fhóir sinn ó bháoghal
an lamhsin nár claoídheadh- Traoíthlén ón Ghleann Úathmar
's an fear ó Lúachair Dheaghaidh
darb ainm Mac Í Dhuibhne
días rer doilghe deabhaidh256- Tainic ann sin a shaoghal
Traoillén ger láoch londa
re cleasaibh goile Í Dhuibhne
leannán suirge na Fodhla- {MS page 92b}Ba maith comhrac in Ghairbh Ghluinigh
is Áodh lúthmair na ngerlann
is fa tearc a samhail
san chathsin Fhéine Éirionn- Ba maith Goll is Garaidh
Seinén is Fear Fóghla
Osgar is Diarmaid deidgheal
is Áodh échtach mac Morna- Ni raibhe neach dhíobh a ngúasacht
ina feindidh úasal armach
nach deachaidh Goll da chabhair
's maith is cumain a Padraic- Tigeadh 'cabhair chloinne Morna
mar luas aidh orrdairc allaidh
's do cabhair chloinne Baoísgne
mar sitheadh gaoithe Earraigh
- A Padraig a chleirigh Fodhla
an ttainig ríamh iongnadh
nó in Garbh do chlaoídh re hAodha
& laghad a aoise- Ar ttuitim don cuigear calma
don tslúagh gharbhsin na n-aiteach
A Padraic dob iomdha feindid h]
a n-eigean257 san tachar- Tainic cugainn áongruagach
an trath ba cruaidhe dar mflathaibh
's a cruit carthanach cheóilbhinn
leis ar teóruinn na faithche- Go n-asaibh airgid fhinnghil
fa colpaip séimhe soillsi
co lór do chlochaibh búadha
bróga cuanna don ór pronnta258- Léine don tsleamhuin síoda259
go ndeilbh gríobhdha & naithreach
do bhí fo chneas in gruagaigh
ionar súaithnidh sodhathach- Fleasg óir arna heagar
fana fholt fada fionnchas
cloidheamh órdhuirn co ndealtaibh260
is brat corcra fana caomhchneas- As dar gcabhair tainic chugainn
an fearsin go cculaidh roigrinn
an ceol do shinn in gruagach
ní cualamar a coimhbinn
- Teid uainn ameasg na n-aitheach
an fear gradhach gruamdha
is cu[i]ris261 iad 'na ccolladh
na troithe ó thir na Fuarrdhacht- Fearais doghairceó eadroinn
's na fir nar chuimseach cialla
cuiris iad262 ar seachmall
as na ffacadar na Fíana- Truagh misi ag denam crábaidh
's me ag caoíneadh cloinne Baoísgne
's da mbiainn a ttús mo shláinte
go ttreigfinn crabhaidh choidhchi- Na habair sin a Chaoílte
da ffaicthea aoíbhneas nimhe
ní thiúbhratha h'aire d'Fíenaibh
ina d'íarsma do chloinne- Da ffaictha263 tríath na hAlmha
ina óig Eamna go n-aille
'na luidhe a leapthaib [h] sealga
id meanmain ní bhíadh crábadh- Olc in ciall a seanóir
rachaid roshlógh na cruinne
ní ffuil neach diobh na d'iarsma
nach bíaidh fa breith Rígh na n-uile- {MS page 93a}A Padraic easbail Eirionn
is trúagh lucht na gcéimionn ccalma
do breith uaimse don tsáoghal
's me am aonar ag crábhadh
- Aithris sgéla in gruagaigh
's ar mair d'úaisleibh na Féine
is dena caoíneas a Chaoilte
is binn liom ní dot sgélaibh- Tangamar gan264 ar lúathbhárc
tar éis úathbháis in catha
fa gairid linn in sáile
co criocaibh aille Breatan- Ba maith in líaigh in gruagach
a Padraic uasail a érlaimh
tug duinne go deimhin265
luibhe leighis ar ccrechta- Gluaismid ó criochaibh Breatan
co bruachaibh Saxan266 saoíre
a Patraic do-ní na fearta
is ann fa tear ca ar ndaoíne- Ar tteacht go crich Saxan
ní fhacamar in gruagach
do fhóir sinn ó ghaphadh
so in treas adhbhar úathmar267- Teid uainn d'iarraidh268 feasa
fear freasdail gacha deaghshlúaigh
fúaramar ó gach teaghlach
sgéla an uairsin fa deaghbuaidh- Aongus Óg ar Fionn feindidh
car mar é riamh ni269270 fhaca
's e dofhoir sinn o ghúasacht
as tír uathmair na n-aitheac[h]
- Tá a ttaisgidh a mBrugh Boinne
bar cculaigh comhluinn & chatha
ta thall san mBrugh dheidgheil
bar n-airm ghéra is bar sleadha- Gabhmaid cúan a mBeinn Edair
ag dul d'fechain ar n-arma
tar eis Saxana271272d'imteacht
fa buidhean chliste chalma- Tangamar go Brugh Boinne
gusan ccuraidh óg úasal
Aongus Og mac in Dághda
fúaramar fáilti an uairsin- Trí hoidhche a mBrugh goinne
fa maith ar sógh gan easbaidh
fúaramar uile ar n-arma
tainic meanma dar fflathaibh- Da c[h]éd bó ó Gholl gháibhtheach
do mac in Dághdha dreachúir
urad oile ó mac Cumaill
días nar cumhang fo creachaib[h]- Go ffoirfeadh sinne as gach amhgar
dob é gealladh Áonguis in Brogha
ar gcabhair as gach eigion
a Dhía is mo-genar ag a raibhe- Gluaismíd ar enshlighe
lucht churtha ghleó gáibhtheach
anois is adbar osnadh
na fir do cosnadh láithreach
- Tug me seal co séitreach
do ffada mo leim a tTeamhraigh
do imidh níamh mo crotha
anocht ataim go harsaidh- As mé Caoílte am aonar
ní hiongnad mo bheit co cumthach
Fionn is Osgar is Díarmaid
's 'na ndeaghaid[h] ataim go dubachDUBach
Da ffagainn ní budh mó ina a ffuarus do
sgribhebhuinn iad A n-Oisdin. in. 6. Augustus 1627.