- La da raibh Padraic a nDún
psailm ar 'úigh 's gan é ag ól
tainic go tigh Oisín mic Finn
os leis féin bu binn a ghlór- Día do bheatha a sheanóir shúairc
cugad ar cuairt tainic sinn
a láoch míleata fa dearg dreach
fíor nar ér neach fa ní- Sgeala231 is maith leam232 d'faghail uait
'úa Cumhaill fa crúaidh colg
in teann is mó a raibh an Fhían
ó ataoír riam ar a lorg- Aithresa233 duit a dearbh
a chléirigh úir na psalm mbinn
in teann is mó a raibh na fir
ó do geinead[h] Fíana Fiana234 Finn- Dearmad fleidhe do-rinne Fionn
a n-Almain re linn na áoch
ar chuid don Fhéin ó Druim Dearg
gur eirigh a ffearg 's a ffíoch- Arna ndearmad fan ól
in días láoch fa dóigh linn
tug mac Cronnchair is Aillc úr
freiteach blíadhna re múr Finn
- Do-níd gan ogal a ttriall
in láochraidh far bfedmar sinn
gluaisis in da fheindidh gheal
go rígh Lochlann235 na sreath slim- Muinntearus blíadhna ris in rígh
don dís láoch fa dearg dreach
{MS page 90a}do mac Cronnchair na sleadh ger
's do Aille féin nár ér neach- Ba hé rí Lochlann 's a slúaigh
fear re mberthaoi búaidh gach áigh
Airrgeann mac Ancuir na long
láoch fa maith dorn is lámh- Tuc bean ri Lochlann na sgíath
grádh go dían nach raibh co deas
d'Áille greadhnach an airm gheir
leó sa cheilg go ndearnad feis- Triallaid do leabaidh in ríogh
ag sin in gniom rer doirteadh fuil
go hAlmuin Laigean na fFían
tugadar a ttriall ó mhuir- Tionóilis ri Lochlann a sluagh
an cabhlach crúaidh do bhí go deas
ocht righte deg san úair
as é tainic dhá shlúagh leis- Glacaid an áibheis go hard
co híath Eirionu na n-arm n-áigh
go hAlmuin Laighean na fFían
tugsat a ttriall ó traigh
- Sgaoilid a bpuible go lúath
rí Lochlann 's a slúagh nár thim
ar na tulchaiph do bhí amuigh
a ngar don brugh a raibhe Fionn- Furáilis Fionn cumha mhór
don tsloghsin tainic a ccéin
's do rígh Lochlann na ccolg sean
ré chéile 's a bean féin- Do ráidh in Lochlannach borb
ré a dhóigh 's a chor a gcéin
nach gébhadh comha fan gréin
is Fionn féin do beith da éis- Deich ccinnbeirt ficheat don Fhéin
is Aille féin ar tús
do thuit re laim Airrginn mhóir
sul tainic na slóigh a ndlús- Fiafraighis Fionn flaith na ccúach
do maithibh uaisle innsi Fáil
cía do ghébhadh Airrgheann na ttreas
sul do rachmaoís leis ar sál- Nir heisdeadh sin ré Goll
sunn catha nár cuiread[h] ar gcúl
misi is Airrgheann na ttreas
leigthear eadrainn cleas lúth- Mac Lughach is Osgar lonn
Fear Reamor crom is mac Leg236
dot dhidion ar bhuille in rí
beir gacha ttaoíbh237 dot sgéith
- Eirghid do chosnamh a ttríath
Airrgionn féin nár cáomh ciall
seacht ccatha dheas is túaith
don tslúagh búdh fearr tainic ríamh238- Mur ndeachaidh fear dhíobh faoí chré
nó sa sbéire re lúth éin
do slúagh rígh Lochlann na ccríoch
nir pill arís 'na thír féin- Da ttugthaoí comtrom arm
do mac Ancair budh hard céim
a n-Eirinn na ngaisgeadach ffial
ní mairfeadhdís Fían da éis- Cosmaile chomhraic na ffear
ní faicfe mé go ttí in bráth
ceann rígh Lochlann na sgíeth ndonn
do mhaoídh Goll san ochtmadh lá- Do-beirim fo anmuin mo rígh
gurb e ar ndíth ar tteacht as
fear is ceirtleith na fFían
do fagadh san tslíabh ar in táobh dheas- Do bhí misi fein san ruaig
a Padraic bheirius búaidh ar cách
is gé go ttainic mé as
ní dearnadh mo leas san láLÁ
Iomlánachadh in líne do leisce a bheith folamh
Misi Áodh do sgriobh.239