- In cumhain leat a Oisin fhéil
ar tturus go Teamhraigh thréin
dá ochtor fa bronntóir brot
lucht comhóil corn um Chormac- Do-bheirim bríathor go mbáidh
a nhic Cronnchair meic Ronáin
gur me is fearr sna fremhoibh fis
annsna sgelaibhsin d'fíarfaighis- In meisce tuc ar Cormac
ar Fionn gur fhógair conhrac
dar chuir202 anuadal in dáil
's dár fogair a n-iomarbáidh- Adupairt Cormac rém athair203
mac Airt mic Cuinn c[h]édcathaigh
go ccuirfeadh tre falaidh dhe
Fionn fo gabhail choire- {MS page 87b}Gach a ttarla eadrainn is é
adubairt Fionn flaith na Féine
ge teann gach crúaidh re ccuire
budh leam búaidh gach éncluithe- Da ccomraiciom riot arís
a Cormaic da mbeanum cís
ni budh maithfeac mé sa dáil
is budh aithreac an iomarbáidh
- As nár dhaoíbh tri deich ccatha
a n-agaidh Cumhaill an ardfhlatha
gér maith fir Mhidhe 'na dháil
nír diongaibh sibh a áonlaimh- Acht muna a bheithís fir Mumhan
is Connach aigh na ccuradh
ni thiúbhradh seim sleidhe d'fhior
do chloinn oile Fheidhlimeadh- Adubairt mac Morna mór
Garadh na ccath nachar chlódh
as granna na damannta a Fhmn
beirthisi ar clannaib caomhChuin- Nocha deachaidh ret athair204
re Cumhall os na cathaib
a comeirge a ccoinne Chuinn
an fear fa roiréidh eadroinn- Fiafraghais Fionn do Gharadh
ar suidhe dhó 'na fharradh
os tusa do bhí ann
cionnus do marbadh Cumhall- Fiche céd do bhí 'na aghaidh
ata leamsa do mheabhair
ó mhaidin go trathnóna
marbhadh Cumhaill chródha
is ó trathnóna amach
go trath eirghe arna mhárach- Céd ar 'aghaidh céd ar a a 205chúl
ced ar aghaidh a dhá shúl
céd ar gach áidhe da chorp cain
céd ar gach206 laim da lámhaiph
- Ceithre céd um an Líath Lúachra
tainic o íarthor Crúachna
do marbh Criomtann Cas gan ceilg
re cloidhiom glas mar glaisleirg- Naoí bfichit do macaibh ríogh
do thuit le Bódhmainn go fior
fuarus imsniomh an uilc mhóir
ó inghin daithghil Trénmhóir- Da chéd deg207 curaidh catha
do bhi um Chonn chedchatha
do tuit sa Cnúcha chrúaidh
le laim Cumhaill cioidhiomchrúaidh- Conn & Goll da laim dheis
& a' Líath a Lúachras
fir Eirionn a ccro catha
i ttimcioll an ardflatha- Do bhiomuirne sé fir dheg
do chlandaibh Morna is ni breg
do sháithiomar sleadh gach fir
a ccorp Cumhaill caithmhílidh- Cionnus do freagair se sin
's na beir beim ar in mílidh
beannacht duit 's na can acht cóir
gémadh fúath leat clanna Trenmóir- Da bheim fan bheim ón fhior
ó208 Chumhall ón chaithmhílidh
do budh commaoín a chara
i ccommaoín gach áonghona
- Da leigmís codladh ttrí ttráth
do Cumall gér mór ré a rádh
ni rachadh neach slán da thoigh
ó áonlaim Cumhaill chréchtaigh- {MS page 88a}As olc linne do mhucha
do cuireapair cath Cnúcha209
go mbeithmís féin ar an magh
ag cur áir bar ccolamhnach- As maith dhuitsi do mucha
do tucamar cath Cnúcha
do beanfaidhe dhiot do ceann
mar do beanadh do Chumhall- Do díoghail tusa a hathair
a Fhinn mhóir os na cathoiph
as beacht do catha crúaidhe
orainn fan Banba bratúaine- Do marbhais in Líath Lúachra
fear comhluinn céd ger úathmar
sgel mór a nEirinn uile
's a thuitim le henduine- Da marbainnsi Goll210 glan
& clannmaicne211 a athor
nír éruic liom é am athair
's a' Liath ó Charn fFionnachair- Digheóladsa 'nois mh'athair
ní ceileabhsa ortsa é a Gharaidh
ní sgarfaightear m'fíochsa ribh
go soithe sibh go dith éinfhir
- Adupairt Cormac ag an ól
aitheascc nár bhinn re a shlógh
do-ghébhairsi comhrac sleadh
a Fhinn & treig Garaidh- Ann sin adubairt Osgar
aitheasg fa borb a bhrosgar
ata fear do comraic astoigh
fead do bheith Fionn a fFrangcoibh- Rangas in guthsin Cairbre
mac rígh na hEirionn airde
ta fear do comhraicsi dha chloinn212
gion go mbeith Cormac i n-Eirinn213- Mur do-chúalus Osgar áigh
& Cairbre ag iomarbháidh
dháibh níor díochra ga nighe214
cor nach ffiorfa an fháisdini- Ráidhimsi re Ciothrúaidh cain
mac in Cháogaid mar do dhligh
gabh an dúain cheirdide dháibh
ní huair feirge nó iomarbáidh- Do eirigh Ciothrúaidh cáomh cas
gabhais a dhuain shaoírsheanchuis
lér chomhchoisg uile na slúaigh
úaisle na Banba a n-énuair- Do eisdiodar na slúaigh uile215
's do eisd Cormac cúlbhuidhe
nó gur gabh Ciothruaidh a dhúain
ar slios an toighe216 tháobhrúaidh
- Mo-ghenar do ghabh an dúain
ler comhchoisg uile na slúaigh
is gan bheith d'faill ar in dáil
acht a n-airm uile do ghabáil- Bronntar ar Ciothrúaidh chédach
uainn d'airgead & d'édach
ba hedáil dhó fein 's da chloinn
a ffuair sé d'edáil eadroinn- Gan codhladh duinn is dáiph
idir fear is mac is mhna
cách uile i cceann217 a chéile
ar eagla na coimeirghe- Arna marach dhuinn is dháibh
do roinnsiomar iomarbháidh
do seamsamar218 ar ngaigne
's do ceanglamor comhairle- Se fir dhég dhuinn ar foghail
do clannoib Baoisgne bláthbhonaigh219
{MS page 88b}tre iomarbháidh Fhinn eangbaidh
is Cormaic ó chlaoínTeamhraigh- Do an againn clann Mhórna
do an clann Guill gan dogra
do an clann Ronáin go nim
's do imgeadar220 ar ccomhaghaidh- Breatnuighis Faolán go nimh
crcach do dhénum an lásin
nír leig misi an creach
go spreidis sluaigh na Teamhrach
- Glúaismíd romhainn ó Theamhair
meirge sénta ar ar sleadhaibh
's nír fforlann linn 'nar n-aghaidh
ar ccoimlíon do Gaoídhealaibh- Téigmidne go hAongus Óg
mac in Dághdha na nglanród
do ceanglamar as Áongus síth
's do threigiomar eissíth- Do-chúadhmar ar cúairt áigh
ar creich go Teamhraigh fodbháin
na sé fir dhegsa go beacht
is Aongus dár ngiollacht- Ba híad so na sé fir dheg
a Chaoílte 's ni hiomarbreg
eólach misi 's ni fath fann
na n-áiriomh is na n-anmann- A haon misi féin budhdhéin
a dhó Osgar go mícheill
a trí Fear Logha go mbúaidh
a ceathair Cairioll ó Corrbhrúain- An cuigeadh Áodh beag rátha
an seisiodh mac Lughach
an seachtmadh Díarmaid go ffios
& in t-ochtmadh Dáolghas- A naoí m'athairsi fein Fionn
a deich221 Fearrdhamhain na rionn
a háondég Colla cáomh cas
a do dheg Raíghne roscghlas
- A trí deg Feargus fionn fíal
giolla na ccreach 's na ccáomhsgíath
a ceathair deg Faolán mac Finn
's a' cuigeadh dég Iollann- A sé deg Goll mac Mórna
giolla d'féinibh Cronnmhóna
feindidh geal in ghaisgidh grinn
taistiollach aoínfear n-Eirinn- Suidhmidne asttoigh a tTeamhair
a longport na n-ollaman
ag ól 's ag imbeirt ar linn
i ttigh mhóir airdrigh Eirionn- Adupairt airdrigh Teamhra
breithiomh a n-aois ealadhna
ata tusa a láimh a Fhinn
a áonbharr áigh na hEirionn- Muna léige tú dhiot a fhir
sealg Teamra & Tailltion
Uisneach Mhidhe is mín cúan
Ealma Laigean na morslúagh
sealg Eirionn ó sin amach
go ttí sé in bráth breathach- Adupairt Osgar éuchtach
an macámh mear móircrechtach
ní gébhtar is misi slán
na sé fir deg go hiomlán- Do tairrngeamor se sgeana dég
firinne so is ni breg
do marbamar fear gach fir
do muinntir in rígh i tTeamhair
- Rangamar doirsi in dúin
gasraidh óglach narbh anúr
{MS page 89a}do-chúadhmar ar in ffaiche amach
an dream aigeantach úaibhreach- Do glacamar deg222 cced bó
i tTeamraigh ger mhór in ró
suil rangamar Tailltean na mbrot
rug orainn Cairbre is Cormac- Tionóilit anoir 's an íar
Cairbre is Cormac ar áonrian
ní faca ríamh oireacht
tríath budh tinne tóraidheacht- Gearr do bhádhmar mar soin
go ffacamar sa223 ffaiche ffergloin
fleasgach óg deidgheal donn
éuchtach urrúnta édtrom- Sded úaipreach folúaimhneach faoí
ag an ogláoch go n-iomad ngnaoí
clúasa beaga tar a ceann
meadhón seang aradh ettrom- 'S é tainic cugainn ann soin
Áongus Og an brogha bhionnghloin224
síodhguidhe do Tuathaibh Dé
giolla ar nár luidh iomarbhé- Feidm do gabh Áongus uainn
an lásin re hucht in tslúaigh
an creach d'iomáin gan fheall
nó diongmáil fear nEireann
- Gach mart do cuirthí don creich
do cuireadh Áonghus225 fa druim a eich
gach fear da marpthaoí don tóir
d'fadbadh Aongus a ccedóir- Do cuirsiom sé súaitheantais dheg
anairde 's ní hiomarbhrég
ar mbreith don tóir ar Fhéin Fhinn
ar ndul duinn a ccro comlainn- Se bannlamha deg do sról
nar ghile an chailc a ccedoir
os cinnbheirt Fhinn na fleadhól226
giolla do shíol Eiriomhón- Caorthann fana lán duille
cum a nheas go mórtruime
do bhí os cinnbeirt Osgair
fear churtha na ccrúadhchosgair- Gég don iubhar bharrchas bhláith
suaiteantus Díarmada dreachnáir
ó Duibhne do dhíoladh gach drong
fear suirghe fionnbhan Eirionn- A ccrannóig chinnbheirte Guill
mic Morna maith do fhulaing
do bhí an piobaire 's a piob cain
da seinm aige san iorgail- A ccinnbeirt Fhaoláin mic Finn
bratach sróil go ccrann ndíoghainn
a ccinnbeirt Iollainn go ngail
naoí sleadha úaine on iorghail
- A ccinnbeirt Fhir Lugha a hOil
da ghadhor coimbhinne cheoil
mac Lughach faolán227 do ghail
fíadh 'na chinnbeirt chuirr chumhdaigh- A ccinnbeirt Chairill mic Finn228
crann dearg go nduille ndíoghainn
crann loinge 's a sheól a ccrois
um cinnbeirt fem do-chonncos- A ccinnbeirt Áodh bhig mhic Finn
barr teineadh uirrthe do shaoílim
do cuir eagla ar thóir na ccreach
borb a rúaig don tsluagh dhaoíneach- Ceithre bannlamha fichit fíre
as eadh baoí don tsrol dob aoíbhni
súaitheantus Raíghne mhic Finn
don tsluagh orrdairc aoíbhinn- Da bhannláimh deg do srol dearg
a ccinnbeirt Chaoílte na moirchealg
a ccinnbeirt Colla caoim chóir
da chuirr go níamh an deargóir- {MS page 89b}Fleasg fhileadh don ór cheard
go cceithre ccrannóga d'ór dhearg
os cinnbeirt Fhearguis mic Finn
airdfile Fhían Eiriond- Eire gach áonlaoích acht é féin
do chasnaoí ghléghil shoilléir
a ccinnbeirt Fearrdhamhain na rosg nglan
fear fa hesgaidh a ndeabaidh
- Tugamairne rúaig chalma
leanomar filelorg earrdha
do gabhamar Cormac na ffleadh
do gonamar Coirbre cnisgheal- Nocha dearnamar síth
le Cormac fa mor ar mbrigh
no go raibh fan inbhior thall
a ffíadhnuise fhear nEirionn- Mur do-connairc Fionn na ffleadh
Cormac thall fan innbhear
do-chúaidh féin fan chionn oile
caithmilidh ard Almaine- Mar do-connairc Faolán fíal
an t-ionnbhior ar flaith na fFían
tug in buille meardha mear
gearrais ar dho in t-innbhior- Gearrais an iris ccaoim ccuirr
gearrais in coire cáomhchruind
do cuir in cloidhiom229 cain
ar fead sheacht ttroighthe a ttalmain- Do leig amach rí Eirionn
giolla bréaghdha230 baismhéirsheang
is tugadh a bhreath féin d'Fionn
mo sgéla dhuit a Tháilghinn- Do thógsam ann sin anáirde
ar dhithceann sinn 's ar marbadh
's do cuiriomar ar shleaghaip
ced do ceannaibh cródearga
- Ag sin duit ar sgéla
gidh be bheith aga séna
as cráobh don aoínbilesin inn
a mhic ingine CumhaillIN CUMain