- La da raibh Fionn ag ol
a n-Almhain ar bheagán slóigh
seisior ban & seisior fear
giolla & innilt uchtghlan- Fionn ann & Diarmaid gan on
mac Reithe Oisin is Osgar
Conán máol nar lag ar muir
ann & mna na sé láochsin- An uair do gabh meisge na mná
do-chuadar dha iomrádh
nach raibh ar talmain tric
seisior ban bú comionnraic- Do ráidh Fionn fath gan on
colach ceirdeach é an domhan
cidh maith sibhsi is iomdha bean
nar fheis riam acht re haoínfear- Ni fada do badar mar soin
an úair tainic bean da ffechain
áonbrat uimpe go n-aille
& í 'na háontshnáithe- Fiafraighis mac Cumhaill áin
d'ingin in bhruit órtshnáith
a bhean in bruit go n-aille
gad bheir199 tú gan áontshnáite
- Búaidh an bhruit go n-aille
bean ann gan aontshnaithe
nach bfaghann a diol don bhrot
acht bean aoínfhir gan rólocht- {MS page 87a}Tabhair an brat do mo mhnaoí féin
do ráidh Conán200 máol gan cheill
go bfechmaois don bhreithir mhir
glór na nban ó chíanuibh- Glacais bean Conáin in brat
& gabhuis uimpe go prap
fa geis ar a méin go beacht
mar do leig ris a n-aoínfheacht- Mar do-connairc Conán máol
an brat ag filleadh fana táobh
tógbhais a chraoíseac gan on
& marpais an ingin- Glacais bean Diarmada shaoír
an brat ó mhnaoí Conáin mhaoíl
gerbh isi in tsaoí gan locht
nír folaigh sé a gealocht201- Glacais bean Osgair a ccein
an brat comfada coimréidh
ger ffada in brot sgothach fionn
níor fholaigh sé a himlionn- Glacais bean Oisín amhra
an brat fa cúis labhra
an t-edach nar foghain di
fa nár dhi a chur uimpe
- Glacais Maighean bean Fhinn
an brat fa cúis mhíghrinn
do chrap is do crúaidh mar soin
an brat súas fana clúasaibh- Tabhair in brat do ráidh mac Reithe
dom mhnaoi 's ní cúis cleithe
go ffechmaois an ionann dáil
dhi is dona cédmhnáibh- Nochtais bean mhic Reith in taobh
& gabhais uimpe an brat lancáomh
do-chúaidh in brat sleamhuin slán
dhi go ladhair a láodagán- An pog tugus gan fhios
do mac í Duibhne do Dhíarmaid
do rachadh in brat dam go lár
muna bheith sin 'na haonarán- Racha misi uaibh amach
is fuicfe mé bar tteac a mhná
sgel ní ffuil agaibh oram
dgél agam oruibh atá- Beir do mhallacht imthigh uainn
do ráidh mac Cumaill armrúaidh
d'fagbhais sinn fa mhéla bhróin
na tarr dar ffechain enlóLA DA