- Leacht Guill do chráidh mo croidhe
treinfear Eirionn ióbhruidhe
ionmhuin táobh fon leacht atá
tearc láoch re roiph iomarbaidh- Trenfhear do chloinn Morna mhear190
do ghabh geilleadh in domhain
ó fhearaibh Eirionn aille
go crich oirrdeirc Easpainne- Ger mhaith Trénmor is Fionn
ger mhaith Baoísgne is Cumall
do ghabh Iollann a ngeill uile
idir triath is ródhuine- Naoí náonmair do-cuadhmar amach
do mhaithibh na fFían ffuilteach
fa Fhionn is fa Gharadh ghlan
fa Bhaoísgne is fa Osgar- Do gabhamar d'airde na mbeann
Fionn flaithfheindidh gan Iollann
'gabhail geillidh na mara
ar na tonnoibh táobhghlana- Don taobh thúaith do Thír na tTracht
do-conncomar iomarcadh bárc
íad ag seóladh sa chúan gleannach
fiche céd long Lochlannach
- Fiche céd do thainic ann
Maghnus mór mac rígh Lochlann
do bhí céd ar gach sgairbh sa chabhlach
is nír mheirbh in tréntheaghlach- Tainic Maghnus mór a ttír
go huaman is go hainmín
doloisc ó fhráoch go tuinn
an taobh fa a ttarla dh'Eirinn- Comhrac fhichead céd ar a' traigh
iarraidh Maghnus da dheasláimh
& geallais da laimh chlí
go ttroidfeadh leisan airdrí- Cuiris fios go Fionn Fáil
Magnus mor do theacht 'na dháil
's nach gébadh gan comrac teann
d'fagail ó fhearuibh Eireann- As é comairle tug a shlúagh
d'Fionn mac Cumaill armrúadh
{MS page 86a}an tír d'fhagbháil don fhior
sul do muirfeadh a mhuinntior- Do gabhadar ag imteacht ann sin
's do gabh úamhan na fir
iad ag dáil a mbárc ar tuinn
an tráthsin tainc Iollann- Fiafraighis Iollann tré fheirg
a Fhinn mic Cumaill airmdheirg
créd do rug ort a fhir
far fhágbhais damsa Éire
- Oglach mór ag teacht anall
cugainn as íartar Lochlann
do gabh geilleadh Eirionn uile
lé neart a chloidhim chróbhuidhe- Ga ffuil maithe na Féine
nac[h] dendaoís ris coinheirghe
nach ttiúbraidis comlann teann
do Maghnus mac rígh Lochlann- Ga ffuil Fionn mac Cumaill fhéil
ga ffuil Osgar na191 Oisín
ga ffuil Caoílte claoidhis192 cath
Gal Gaoíthe nó mac Lughach- Ga ffuil Fear Logha na n-eac
ga ffuil Díarmaid deaghbhreatach
ga ffuil Dáire mac Smóil
no Cairill ó Conbhróin- Ga ffuil Chaoilti193 coisgfeadh an rí
Faolán nó Áodh mac Finn
nó clann a' Chearda na séd
do choisgfeadh mor cced a nglinn- Ca ffuil Fear Logha nach ffúair guth
no Lugha mac Cairill aird
nó Fionn mac Dubháin na ccúach
ó Theamhraigh Lúachra na sealg- Ca ffuil do ghairbhteaglachsa 'Fhinn
Fían Locha Léin nó do chlann
da194 mac rí Lochlann na seól
nach ttiubhradaoís dhó gleó arm
- Dar do laimh a Ghuill gréadhnaigh
ar n-áiriom dhuit mo theaglaigh
dob fearr leó dhul fan talam ghlas
nó dhul do troid lé Maghnus- Dar do laim a Ghuill grúama
ní tig duine beó úadha
suil do claoídhfitear úaidh don fhior
cuiridh sé sluagh a ttalmain- Dar do laim a Ghuill go ngráin
ní lamhann duine dhul 'na dháil
treisi a luinne méd a bhuille
truime treme a brathbhuille- Gur thoilidh Maghnus mear
ó taoí 'na mac ardfhlatha
ó nach búailidh duine eile
buille air a n-iorghaile- Airde a sgéithe os clár ochta
guirme geire a loinn corcra
gan coinmeas ris fon gréin grinn
acht tusa féin a Illinn- Tabhair do gheallad[h] 's do gheilleadh
a Fhinn moir & déna
gan gheilleadh Ghuill nó Gharaidh
'chur a luing re mac allmurraigh- Damadh tusa a Iollainn fheil
do-bheradh comrac as ar fFéin
chuirfinn mo braighde id theach
amach a cCruachain Connacht
- O nach bfaghaim isin fFéin
fear da fhreasdal acht mé féin
rachad do troid ar bhar ccionn
le Maghnus mac rígh Lochlann- Tairgeas Fionn do Maghnus mor
comtrom Iollainn don deargór
{MS page 86b}'s a' comrac do shíneadh amach
go maidin arna mhárach- Ann adubairt Goll gréadhnach195
ionmhuin croidhe mear meadhrach
gomadh fearr leis comrac an fir
ina maithius na talman- Comhraicis Iollann ar a' traigh
& Maghnus lamh ar laimh
teid uatha isna nellaibh nimhe
morshlaim theineadh thinntighe- Ar sathadh na sleadh síbhneach
a ccneasuibh na ccuradh ccaithnimhneach
tig do sheamannaibh na sleadh
lasair úaine & folradh- Cuirdis ceatha fola rúaidhe
osna lannoibh sleasúaine
an uair budh dearg in talamh ghlas
tig fearg Iollainn re Maghnus- Tug Iollann in beim deas
os bile sgeithe Maghnuis
trasgaidh an lamh gniomach ghlan
ann sin de gó thalmain196
- Tógbais197 in lamh anairde
ionmuin croidhe go ngairge
beanuis a cheann da bhraghuid bháin
is glacais é 'na dheaslaimh- Gach comhrac tigeadh go fíor
go Teamhraigh rathmhair na ríogh
Iollann fear da ccosg uile
's do chosnamh na hAlmhuine- Do thuit lé laimh échtaigh Ghuill
triar ingean Chonaráin198 chuirr
Íartrach is Camog chas
& Guillionn ogharghlas- Do thuit Íartrach re laimh Ghuill
is Guillionn ogharglas aoíbhinn
mo-núar do thuit rena loinn
is Iolarán mac righ Lochlann- Measa liom Osgar Eamhna
chuireadh mór ccosgor ccalma
na slúaigh in bheatha go beacht
& bid uile fo énleachtLEAcht