- Aithreos caithréim in fir móir
tainic anoir fo dheaghbhúaidh
treinfear do bhí lán da ghail
an Dearg dana mac Droichil- Briatar tug in láoch lán
suil tamic cugainn tar sál
nach gébhadh gan geilleadh ar ais
ó gach treinfear dhá fheabhus- Fa thasg na fFían dob fearr gail
trialluis in Dearg mac Droichil
anoir ó Crich na fFear fFionn
go tír oirirmhín Eirionn- {MS page 84a}Ar ttiacht a ttir don láoch lonn
ar ar himreadh egcomlond
gabhais an Dearg deidgeal cúan
a mBeinn Edair na mórsluagh- Do bhi días nar cumang dáil
ag coiméd in chúain chobhairbháin
Raíghne na ród mac Finn
's a' Cáol crodha mac Criomthuinn- Nior choimhéid síadsan an cúan
do thuitsiod 'na ttoircim súain
tainic bárc in fhir mhóir
ar in tracht fa a cceartcomair
- Leimis an Dearg fa maith dreach
i ttír le crannuib a craoíseach
tug a bhárc arna snoidhe
ar in tracht gheal ghainmhidhe- Folt fionnbhuidhe mar ór cheard
os cionn amhalchach ngruadhndearg
dhá dheirc175 ghorma go ngloine
os gealghnúis an mhílidhe- Lann nimhe le leadradh corp
ag in láoch d'eagla chomhraic
mionn cumdaigh clochorrdha corr
mun mbiodbaidh sochma súlghorm- Da shleidh crannríghne chatha
a laimh mhic an ardfhlatha
sgíath órdhuidhe re gualainn chlí
ag mac uasal an airdri- Geall gaisgidh in domain thoir
do chosain in Dearg mac Droichil
ar mhéd ar neart ar dheilbh ghloin
ar conlann cheart ar chédoibh- Eirigheas Raíghne na róda
's a' Cáol cédgoineac cródha
gabhaid a n-airm ina láimh176
& reathaid 'na comdháil- Innis sgéla dhuinn a fhir mhoir
oruinn tainic coiméd in chúain
dha mac righ go sárbhúaidh sinn
d'Fíanuibh lánuaisle Eirinn
- Asan ccrich o ttanac anois
nirb iomdha neach um ainbfius
misi in Dearg mac rígh na fFionn
ag iarraidh airdrioghdacht Eirionn- Do chan Raíghne an aignidh mhir
go dian risin Dearg mac Droichil
ní ghébha tusa a laoích láin
urruim no geilleadh ffear fFáil- Acht ge borb sibhsi a dhías láoch
canus formad & fioch
cía do bhacfadh diom a gabháil
a glacadh no a hiongabháil177- Da n-áirmhinn duitsi gach fear
a Dheirg móir mhic an ardflath
iomdha láoch aderadh ann
go ngébhadh ré do chomhlann- Cait a ffuil einneach dhiobh sin
do ráidh178 an Dearg mac Droichil
gó179 ffechmaois ré chéile
ar ffíoch is ar n-aimhréidhe- Do briathra ge borb linn
bar Cáol crodha mac Criomhthuinn
ag sud misi dot chlaoí anois
a laoíchúd tainic thairis- Go Cáol crodha fa dearg dreach
freagrais in Dearg dásachtach
go ffearg mhoir is go ffíoch
mairg ar ar bhúail in trenláoch
- Do-rinne an Dearg comlann crúaidh
's a' Caol crodha go moruaill
dobh180 i sin in torann chleas teann
ag sgoilteadh sgíeth is chathbharr- Dob í iomthus na deisi
san irgail nár thairise
ceangluis an Dearg rodglan rod
an Caol crodha sa comrac- {MS page 84b}Glúaisis Raíghne na ród nár thim
d'éis in Chaoíl crodha creapall
mac righ na Féine gan tár
cum in tréinfhir 'na comdhál- Dob iomdha cleasa gala
san imreasain eattorra
gur ceangail ger cródha an céim
Raíghne na ród go lúathbheim- Ge maith an gniomh 's na gala
duit sinn ar áon do cheangol
sgaoíl ar ccreapall a laoích luinn
is beir leat sinne id timcioll- Sgaoílius an Dearg na ccleas bfráoch
cuibhreach na deisi deaghláoch
naiscis a bríathor ar gach fear
nach ttiupraidis airm 'na aghoidh- Tig cugainn go Teamroigh
go Cormac181 an mhóirtheaghlaich
mac Droichil na ngéirreann nbúadh
go tríath Teamhra na ccáomslúagh
- Eirghid láochraidh Teamhra
fir mora dhíochra dhealbha
dob iomda fear dronnbrait sróil
timcheall Cormaic a ccédóir- Do ráidh triath Teamra gan on
suidhidh a chlíar calma churadh
ní húamhan daoíbh meirghe in fhir
na togbaidh airm 'na aghaidh- Suidhis trenfheara Fáil
d'eis a chéile 'na comdháil
tigidh chuctha go dána
an fear forasda fíormhálla- Ar tteacht ar in ffaichthe dhó
do mac Droichil ná morghleó
don óg inneallta chuimsi
leigtear in ród ríghshoillsi- Beannaighis an Dearg do glór bhinn
do tríath Teamra go haoíbhinn
freagrais an flaith gon dogra182
caithmilidh na trénfhóghla- Ar suidhe do mac rígh na fFionn
fiafraighis dhe airdrigh Eireann
beacht do thurais go Teamhraigh
innis a laoích moirmheanmnaigh- Beacht mo183 thuraisi duit
a mic Airt curata 'Cormaic
geilleadh Eirionn dob áil liom
no frais bheimionn 'na timcioll
- Geilleadh Eirionn tar muir
ge minic do sirdís tréinfhir
ní fríth is fuighthear184 go brách
a tabhach ré háonóglách- O nach bfaghuimsi a Chormaic
flaitheas úaidsi gan comhrac
togh conhrac céd curadh
úaid a mhic airdgrinn chubhaidh- Cuiris Cormac céd calma
do chlaoí an oigfhir allmurrdha
do thógsan ré feirg nár lag
meirge 'na ccoinne a ccomrac- Dob é iomthus mhic righ na fFionn
thuit an cédsin 'na comlann
is da chéd oile fa gniom dhó
do chlaoí an Deirg a n-enló- Mur do-chonnraic airdri Teamhra
an Dearg ag denam airligh
seólais teachta úadh go lúath
co mac Cuhmaill na morsluagh- Tig chugainn arna mhárach
mac Cumaill go mordhálach
trí mhile gaisgeadhach glan
nar thim easbhadhach sgainnear- Failm oir fa chionn gach fir
do mhuinntir Finn a hAlmuin
sgíeth fite go n-amladh n-óir
go n-earradh síthe sáorsróil
- {MS page 85a}Ar tteacht ann isin ffaichthe
don tsluagh churadh chóirighthe
togbhais an Dearg fa maith tlacht
pupall órdha ioldhathach- Ar ndul do mac rígh na fFionn
uainn asteach 'na pupall
tógbhais tri mhíle cleas lúith
fa maith in t-ádhbhar iomthnúith- Fearais Cormac gan time
fáilte re Fionn Almhuine
fúair slúagh mic Muirne na ccreach
póg is cuirm a tigh Theamhrach- Do-chuaidh mac Cumhaill fhéil
cum in pupaill don c[h]édreim
& beannaighis don Dearg
don láoch anaithnidh iomard- Mur do bheannuidh in flait gan tár
freagrais an Dearg dreachnár
iarrais conmha go lúath lonn
ar mac Cumhaill nó comlann- Ge maith do neartsa a fhir
do ráidh flaithfheindidh Almhan
ní thairbheórsa braighde dhuit
a Dheirg ar eagla comhruic- Mas chugainn do triallaigh sibh
a laochradh leidmeach Laighean
ar chomhlann céd umhal sinn
uaid a mhic Cumhaill airmgrinn
- Do chuir mo rí céd ann sin
dochum in Deirg dá mhuinntir
um Dhorn um Dhonn mac in Sgáil
& um Cnonn mac Conam- Do thuit Conán mac in Léith
leis & in Dorn nár threith
do chlaoí réna laim gan locht
trí c[h]éd feargach faobarnocht- Mur do-connairc mo rí ann sin
ar chlaoí in Dearg da mhuinntir
do brosdaigh a chip catha
do chosg mic an ardfhlatha- Eirghis Fáolan go ffeirg mhóir
gabhais a mheirg sáorsnáth sróil
do-chúaidh do chosg in laoích láin
mairg do brosdaidh 'na chomhdháil- Ann sin teasgaid a lanna
ar a ccneasuibh cruithgheala
's do redhbattar185 a n-airm áigh
ar a chéile sa teagmháil- Glacaid compair a chéile
d'eis na hurlaidhe aigmhéile
nó gur ceangladh leisin Dearg
Faolán crodha na ccrúadhcheard- A mhic Morna nach meata
a mhír crodha na crodhachta
coisg dhinn conhrac an fir mhóir
a cheann gaisgidh na morshlógh
- Leat féin do thus dála
trían comhadh trían edála
deich cced uinge d'ór fá tri
uaimsi dhuit ar in t-airdrí- Ge do fogradh rét fine186
clanna Morna mongbhuidhe
do-bhéur féin mo chongnam leat
a rí na Féine dot fhurtacht- Do-chúaidh Goll nár fulaing tár
'na chulaidh eididh iomlán
do thóg re dasacht nár thim
na hairm shénta cum comhlainn- Tucc in Dearg do chlaoídhe Guill
na hairm nimhe187 do bhí a ccoigill
is tig go diomsach dána
go fíochmar a n-am theagmhala- Ann sin cuimhnighid a bfearga
na fir bhorba soidhealbhdha
{MS page 85b}ag snoighe chlogad is cheann
do bhí mac Droichil is Iollann- Fechaid digheann a ccleas
ar a chéile sa mortreas
tochtaid fir Eirionn uile
ré clos bheimionn na hiorghaile- Ona ccomrac re tri lá
fa tuirrsioch mic & mná
nó gur torchradh in188 Dearg ann
ré mac Morna na mbeimionn
- Da leigthí súan nó codhladh
do láoch na ndearg ngruadhchorcra189
treisi Eirionn do-gebhthaoí leis
bhíadh a mbraighde 'na loingeas- Othar blíadhna luidhe Guill
ó chomhrac in laoích luinn
i ttigh rígh Teamhra go bfios
baoí mac Morna dha leighios- Do fúair Goll ar gealladh dhó
ó mhac Cumhaill is ní gó
ba buidheach an flaith go mbuaidh
ó comrac Iollainn armrúaidh- Do-rinne an Dearg dithchioll borb
fa dhíth inne óna mórcholg
thuit trí chéd uainne 'na troid
is sé chéd do mhuinntir Cormaic- As me Fcargus file Finn
do gnaithfeindibh mhic Cumhaill
ó thoisg na ffearsin ar ttós
trían a ngaisgidh ní aithreósA