- Lá do bhí sealg Shléibhe Guilleann
da hinnioll ré mac Cumhaill
go fhacamar146 oglaoch gábhaidh
cugainn os na firmáintibh- Brot cíordhubh fa dorcha dath
is comartha ardfhlath
fa dorcha dealb147 in fir mhóir
do bhí chugainn ar anbhóin- Enshuil ar mire gan ghean
a cceann an fir fa maith dénam
mar dorn gach curaidh sa fFéin
'na sróin churata aigmhéil- Da craoisigh catha 'na láimh
is cloidheamh leathan go morghráin
is lorg don iarrann nár thim
ag an ogláoch re a ghúalainn- Mur connairc maithe na fFían
cuca in t-arracht nar maith sgíamh
glacaidh gach fear a dhá sleidh
a sgíath 's a cholg 'na aghaidh- Togbais Fionn in colg nimhe
ga mbíodh buaidh gach iorgaile148
is teachaid an Fhían ann sin
tiomcill mic Cumaill armghloin
- Adubhairt Fionn re neart a sloigh
is re mathoibh clann Trénmóir
is re cloinn Morna go ngoil
dhul a n-aghoidh in treinfhir149- Adupairt Conán mac Mórna
fear mallachtach miolábhra
as romhór h'eaglusa 'Fhinn
roime an ogláochso chugainn- Níor gabh eagla misi ríamh
a Chonáin mhaoíl nach maith sgíamh
do bheanfainn do cheann diot anois
muna bfechainn dot ainbfios- Commaith mo chinnsi a fhir
nir marbadh re do mhuinnteir
's nir chosain tu gnaoí duit fein
timcioll Aile no aoinsgéil- Mur do-chúalaidh flaith na fFían
Conán da fhreagra go dían
nochtais a chloidheam nar thim
a n-am catha no comhlainn- Nochtais Conán a lann
a cceartaghoidh mhic mhic Cumaill
tug sitheadh diochra dána
a ccoinne an righ dingmhála- Adubairt Conán go ngruaim
lé mac Múirne na mo[r]shlúagh
do-bherainn comhairle duit a fhir
gan anmhuin ré mo dheabaidh
- Mur do-chúalaidh Fionn ágha
Conán da sircháineadh
glacais a dhá shleidh go ngail
is gabhais íad 'na fhochair- Adubairt Conán go tréith
ag iompódh irsigh a sgéith
gapuim red150 choimridhe a Fhinn
is do-bheirim an urruim- Do thug Fionn nar ér neach
an comairce dhó ar eineach
adubairt re Conán ann sin
imtheacht ameasg a mhuinntir- Sgela an oglaoígh ó chíanuibh
inneosad dhuit a chleirigh
tainic sé chugainn ann sin
d'iarraidh catha ar ar muinntir- Do fiafraigh misi sgéla dhe
do fhiafraigh Caoílte is Mac Reithe
ga críocha cinél duit a fhir
nó ca tír a ffuil t'athoir- Dubh mac Díorfaidh as ainm damh
is Mac Suirnn mo sloinneadh
as í mo thoisg om thigh
gabháil gheillidh gach náonmhuir- Baogal a Dhuibh mic Diorfaidh
dhuit an eachtrasin d'innsin
go ttiucfa at áonar ann
'gabháil geillidh ffear nEireann
- Da mbeith sloigh dhomhain uile
ar mh'ineac 's ar mh'impidhe
ni thiúbhrainn liom dhíbh tar sál
do shluagh acht mé um aonarán- Do freagradh súd go lúath
le hOsgar do-bheireadh gach búadh
ga líon fhognus duit a fhir
'dhul do comrac at aghoidh- Ge do fhíafroidh tu sin diom
as romor h'eagla is th'imsníomh
as e líon toghaim as gach tír
do thocht a n-aghoidh mo móirgnimh- Deich ccéd curaidh go ngail
dha shleidh a ndorn gach aoín fhir
deich ccéd cloidhiom is fearr fáob ur
deich cced sgíeth da n-imdhidan- Do fhíafraigh Conán do guth mhór
go hiomard ameasg na slógh
cía hagoibh don Fhein fhearrda
theid ar son a thigearna- {MS page 79b}Do labhair Osgar Eamhna
macámh na fFían ffíorchalma
rachad fein ar son m'athar
ar mo son fein 's mo seanathor- Cóír do théid tusa ann sin
do ráidh Caoílte fa maith rith
an t-athair ata agad a fhir
nocho cathach é a n-iorghail
- Do eisdiodar Fíana Finn
ar a' tulaigh ós ar cciond
do shaoílsead nach roibhe sa fFéin
aoínneach ó a ffuighinn toibheim- Cred do-rinne Oisín rit
a fhir labhrus go haimghlic
créd do-bheir tu da cháineadh
da aithis no da imdeargadh- Ni dhuitsi do-bherainn sgéla
a Osgair aird in fheadhma
ni mó is d'Oisín na nglonn
bhías 'na seanóir a cCroimlinn- Robhorb an ní do labhra
a mhic cholamhnaigh Theamhra
tuitfe tú liomsa a fhir
a n-eruic do dhul fam athair- Do-beirim do shlansa fuim
a Osgair gé maith do clu
& slan choinne th'athor
a mhic Oisín ardfhlatha- Iarruim ar Osgar na ngniom ngle
leigion eadrom is Caoílti
ionnus go ndioghlainn an sár
do fuarus ó mac Ronán- Leigiom eadrad & sé
do ráidh Osgar fa maith gné
& tapair fé do ghleó
ar mac Ronáin iomorro
- Fiafraighimsi go hard ard
do mac Cronnchair go fíorgharg
créd tug é dom cháineadh
dom aithis dom imdeargadh- As í freagra fúair misi
ó Chaoílti aigeantach chlisde
go mbeinnsi ar deireadh cháich
ag iarraidh na ndeachamhán- Adubairt fear millte na fFían
Conán máol coinntinneach cían
na tugadh sé urraim dhuit
's nár mó bhías sé agad- Maith do dhlighfea sin a fhir
do chongnam beith am aghoidh
do bris me an corn ar do chionn
a mBruighin Chéise Corainn- Maith do dioghlomairne sin
a maidin catha Cnocha151
do marbhamar Cumhall go mbúaidh
is da ttrían a tromshlúaigh- Ni chuimhneochum fala anois
dhuit a Conáin cheannsholais
fearr linn do beith os cionn chláir
ag búaladh dorn is famér- Maith aithnidhimsi in t-adhbar
do-bheir ort gan teacht fam ghábadh
ar cheasta fhaophar mo loinn
is ar eagla mo comlainn
- Leigiom diom tagra Conáin
ní raipe spéis liom 'na teagmáil
mar nar chuireas brígh 'na láimh
'na atais no 'na mhorrdhail- {MS page 80a}Do-rinneas rioth tre lár an tsluaigh
dar chuireas Chaoílti152 ar anbhúain
do-chúaidh uaim ar luas a chos
go rainic sé go Durlus- Tiompoim ó Dhurlus tar ais
do aimdheóin Caoilti coimdheas
ger maith rioth mic Ronáin teinn
go huaim mhoir Sleibhi Guilleand153- Ni dhearnus comnaidhe coidhche
no go rugas ar Chaoílte
go ttuccus creapailti rem154 loinn
Caoilte ameasg Fhían Eireann- Adubairt mac Cumhaill mheadhraigh
ar ffaicsin Caoilti chedaigh
liomsa dhul fana bhreith fein
's go ndenadh mo dheaghréir- Adubhrusa nach denainn síth
le Fionn fa maith fos is brigh
's nach ttiubhrainnsi mo lamh na laimh
no go millinn mac Ronáin- As í síth do ceangail Fionn
do ceangail Osgar is Cairioll
da c[h]éd cúach ó Chaoílti damh
da c[h]éd corn da c[h]éd cloidhiom
- Gach a ndubairt Fionn ágha
& a oiread eile gan cairde
fuarus a n-aoinfeacht um laim
suil do sgaoílius do mac Ronáin- Do tug nisi briatar dhó
do tug Osgar nar chan gó
nach ttiubhramaois achmusán go mbroid
do Chaoílti ar son a ndubairt- Do-rinniomar síth sulchair
nisi is Caoílti mac Cronnchair
tugamar frais póg ann sin
ar slios srón & aighthe- A dubairt an Dubh mac Diorfaidh
goth is aibhseach re n-innsin
tigidh do troimdeabaidh riom
a ardmaithe Fhían Eirionn- Tugaidh comrac talchar trén
damhsa go mbuailinn béim
nó tugaidh bráighde go ngoil
ó gach taoiseach naoí náonmhair- Adubhairt Osgar fa maith gniom
re Cairioll mac in airdriogh
teachmaoídne do comrac ris
& millmíd a ainbfios- Prap adubairt flaith na fFían
le mo mac maith is liom féin
ar mhaitheas an domain dil
nach rachmaois ris do dheabaidh
- Adubairt Osgar nár thim
glór nár bfosaidh ré mac Cumhaill
do mhill do comairle an Fían
a mhic Cumhaill na mórclíar- Adubairt Osgar glór eile
nár chóir re Fionn Almhuine155
as urusa braighde gill
do gabháil ar Fhíenaibh Eirinn- Ann sin adupairt Fáolan cain
ag eirghe ar son a athar
{MS page 80b}roborb a Osgair Eamhna
labhras tú re tigearna156- Adubhairt Fionn go feargach
le hOsgar grinn157 mearmeanmnach
muna ndearna dioghaltus ort a fhir
ní bhíad fem um beathaid[h]- Mun beith an Dubh mac Diorfaidh
ag iarraidh catha ar mo muinntir
do digheoluinn ort a fhir
a nden tu d'imreasain am aghaidh- Amlaidh sin do-nimsi riot
a mic Cumhaill na n-arm nglic
do sheacht ccatha is tú féin
do bheith uile dom míréir- Ge teann do labhrus tú a fhir
liom féin is lé mó mhuinntir
bíaidh t'athair ag iomchor chlog
& leabhur na sagart
- Fearr liom m'athair is me féin
do beith ar deireadh na fFían
nó bheith ag ithe smaoíse mo lamh
mar bhios tusa go hamhnár- Le fios do gabhus tú neart
& re feabhus t'inntleacht
& re cognam do mhér
ag iarraidh fheasa gach aoínsgél- Do sguir Fionn da tagra
do sgar158 rena troimeagla
do gheall go ttiubhradh ór glan
dhó & airgead fionngheal- Fiche dabhach d'ór bhuidhe
is oiread eile d'fiondruine
ceithre fichid cuilén con
do tug mac Cunaill d'Osgar- Do-rinne misi is Osgar síth
le Fionn fa maith fos is brigh
tugamar ar lamh 'na laimh
fa cur leis ann gach áondháil- Do labhair in t-arracht 's a' fúath
do chuir eagla ar gach morsluagh
gur mhithe leis comhrac teann
d'faghail ó Fhianaibh Eirionn.- Do bhrosdaigh mac Cumaill ann soin
ar Osgar dhul san iomghuin
do brosdaigh ar Cairill chédach
's ar Gholl chalma chaithréimeach
- Do freagradh sin go lúath
le hOsgar do bheireadh gach búadh
do glac meirge sróil na mban ffionn
boí ré hagaidh ghleó na ngerlann- Do glac a cloidhiom liomtha
's a dha mhanaoís iorghala
do glac a sgéith druimneach breac
dob fearr seóladh is inntleacht- Do cheangail in tréinfear da chorp
earradh catha tré crúaidhneart
mar sin do-chúaidh Osgar áigh
do chosg an athaigh go mórgráin- Gidh be chífeadh mo mac
's a dhá mhanaís 'na ghealglaic
mairg neach do theigeomadh ris
d'iarraidh teacht faoí nó thairis- {MS page 81a}A ttainic roimhe is 'na dhíaigh
a n-Eirinn thoir & tíar
do muirfead Osgar re a loinn
da ffagadh comtrom comloinn- D'ionnsoidhe comraic in fhir
do-cuaidh Cairioll is Osgor
is Mac Lughach fa maith dreach
& Fiachra mac Eathach- Do-chúaidh Áodh beag mac Finn
& Faolán na ngerlann
& Diarmaid donn dána
da ced curadh comdhala
- Do-chúaidh Goll nar lag lámh
do-chúaidh Caoilti & Conán
do-chúaidh Garaidh mor na nglonn
& Osgor mac Croimchinn- Do-chúaidh Líath Lúacra fa borb treas
fear lonn longportach coimdheas
& Fionn bán mac Breasail
lamh nár tréith a n-imreasain- Do-chúaidh dha mac Osgair go mbladh
nár teip cosgar na congnamh
trí Finn tri hÁodháin on leirg
tri Faolain Leitreach Loinndeirg- Do-chúaidh clann in Líath Lúacra
com an óglaoigh ger uathmhar
is clann Chaoílte fa borb sdair
is Gal Gaoithe a mbráthair- An mhéid do-cuadarsan uile
do denamh na hiorghaile
fa mó a n-eagla roim an fhear
nó a eagla as é 'na enar- Do sheóladar aghoidh a n-arm
ar an arracht nár maith dealbh
do chaithsead a sleadha go nimh
leis an aitheach trén láidir- Tug seision bualadh teand
d'Osgar & do Cairill
do trasgair a n-aoínfeacht re a laim
Caoílte is Garaidh is Conán
- Tug se sitheadh dían dána
d'aimdeoin na fFían ffíorcalma
do marp sé ger maith a lámh
Gal Gaoíthe mac mic Ronáin- Do mharp sé Crimtann mac Guill
's da c[h]éd trenfear da fhoirinn
do mharbh sé deich ccéd ann sin
ag a mbiodh fían is muinntir- Fiche taoiseach fa maith neart
do marbh sé d'Fíanaibh Connacht
do tuc ár budh mó ina soin
ar Fhéin Alban is Bhreatain- Do marbh sé Roighne mac Finn
sgél is doilge da n-innsim
& mac oile dhamhsa
nir ffearr láoch a chomháosa- A n-fegmais mo mhicsi is mic Finn
Gal Gaoithe is Criomtainn meic Guill
Baoithín mic Croimcinn nar lag
is chloinne Caoílte mo charad- Dob é ar n-easbad[h] ón fhear mhór
tainic chugainn ón Easróimh
fiche céd sgíeth nár lag
tuit leis in Duph sa ccomhrac- Mur do-connairc mo macsa fein
urlaidhe an oglaoigh aigmhéil
do-chúaidh 'na aghaidh reim teann
da iarraidh cuige a ccomlann
- {MS page 81b}Do dhruid in t-ogláoch nár ob troid
'na choinne d'iarraidh comhraic
nír fechadh a ngaisgeadh no 'ngail
láoch darbh anta rena iorghail- Cioth fola cioth cailce crúaidh
baoí da ccorpaibh a n-enúair
& cioth teineadh go nim
do bhí d'armoibh na mhíleadh159- Do bhí fós cuideachta oile
os a cceann san iorghaile
cioth brainén timcioll a n-arm
ag in cuideachta uathmair160 aghghairbh- Ni tiúbhartar 's ní tugadh ríamh
comrac mar sin thoir no thíar
baoí idir Osgar na nglonn
& a' Dubh sa comlann- Tug Osccor lúathbheim borb
don arracht réna mórcholg
dar sgoilt sé a sgíeth go lár
& smior smeannta a mhuinéil- Tug in t-ogláoch buille oile
d'Osgar na n-arm ttinntidhe
dar sgoilt a mheirge 's a sgíeth
tainic ó criochuibh na hAisía- Tug Osgar buille nár thláith
don arracht réna dheaslaimh
da ndearna da leith dhá chneas
dhi nír fedadh a leighius
- Marbhtar an fear treasborb teann
le hOsgar nar ob comlann
an fearsin gér161 mhór a gráin
do mharp Osgar ré a dheaghláimh- Leigthear tri garrtha catha
a tteaglach an ardfhlatha
ar son thuitim an fhir mhóir
do chuir Fíena Finn ar anbhúain- Tógtar in t-oglaoch linn
go huanm mhór Shléibhe Guillinn
tugamar urchar asteach
isin nbrogh mhór don aitheach- On c[h[éd lá do-ríghneadh sealg
linn a n-Eirinn go hiomard
as é in fear mórsin dna162
is mó do chuir dar morcáthaibh- Sgela Osgair 'na deaghaidh dhuit
do brigh chosgair in chomhruic
bádar leagha Eireann faris
ré feadh bliadhna da leighius- Fa hiomdha sgíeth 'na dha cuid
ar Sliabh Guilleann on mórtroid
& corp míleadh gan brigh
ó mac Díorfaidh na móirgnimh- Do rachadh ar fflaithius uile
risin aitheach n-aingidhe
ar mbraighde & ar n-ór glan
do-bheradh uainn mun beith Osgar
- Baoí Osgar ba cuimhneach linn
ón lásin Shleibhe Guilleann
tri ráithe 'na luidhe abhus
ó nimh a chrecht da leighius- Ní hiongnad tuirrsi do beith orm
a chleirigh na leabhor ngorm
ní mhair Osgor na Fionn
ná Fían Osruidhe um timchioll- Gé ataim a ndeireadh mo neirt
a Patraic is mé a n-aimhriocht
dhamh do berrthi163 ceannus chloinne Finn
an úair do suidhmís a cCruimlinn- Damh do-berthí164 tosach suidhe
a ndeaghaidh Fhinn Almhuine
Goll is Osgar da éis sin
fa gáir cosgair dár fFíenaibh- Caoilti is Diarmaid ó Duibhne
dream nár sgaoílteach ó bhuídhnibh
is Osgar mac Garaidh nár thláith
choisgead gach cosgar ionráith- Garaidh is Mac Lughach lonn
Faolán is Cairill ceithirbheann
do andaoís ar m'fhocal uile
fa hiad sgáth gach iorghuile- Deich mic fhichead comluinn céd
do bhi is ní himarbhreg
ag m'athairsi a chleirigh cháidh
an úair do suidhmís d'énlaimh
- Ní biodh mac againn gan ceól
an úair theighmís d'athól
's gan da c[h]éd curadh ag gach mac
is tri cháoga do bhanntracht- Deich cced fichead teaghlach Fhinn
d'airdfhéin criocha Lochlann
a n-fegmais gach mic dhíobh sin
boí ag mac Cumaill do muinntir- Deich fichit & deich cced
do thaoíseachuibh is ní breg
a n-fegmais mic ríogh go ngoil
do biodh againn fán sgainnir- Gan taoíseach da n-aireum féin
nach biodh náonmar do gnáithfhéin
gan mnaoí is giolla is da choin
innilt is cupla gadar- Gacha seachtmadh bliadhuin binn
do ceiltí fíadhach mic Cumaill
nach ffagmais uiread in mhíl
ré bliadhuin uile d'éntaoíbh- Do chongmadh mac Ronáin co rath
mac Cumhaill guna ardcath
proinn c[h]éd ó Chaoílte go ngail
gach n-oídhche a laimh gach einfhir- Fa búan ar freasdol do mhiodh
fa mor ar meisge ó chornaibh
fa maith ar n-oirfideadh bhinn
a n-onóir Fhinn mic Cumhaill
- Fa maith ar ndúanta molta
's ar leapthacha donncorcra
maith ríar gach fileadh 's gach dámh
re blíadhain ó mac Ronán- Ni roibhe enrí sa fFéin
no taoíseach calma coimhthrein
nach bíodh file fana laimh
ar gheall Chaoílte mhic Ronain- Blíadhain dhuinne mar sin
fare Caoilte 'na bruighin165
gan tacha cuirme no ceóil
gan dith muirne nó comhóil- As í bruighean a mbeithmís féin
faré Caoilte fa maith sgéimh
a cCarraic Chinn Choire mic Cais
ris a raitior Carrúic Fearguis- Créd fa ttugadh Cinn Choire
os diot is cóir a fiosraighe
ar dhúnadh Fhearguis mic Róich166
sloinntear leat duinn a seanóir- As in fFraingc cían ó shoin
Cinn Choire is é is cumhain
{MS page 82b} as uaithe tainic anall
do gabháil gheillidh ffear nEireann- Cuiris teachta úadha ann soin
go mac Cumaill a hAlmhuin
d'iarraidh ghéille ar Finn
& sgur do sheilg Éirinn
- Do-bheirim bríathor anois
do ráidh Conán máol an ainfhis
muna beitheá167 a ffíadhnuise Fhinn
go mbeith do cheann gan cholainn- Do-bheirimsi briatar oile
do ráidh óglaoch Chinn Choire
da léigthi eadrom is tú a fhir
go rachainn riot do dheabaidh- Ni ffuighe comrac ann sunn
a oglaoigh ar mac Cumhaill
na bíodh ceastan ort a fhir
as tú ameasg mo mhuinntire- Beir leat uaim go Cinn Choire
go ffuighe sé iorghuile
's nach bfaghtar sealg Eireann uainn
mura168 marbhtar sinn a n-énuair- Gluaisis an t-ogláoch nár dheas
uainn co Cinn Choire mic Cais
innsios don fhear tainic tar tuinn
an freagra fúair169 ó mac Cumaill- Luidhim fom armoibh curadh
do ráidh Cinn Choire go humhal
go bfuighinn urraim ffear Fáil
da mbeittis uile d'enláimh- Togbhais Cinn Choire air ann soin
naoí fichit céd do chéduibh
gluaismíd chuige go teann
ceithre catha cum comhluinn
- Teagmaoíd da chéile sinn féin
's a' t-ogláoch úathmar aigmhéil
ag sáorcarruic na long mbreac
mar a ttógthaoí sdair na longport- Tugamar tuireann grangca
sinne is óglaoigh na Fraingce
=vdar tuit an Fían bonn re bonn
re Cinn Choire sa ccomlann- Ge do marbadh ar slúaigh ionn
re Cinn Choire na mbeimionn
nír ffearr do mhuinntir in fir
do thuitsiod linn sa deabaidh- Tug a aghaidh ar Osgar amhra
mor in t-adhbar doimheanma
Cinn Choire mic Cais mic Cinn
mairg lér chaith a comhlann- Marbhtar Cinn Choire mic Cais
sgél is mó tainic thairis
ré mo macsa tuit gan fheall
fear do gabh neart nic Cumaill- Da mbeith sgribhionn & peann
agam dhuit a mhic legheinn
ní áireomhainn leat no trían
ar marbh Osgar a ccath ríamh- Trúagh a Mhuire mar taimse féin
a n-Ard Soileach na moirsgél
gan gaisgeadh curadh gan creach
ameasg choradh chleireach
- Ar grádh h'einigh a Oisín fhéil
innis duinn ní dot caithréim
ó ataí170 a ndeireadh do neirt
innis duinn treas dot imteacht- {MS page 83a}Lá da rabhamar ag ól
Fían Eirionn líon ar ttionól
go ttarla imreasain ann
eadrom féin is mac Cumaill- Cred tarla eadroip ann soin
a Oisín in crotha glain
no créd fa ndearnuis troid
let athoir171 a Oisín oirrdeirc- As é adbar far eiridh m'fearg
le mac Cumaill na ccuach ndearg
d'iarroidh leat thaoíseach na fFíen
a sgíeth 's a craoíseach ar aonríen- As í freagra fúarus ó Fhionn
an úair chanus in t-uraigioll
nach ffuighionn ceannus óna chloinn
da mbeith sé féin gan marrthainn- Adubhairt liomsa glór eile
Fionn mac Cumhaill Almhuine
nach ffuighinn féin nó mo mac
acht cuid d'Fíenaibh Connacht- Do tug meisi briatar dhó
do tug Osgar nar chan gó
nach beinnsi reidh & Fionn
go ffaghainn gach ní do shirfinn
- Rominic iarrus tú a fhir
geill is troid ar mo mhuinntir
's go ffuil da fear d[h]ég dom chloinn
do-dhenadh fa leith riot comlann- Ni fada go fechfadsa féin
do ráidh Osgar fa mor caithréim
cía is treise m'athair nó sibh
mas é atáthaoise dh'íarraidh- Do eiridh Osgar Eamhna
le tarcuisne a thighearna
a ffúair 'na seasamh sa dún
do trasgair íad a n-énchúil- Gach neach172 da ffúair 'na suidhe
a mbruighin Fhinn Almhuine
do chuir 'na sheasamh go teann
gion gur cead le mac Cumhaill- Do eirigh Cairioll gan on173
d'iarraidh urrama ar Osccor
do gheall a ffiadhnuis cháicch
misi is Osgar do diongmháil- Tugsat aghaidh gidh réim theann
ar a chéile com comhlainn
sa torainn fa borb a ttreas
Osgar is Cairill coimhdheas- Adubairt mac Muirne go mbúaidh
re mac Morna go moruaill
dealaidhe re chéile go lúath
Cairill is Osgar armrúadh
- Ar a ffuil do mhaithius ad dhún
a mic Cumaill fa maith rún
nocha rachainn leó dom ghoin
nó go sguirid da ndeabaidh- Eirgeann ó Baoísgne borb
is mac Morna na mórcholg
'chosg na troda ar a raibh nimh
tarla ag Cairill 's ag Osgor- Dob í easbaidh Finn ann sin
suil do coisgeadh a mhuinntir
da c[h]éd fear flaithis gan on
ó laimh aithisaigh Osgair- Sul do coisgeadh fearg Osgair
nó Chairill ón crúadhchosgar
dob iomdha ann laoích ghonta
& crechta crúadhchorcra- {MS page 83b}Gé rinneadh súd uile linn
le hOsgar is re Cairill
lúaithe d'furail Fionn na ffleadh
sith orainn nó d'iarramar- Do tairgeadh gach dara sealg
gach dara lann faobardearg
gach dara cú da chonaibh
da cholgaibh da craoíseachuibh- Gach dara leath da gach cath
gach dara sleadh ón righflaith
gach dara comrac ó Fhionn
gach dara dúain a cCroimlionn
- Gach dara cuid d'ól fleadh
gach dara ceól d'oirfideadh
gach dara corn ar a lár
gach dara cúach is copán- Tugadh tanuisdeacht damh féin
an uairsin ó fhlaith na fFían
tanuisteacht a n-óir 's a ccon
sul rainic in t-ór Osgar- Ionarbh i sin do chuidsi don Fhéin
a Oisin go righe réidh
an 't aghoidh do bhádar no leat
na ceithre morchatha a n-aoínfheacht- Do-bheirim do lamsa inois
a Patraic ó taoí 'teacht thairis
nach rabhasa nó mó mac féin
gan ceithre catha do gnaithFéin- Iarrsa ar Airdrigh na ndúl
a Oisín airmgeir úir
a ttug tú 'chathaibh ann soin
iarr a mhaitheamh dot anmuin- Maithsi & Rí nimhe
damsa a ndearnus d'iorghaile
tabhair neamh mas rogha libh
damsa ar son do Thigearna- Dena ineach gan dith dhuit féin
berus furtacht dar ngnaithFhéin174
iarr neamh d'Osgar & d'Fionn
ar Mac ingine Anna is Iaichim
- Iarr neamh do mac Morna mhear
iarr do Chaoílti iarr do Gharadh
iarr neamh do Mac Lughach lonn
& d'Osgor mac Croimchinn- A Oisín ní shirfe mé
neamh do mac Cumaill ná da Féin
's gur binne leo gotha con
nó bheith ag guidhe in Duilimh- Da mbeith iúl agad ar in fFéin
a chleirigh nach ffuil dom réir
budh binne leat no denomh trath
bheith 'na ccaomtach ré henláLÁ