- La da ndeachaidh Fionn na bFían
do sheilg ar Beinn Gulbain síar
go bfacamar ag tocht co cách
ogláoch go n-egcosg neamhghnath- Do-conncamar chugainn sa magh
ogláoch mór go méid mhíleadh
cloidhiom trid a cheann gan chair
go ráinic in chlúas go chéile- Beannaighis in t-ógláoch mór
d on ríghféindidh fáth gan bhrón
& beannaighis do Gholl ghlan
& suidhis 'na fharradh- Ar bhar ccuimridhe damh féin
a rífheindidh feasaigh fhéil
fam iodhlacadh úaibh gan fheall
a Fhíana aille Eireann- A ogláigh tainic sa ccnoc
do raidh Conán faobarnocht
cía chuir in cloidiom id cheann
no cía re ndearnuis comlann- Do-rindeasa comhlann crúaidh
le Manannán na mórslúagh
's é do chuir cloidheamh um ceann
is ris do-rinniun comlann
- Ataim fo gheasaibh o shoin
fan domhan uile d'iarraidh
ní fhuarus aoínneach ann
do bheanfa in cloidiom asam- Tanac cugaibhsi a Fían
chuala bar tteisd thoir is thíar
ar bar n-eineach tabhraidh damh
beanaidh asam in cloidheam- So ráidh Conán don taobh thall
beanfad in cloidiom as do cheann
nó beanfadsa gan fheall damh
an ceann diot is a[rsquo ] cloidheam- Na bean as arsa Fionn féin
a Conáin mhaoíl mhir gan cheill
ga fios nach ttiucfa sa magh
dograinge a ndíaigh in cloidhimh- Maith liom dograing do theacht as
do raidh Conán maol gan cheis
tug sithe prapdha go ngoil
& glacais in cloidhiom143- Tuitis Conán ar lár dhe
gan sbionnadh a n-alt nó a n-áighe
beith mar sin acht ger nár dho
gan neart ann mna seóla- Mar do-connairc clann Morna mhóir
Conán máol ag faghail bróin144
tairrngid a ccloidhme go nimh
do ghearradh chinn in gruagaigh
- Eirgis Fionn don taobh oile
is nochtais a cholg nimhe
eirgid clanna Baoísgne nhear
do dhul a n-aghaid in gruagaigh- Eirgid ann sin145 as gleo garbh
Fian Eireann go n-imad n-arm
nír sguirsiod da gcleasaib gail
gur basgadar naoí nónmhair- Rachadsa ar do leith a Fhinn
do ráidh Goll fa pairt grinn
{MS page 78b}do budh cóir ar ttuitim dhe
ar mbrisiodh do cuimridhe- Cuirim fó gheasoibh thú ar Fionn
créd fa ttangais re olc linn
muna n-innisi a gruagaigh thall
gé tú do Tuath De Danann- As mé Manannán mac Lir
mór m'fíoch & m'fala ribh
as í mo thoisg om thigh
com bar ttuitim re cheile- Ni muirfimne sinn féin duit
a gruagaigh uasail oirrdeirc
cuirim gach ceisd ort mur ghráin
muna bfóire tú ar Conán- Tairrngeas gér crodha an céim
an cloidheamh as a cheann féin
fagbais a chionn 'na dhíaigh slán
toimsios a dhías ré Conán
- Do eiridh Conán slán de
on leagadh ar a raibhe
nírbh í sin an eirge ghar
do nocht Conán a cloidhiom- Tug Conán agaidh ann
ar Manannán na morlann
do thóg Fionn a sgíath go mblaidh
os cionn Manannáin mheanmnaigh- Gach duine dhíobh don Fhéin
ag dul a leith a arm féin
gach fear dhiobh le cleasaibh gail
teacht ar fhíoch is ar fhalaidh- Cuiris gruagach in fhuilt fhinn
a cloidheam féin 'na timchill
nír fidir neach d'úair nó tráth
gur gabh úatha ar lár in láLÁ