- In ccúala tú Fíana Finn
a Patraic mhóir mic Alproinn
ag eirghe ós ceann Locha Deirg
mar áon is cách ag coimhsheilg- Péisd do bhí ar loch in tsléibhe
lé a ttugadh ár na Féine
fiche céd nó138 ní is mó
da ttug sí ég a n-énló- {MS page 77b}Ogláoch maith do bhí ag Fionn
go deimhin duit a Tháilghinn
Albhaidh an Óir mac139 rígh Grég
do thuigeadh glór ó gach peist- In ttuige an ní adeir in péisd
do ráidh Albhaidh risin fFéin
cáoga each nó cáoga bó
do chur cuice gach áonló- Innis go bfuighe sí soin
a Albhaidh an chrotha glain
fearr sin nó énláoch lonn
do thuitim léisi a ccomhlann- An peisd an oidhchesin gan bhíadh
codhlaidh 's nir smúaintigh in Fhían
ar tteacht na maidne go moch
do chuir anfa ar in ffionnloch
- Ar tteacht don peisd ar in ttracht
do leigiodar in Fhían gáir
dob iomdha ag brisiodh a croinn
iliomad láoch 'na timchioll- Eidir sin & mead[h]ón don ló
do budh lía ar mairbh na ar mbeó
budh samhail ré slúagh oile
uireasbadh ar láochraidhe- Do sluigeadh lé mac rig Greg
is Oisín fa mór in béd
'sé do sluigeadh lé go beacht
fear & céd a n-aoínfheacht- Níor sluigeadh mac Cumhaill lé
nó in mhéid do bhi amoigh dhá Fhéin
's ní raibhe dhíobh gan dul thart
acht beagán beag a mbél imtheacht- Do shluig sí Dáolghus is Goll
Fionn mac Rossa na ccomhlann
Conán Máol sgél nár mhó
Diarmaid táobhgheal Trénmhór- Tug Fionn in sitheadh prap
glacais in peisd ar alt
& tug car go dían di
gur chuir a clíabh anairde- Mar do-connairc Dáire mac Finn
rífheindidh is sí cionn a ccionn
tug léim a mbel na píasta
dob é in sithead aimhrialta
- Ar ndul do Dháire 'na clíabh
ann sin do chuimhnigh a sgían
ar a hasgaill tig amach
dob í in chosgairt iongantach- Da c[h]éd beó aisde don Fhéin
Oisín is mac rígh Greg
comhrac budh beódha na soin
annamh duine go ccualaidh- An da chéd tainic amach
do bhádar gan fholt gan édach
maith do cheas140 Fíana Finn
a ffúairsiod ríamh a nEirinn- Turus Conáin nar chóir
'steach a mbroinn an bheathaidh mhóir
mar nach roibhe gruag ar a chionn
nir an léadhb ar a chloiginn- Fionnloch dobh ainm141 don loch
ar tús a chor142 a chléireach
do an Loch Dearg air ré a bheó
ó ár na Féine a n-énló- Trí lá & mí & blíaghain
do bhí Loch Dearg fa dhíamhair
ó lá marbhtha Fíana Finn
go deimhin duit a Thailghinn- {MS page 78a}As mé Caoílti a ndíaigh na fFian
a Patraic do dhealbhus grían
na sgéla do innsim dhuit
iomdha duine do-chúalaidhIN