- La da rabhamar a nDún Bó
Fían Eirionn líon a ttionól
coiméd cúain fa ceim deacair
ó Chairbri líonmar Lifeachair- Gearr do bhádhmar ann sin
a mic Alproinn a chleirigh
go ttainic chugainn Laíghne mór
áonmac rígh na fFomór- Bliadhain fa thrí roimhe soin
nach deachaid[h] láoch dhinn tar muir
le húamhan in fhir mhoir
a chléirigh adeir an chanóin- Ar tteacht dhósan tar Albain135
motaighimid anfa na fairge
ó iomramh lamh in fir móir
's ó buillighibh rámh an Fomóir- A mic Blaighe ingine in Deirg
beannacht ar do bhél gan cheilg
& innis duinn mar soin
a ndearnabhair 's a' fearsain- Do leagad leision a sheóil
a bportaibh díleann nar chóir
's do-rinne eachréidh amach136
o n-ainmnigtear in t-ollamhach
- Dob e dob cloideamh catha
don mhacsin an ardfhlatha
lorg fhairsing d'íaronn chrúaidh
tri c[h]éd137 cáor iarainn 'na leathgrúaidh- {MS page 76b}Do bhí coimhéd fan luirg mhóir
lomnán d'airgead & d'ór
's do clochaib búadha oile
d'uaislibh Thíre Tairngoire- Ar ttiacht dhósan a ttír
do léig béiceadh nár cháol
d'iarraidh trodáin in fear
& teagmhála in milidh- Ni raibhe en láoch 'nar fFéin
go roiche soir a nda ttrían
nach ttiúbhradh dár n-úaislibh
maith fel coidhche ar a thúarusdal- 'S í comhairle do-rinne Fionn
le cloinn Morna is réna ccloinn
dul go pupal in fir mhóir
a riocht fhileadh a ccédoir- Glúaisios Fionn feasa is Feargus
Cnú Dheireóil & Bláthnad
go riachtsat in popal cóir
do bhí ag mac rígh na fFomhóir- Beannaidhis Fionn don fhear mhór
& Feargus ba binn glór
ní fhacattar thíar nó thoir
ríamh leithéid in mhílidh
- Suidhis 'na pupal ann soin
a n-onóir do na fileadhuibh
cuiris Feargus da laim cle
& Fionn féin da deisséin- Beiris chuige fana brot
Cnú Dheireóil & Bláthnot
sinnid an ceól sithe súain
re ngabadh draoíthe deaghdhúain- Fiafraidhis mac Cumhaill fhéil
don ogláoch úathmar aigmhéil
caidhe h'ainm bunaidh go beacht
nó ca tír a ffuil th'imteacht- Mac rígh na bFomórach thoir
misi a dhraoí uasail iodhain
Laighne mór mh'ainm bunaidh
ag cur ghlíaidh gach áonchuraidh- Innis a churaidh chálma
do ráidh Fionn fa mor meanma
caidhe in fáth tangais anoir
go hEirinn álainn íasgaigh- Inneósa me dhuitsi soin
a dhraoí úasail iodhain
an fáth fa tangus om thoigh
go hEirinn aloinn iúbhraigh- Maithe Eireann bheith a ngiallaibh
's a ccíos cugam gacha bliadhain
no gan líon síoluidhe d'fior
d'fagbháil a nEirinn iodhain
- Iomdha láoch romhad riam
tainic go hEirinn d'iarraidh glíadh
éinneach dhíbh nir thill tar ais
uainn soir a hEirinn fhódghlais- A ttainic chuca thoir is tíar
's a raibhe a nEirinn rompo ríamh
ni thiúbhrainn áit suidhe d'fior
d'eagla comlainn na ccuradh- Fíafraidhis an curadh calma
da draoithibh go méd meanma
caidhe in díol is diol libh
a dhraoíthe aille íodhan- Do-ghébha sibh airgead is ór
is gach ní is áil lé bur ccóir
do-ghébha uaimsi astighsi
gach ní atá ar bur n-ainnisi- Draoithe sinn lán d'eagna
do ráidh Fionn ris da fhreagra
cádhas uaitsi dligidh sinn
ar h'eineach as eadh iarruim- Do gheall go ttiúbhradhsan soin
cádhas don chléir go cubaidh
{MS page 77a}gion do bhíadh na bheathaidh abhus
do gheall nach airgfead[h] éigius- Tabhair do bhríatar leis soin
do ráidh mac Cumhaill a hAlmhuin
ar a bheith diolus ré do linn
da ngabhann linne dh'Eirinn
- Tugsan briatar gan ghó
nach sirfeadh air rena bheó
nó ar draoí da ttiocfadh 'na teach
cíos no cáin nó cabhalach- Mithe duit imtheacht tar h'ais
dearbh go ndearnais do thurais
liómsa anois gabhus Éire
's mé Fionn flaith na fíorFhéine- Mas tusa Fionn na Féine
do ráidh in t-ogláoch go bféile
ní thugus bríatar re hais
acht do draoíthibh gan ainbfeas- Draoí sinn a churaidh chalma
do ráidh Fionn fa mór meanma
mo ghliocus nír sháruigh neach
dar thaisdil in bioth bráonach- Ag aíghnius ort ní bhíadh sinn
a Fhinn mic Cumhaill airmghrinn
ó thugus bríatar gan ghaoí
denam síth treigiom eissíodh- Do-rinne sé síth go cóir
Fionn mac Cumaill mic Trenmóir
dhó féin is d'Eirinn uile
mor in geilleadh énduine- Toimhsis Fionn gan fhius dó
in t-ogláoch 's ní hiomarghó
ba hadhbhal ré aithris duit
fad an oglaoích 's a leathad
- Seacht ccomfada Fhinn féin
boí ar fad a Laíghne thrén
's a dha chomhfhad ar tracht
fa mór in trénoglách- Téid Fionn a gcionn a shlóigh
beiris leis fíon & feóil
eire cháogad gearrán cróin
do mhiodh is do brogóid- Beirthear oidhcheacht ón fhear thrén
ní chúala a leitheid ó chleir
& ón oidhchesin íar sógh
ainmnightear Purt a R íghol- Gluaisis an t-ogláoch uainne
tar na tonnaibh taobhúaine
ceileabhruis da cleir re hais
buidheach an Fían da thurus- Do-bheirimsi dhuit a mhóid
a Patraic tainic ón Roimh
nach rabhamar féin nó clanna Cuinn
a tteann budh measa ar bfulang- As mé Oisín do bronnadh óir
do gradh na ffileadh a ccedóir
ge ataim anocht fa bhrón
le smúaintiugadh gach enlóLA