- La da ndeachaidh Fionn na bFían
do sheilg ar Slíabh na mBan fFionn
trí mhíle 'mathaibh na fFían
ní deachaidh sgíamh os ar gcionn- A Oisin is binn ninn do ghlór
bean nacht fós ar anmuin Fhinn
innis cá mhéd fíadh
do thuit ar Slíabh na mBan fFionn- Búdh mór na creacha dar slúagh
dar a ndeachaidh uaim 's ní sbleadh
ar thuit ar Slíabh na mBan bFionn
d'fíadhach ré Fionn na ffleadh- Innis ród roimhe gach sgél
beannacht ar do bhél gan gó
in mbíodh éideadh nó airm
ag dul do sheilg libh gach ló- Do bíodh eideadh & airm
ag dul do sheilg linn mar sin
ní bhíodh feindidh dhinn dom dhóigh
gan léinidh sróil is dá choin- Gan cotún síthe séimh
is lúireach bharraidh ghéir ghlain
's gan ceinnbeirt clochorrdha chorr
's da sleidh a ndorn gach fir
- Gan sgíath uaine bheireadh búaidh
is lann chrúaidh re sgoilteadh cionn
{MS page 76a}da sirthea in domhan fa seach
ní raibhe neach budh fearr nó Fionn- As é dob fearr eineach is ágh
ní deachaidh lamh ós a cionn
dul do thaistiol na ccuan ngeal
gan faicsin ar fear mar Fhionn- Cath eagair do-chúadhmar síar
do seilg ar Slíabh na mBan fFionn
a Patraic a cheann na cclíar
dob alainn grían ós ar ccionn- An uair do shuidheadh Fionn ar ccoin
dob iomdha anoir is aníar
guth gadhair ag dol do chnoc
ag dúsgadh thorc & fíadh- Do bíodh Fionn & Bran
'na suidhe seal ar in slíabh
gach fear dhíobh a n-ionadh sealg
nó gur eirigh cealg na bfíadh- Léigiomar tri mhíle cú
dob fearr lúth is do bhí garg
do marbh gach cú diobh da fhíadh
sul do cuireadh iall 'na n-aird- Marbhamar sé mhíle fíadh barr
ar in ghleann do bhí fan tslíabh
a nfegmais aighe & fearb
ní dearnad sealg mar sin ríamh
- Dob e deiread[h] ar sealga thiar
a cleirigh na cclíar [rsquor]s na cclog
deich cced cú go slabhraidh n-óir
do thuit um nóin ré céd torc- Do thuitsiod linne na tuirc
rinne na huilc ar in leirg
muna beith ar luinn is ar lamh
chuirfidis ár ar bFéin133- A Patraic na mbachall bfíar134
ní faca mé thíar nó thoir
sealg énlaoí ar Fhíanuibh Finn
ré mo linn budh mó ina soin- Ag sin sealg do-rinne Fionn
a mic Carploinn na mbionn mbláith
na gáir cheolán isin chill
do budh binne liom in láLA