- {MS page 74b}A Oisín as fada do shúan
eiridh súas is éisd na sailm
ó thairnic do lúth is do rath
do chuirtheá cath a ngleó garbh- Do tháirnic mo úth is mo rath
ó nach mairionn cath ag Fiond
i ccleircibh ní fhuil mo spéis
nó ceól da n-éis ní binn liom- Ni chúalais a ccomhmaith do ceól
ó thús domain mhóir gus anocht
tá tú arsaidh aimglic líath
gé do dhioltá clíar ar cnoc- Do dhíolainnsi clíar ar cnoc
a Patraic gidh docht do rún
as mairg dhuit do cháin mo chruth
is nach ffúair me guth ar tús- Do-chúal ceól as fearr no an ceól
ge mor mholus tú in chlíar
sgalgarnach luin Leitreach Laoí
's a' faoídheadh do-níodh in Dord Fían- Smólach guithbhinn Ghleanna in Sgáil
monghar na mbárc [rsquor]búain ré tracht
budh binne liom trosd na ccon
na do sgol a chleirigh cháidh
- Da ghadar d[h]ég do bhí ag Fionn
an úair do léigthi fá Glionn Raith
budh binne liom a n-oific chiúil
's a n-aghoidh on tSiúir amach- An úair do shuidhiodh Fionn ar cnoc
shinntí gan locht in Dord Fían
chuireadh 'na ccodladh na sluaigh
mo-núar budh binne leó in chlíar- Cnú Dheireóil cnú mo chuirp
abhac beag do bhí ag Fionn
an úair do shinneadh cuir is puirt
do bhíodh sé 's a cruit go binn- Blathnaid bheag an inghean óg
tug móid re fear fon ngréin
acht Cnú Dheireóil & sí
och a rí budh binn a mbéil- Do budh mían le Fionn na ffleadh
síansán con a ffad ar slíabh
coin allta ag fagbháil a ccúan
mordháil na sluagh dob é a mían- Iomdha mían do bhí ag Fionn
nach ccuirtear a suim id dhíaigh
ni mhairionn Fionn nó na coin
's ní mairfe tú a Oisín na cclíar- As mo an sgel Fionn no sinn
is na 'ttainic ler125 linn ríamh
a ndeachaidh is na ffuil beó
dob fearr fa ór Fionn na fFían
- Tug sé naoí gcatha sa fFraingc
naoí bhfichid cath a nEirinn uill
on tsruth ar baisdeadh Críosd
do theigh a chíos go Toigh in Duinn- Tug sé naoí ccatha sa Spáin
airdrigh Lochlann a laim leis
beacht do bhí in domhan fa chíos
'sé budh rígh isin Greig Bhig- Lochland 's an Innia mhór
tigeadh a n-ór go teach Fhinn
ní roibhe coimmeas ris ó Chríosd
ní fhacus rí os a chionn- {MS page 75a}Mairg dhamh do hanadh dhá éis
gan mó spéis a muirn no a cceól
um damh críon126 d'aithle na slúagh
as damh is truagh a beith beó- Trúagh a Tháilginn an sgél
bheith a ndíaigh na ffear go fann
ag eisdeacht re ceól na gclog
as me um sheanóir bhocht dhall- Da mairiodh Fionn is an Fían
do fhuicfinn clíar na ccros
do leanfuinnsi fíadh a ngleann
is budh mían leam bheith ré a chos- Sir a Patraic dhuinn ar do Dhía
neamh d'Fionn na bFían is dá chloinn
déna guidhe risin fflaith
ni chúala a commaith rem127 linn
- Ni iarrfa méisi neamh d'Fionn
a fhir nach grinn ler128 eirigh m'fearg
gurab é a mhian rena129 linn
beith a nglionn ag síansan sealg- Da mbeithea130 faris in fFein
a chleirigh na cclíar 's na clog
ní tiubhra th'aire do Dhia
acht ríar chlíar & sgol- Ni threigfinnsi Mac Dé Bhí
ar a ttainic a cclí thoir is tíar
a Oisin in fuighle bhuig
olc do-chúaidh dhuit díol na cclíar- Gach ar pronn tú & Fionn d' ór
olc do-chúaidh dhó & duit
ata sé a n-ifreann 'na gheall
mar do-denadh feall & broid- Beag do chreidfinn dot ghlór
a chleirigh na leabar mbán
ní roibhe Fionn na coimfhíal
ag duine nó ag Día a lámh- Ata sé a n-ifrionn a laim
fear fa sáimh do bhronnadh ór
a ndíol a easurradhais ar Dhia
ta sé a ttigh na bpían fá131 brón- Da mbeith clanna Morná astigh
nó chlann Bhaoísgne fir fa trén
do-bherdaoís sin Fionn amach
nó bhíadh in teach aca132 fén
- Da maireadh Fáolan is Goll
Díarmaid donn is Osgar áigh
a n-éintigh riam dar chom Día
ní bhíadh Fionn na fFían a láimh- Coig coigidh Eireann fa seach
's na seacht ccatha boí san fFéin
ní tiubhraidis Fionn amach
ger mhór a neart is a ttréin- A Patraic is truagh in sgél
an fear fíal do bheith fó ghlas
croidhe gan aingidheacht gan fhúath
croidhe crúaidh ag cosnamh cath- As egcóir nár mhaith lé Día
ór is bíadh 'thabhairt do neach
nír ér sé trén no trúagh
ifreann fúar mas é a theach- {MS page 75b}Créd do-rinne Fionn re Día
acht ríar na cclíar is na sgol
is treas mór re bronnadh óir
is treas fós re meadhair chon- 'S a gheall re meadhair na ccon
is re ríar na sgol gach lá
is gan smáoíthiugh ar Dhía
ata Fionn na fFían a láimh- Ata sgél agam ar Fhionn
ní raibh ionn acht sé fir dhég
gabhsam ri Sacsan na ffleadh
chuiriomar cath ar rígh Grég
- Do gabsam an Innia ar fad
ba mór ar neart is ar ttrén
do cuiriomar cath ar rígh Frangc
dar do laim ní abruim brég- Do gabhamar Maghnus mór
mac rígh Lochlann na long mbreac
rangamar gan ghuin gan sgís
do chuirmís ar ccíos a ffad- A sheanóir do sháobh do chiall
beag in sgel gan a mbeith beó
a raiph do shlúagaibh ann sin
ní bhía as ní fhuil acht mar cheó- A Patraic na mbachall mbreac.
ní rachadh leat aithis Fhinn
nír ér sé duine fa ór
ní thug a mbreig móid nó mionn- Tabhairsi th'aire duit féin
ó atathaoí gan ceill abhus
tabair th'aire duit a trúaigh
tapair dot uaidh th'aire anosA OISIN