Corpus of Electronic Texts Edition
Duanaire Finn (Author: [unknown])

section 56

    1. Mairg fuil ar h'iarraidh a Bhrain
      is sgaradh cuirp re hanmain
      úair nachad-faguim a Bhrain
      ni charuim ní ar talmhain
    2. An lamh dar bhúaileas Bran
      dursan nach liom do sgaradh
      nach beinn a mbeathaidh abhus
      dursan nach d'eg do-chúadhus
    3. Rí na gcon do bíodh am laim
      os leicnibh Sleibhe Colláin
      is ni raibhe ar bith go mbáigh
      cú ar a mbeith a túaruscbáil
    4. Da taobh geala do bhi ag Bran
      earboll nua corcra gléghlan
      {MS page 74a}ceatramha120 corcra go roinn
      ótha earboll go hiardruim
    5. Ceithre cosa gorma faoí
      re himteacht oidhche & laoí
      cruibh úaine nár teachtsat báigh
      ingne ettrochta iucháin
    6. Rosc dreagain ina ceann cóir
      ris nir fedadh iomarbháidh
      aluinn agus cáomh a clú
      mo is gasta na gach miolchú

    7. p.200

    8. In cú ba hairde sa Féin
      thigead gan cromadh fo a bléin
      is a ceann ba gasta in roinn
      ba comard é rem121 ghúalainn
    9. Ceithre mil do leiginn uaim
      miol budhdheas is míol budhthuaidh
      miol síar aguss miol soir
      do bidís uile a mbel Bhrain
    10. Da mbeith deireadh laoí gun fFéin
      gan seilg gan fhíadhach do chéin
      do bheradh a gcuid a coill
      do biathfadh122 Bran ó Bhoirinn
    11. Is aire do bhuaileas Bran
      is mór n-úair ba haithreach dhamh
      gáir na ccon is na sealga
      risna fiadhaibh foirdearga
    12. Tugus buille d'eill buidhe
      dhó go ffailgibh fionndruine
      do-chúaidh an idh óir 'na ceann
      mairg do-rinne in gnim róitheann
    13. Iongnadh leis a bhualadh damh
      do bhoí athaidh gom feghadh
      gur silseat frasa déra
      tar a rosgaibh rinnghéra
    14. Olc sen far togbadh in lamh
      olc sén ro tairngeadh go hán
      olc sén do-righneadh in beadg
      mairg do-rinne in gniom rogharg

    15. p.202

    16. Tairngidh uaim a heill go tric
      gur bhris in mhuince airgid
      dar theith go moch ar in sleibh
      gur ling sa loch a luathleim
    17. Tri hualla gacha nona
      ag ar gconartoibh cródha
      coin na Feine ag iarraidh Bhrain
      's an Fhían uile go cíamhair
    18. Ní chúala guth con ag seilg
      ar moigh ar móin ar morleirg
      ó do sgarus rem123 choin ngairg
      na beith mo croidhe fo mairg
    19. MAIRG

Ag sin duit a chaiptín Samhairle. & da ffaghuinn ní budh mo ina sin do Dhúanaire Finn réna sgriobadh do-dheanainn dháobhsi é Misi Áodh Ó Docartaigh do sgriobh a n-Óisdin124. in .12. Februarí. 1627.


p.204