- Is fada anocht a n-Oil Finn
fada linn an oidhche aréir
in lá aniu ge fada damh
do budh leór fad in laoí ané- Fada liom gach lá dha ttig
ní mar sin fa cleachtadh dhúin
mo bheith a ffegmais na fFían
do cuir sin mo ciall ar ccúil- Gan áonach gan ceól gan cruit
gan brondadh cruidh gan gniom greadh
gan díol ollamhan ar ór
gan ealadhoin gan ól fleadh- Gan bheit ag suirghe nó ag seilg
in dá cheird le a raibhe ar súil
gan deabaidh gan denamh creach
gan beith ag foghluim cleas luith- Gan earradh gaisgidh do ghnáth
gan imbirt mar budh gnáth leinn
gan snamh re láochraidh gan locht
is fada anocht a n-Oil Finn- Fada mo saoghal tar eis na fFían
ni cneasta na budh cían linn
ba híad in láochradh gan locht
is fada anocht a n-Oil Finn
- Is don tsaogal mar ata mé
truagh a Dhé mar ata sinn
am áonar ag tarruing cloch
is fada anocht a n-Oil Finn119- Sir a Patraic dhúin ar Dhía
fios an ionaidh a mbía sinn
nó in sáorfa m'anam ar olc
is fada anocht a n-Oil FinnIs FADA