- Domhnach lodmair tar Lúachair
dar cuirsiom seilg um Cruachain
um bordaibh Locha Léin Lir
um bruachaibh Ghleanna Faoinneallaigh- Cuirmid ar mná uainn íer sin
ar ffilidh ar n-oirfidigh
do lodmair a ndiaigh ar mban
& ar ffileadh ffíorghlan- Do roinnseamar sinn budhdhéin
don taoibh aníar do Loch Léin
battar gille glana ann
nach gealladh ní gan chomhall- In gnaithFían ó Leamhain siar
um Coirthe um Dhoire na fFían
um Gleann mBroic is um Gleann Con
um Gleann Duine dhá Dhubhthar- Clann Morna laimh re Loch Léin
aoíbhinn doibh ó shleibh do shleibh
ionmhain crobhaing dhíleas dhron
ar nach ffuighbithe baéghal- Áos ógbaidh soir agus síar
in lásin fa fhlaith na fFían
a gceartmheadhón113 na sealga
gondaois doimh dhoinndhearga
- Gapmaoíd longport líth gan oil
tortach114 ar seilg in lásoin
suidhighmíd longport gan tár
acht Dubh Dala a aonarán- Codhlais115 mac Maoil Gairbh amuigh
gairit do nó gur mhuscail
biodhghais116 a aigneadh gan tlás
beiridh rúatar tre úathbhás- Tairringis Cluasán a ceann cain
as a haird aloinn eagair
dúisgis in cú go ngairbhe
arracht muice moraidhble- Gearr do battar 'na garadh
ar n-eirge dhi da falach
fágbhais in gcoin fa mhéla
da goinidibh gairbhghéra- Imdhis in mhuic uainn don leirg
is fagbhais in gcoin fa mairg
cíí117 Dubh Dhala fa a choin
is claoídhis a feart fódbaigh- As sin dó go longport Finn
's nír cheil ar in fFéin ffoiltfhinn
muc do luathmharbadh a chon
's a dol uadha gan fhostadh- {MS page 73a}A Dhuibh Dhala a laoích gan locht
adubairt Fionn fáobarnocht
in mhuic 'sa tuaruscbháil sin
ní fuighbithear í a n-aisgidh
- Arna mhárach dhuinn da seilg
sochaid[h]e do-rad fa mairg
íadhmaid uimpe aníar 's anoir
fa dheisceart Bhearnuis Baoghlaigh- Ad-ciam chugainn in muic mir
ina harracht anaithnidh
ina ruatar trésan fFéin
mar sidhe con da coneill- Tarla urcar do cloich chruinn
ar a gnúis ó mac Cumhaill
gur bris a dreich dorcha dhuibh
gur leig trí garrtha gabaidh- Beartuighim buille chuice
ni d'imgabhail na muice
go ndeachaidh tresan gcloich gcrúaidh
's nir dearg ar in muic mhongrúaidh- A hécta ag Bealach Bheime
ó mhaidin go trath eirghe
tríar ar fichid rádh nach brég
is tri coin teasda do chéd- Máol Tuile is Tadg míadh ngle
in dá mac budh só ag Caoílti
do thuit le ar lathair goile
& Conn mac Cabhlaighe- Colla do budh neassa dhi
fa duibhfheadhaibh Formaoíle
ga hiompódh do ag Sgairbh Chomair
lingis in mhuic morghlonnaigh
- As sin di go hÁth Chluig
Colla nochar chuir da muin
go ttug naoí ngon do sgín
ar in ffuath n-eitigh n-ainmhín- Anais Conán agus Fionn
ag Sruibh Dairbreach ar a chionn
& nír lughaide a ngráin
re húath nó ré118 hiomgabhail- Anais Faolán fear go gceill
eidir in muic & in Féin
gur chuir corrgha nar beag neimh
go ceart triana dhá seiridh- Tairbeiris Conán a dhi shleigh
ar an arracht n-anaithnidh
cuiris di shleigh Conáin féin
'na mblodhaiph go hard aigméil- Diubraicis Fionn sleigh oile
ar in slios ngarp nginoidhe
do ghoin is do bhuail íer sin
is do marbh í 'na deaghoidh- A n-aoinfeacht do Colla chain
's do Mac Lughach ar lathair
is do tuit in muic ar lár
le Fionn & le Conán- Naoí ngilla & tricha fear
eidir thus agus deireadh
do-rochair lé miste ar sealg
is seacht fichid cú croibhdearg
- {MS page 73b}Deich ccéd muc is deich gcéd agh
isin seachtmainsin tar lear
is se c[h]éd mil moighe amach
ar seilg a sin go DomnachDOMHNACH