- {MS page 72a}Faoídh cluig do-chúala a nDruim Dheirg
mar a ndéndis in Fian seilg
ní chúala riam roime soin
guth cluig a fforaoís fhíadhaigh- Faoídh cluig do-chúala a nDruim Dheirg
mar a ndendis in Fhían seilg
agus ní cuala rem105 ré
áonguth ann budh binné- Faoidh cluig do-cúala a nDruim Dheirg
mar a ndendís in Fhían seilg
binne liom ar tteacht ar slogh
an dord Fían ga ttinól- Faoídh chluig do-cuala a nDruim Dheirg
mar a ndéndís in Fhían seilg
binne liom ar tteacht amach
in fhead do-niodh Mac Lughach- Annamh le coill Droma Deirg
faoídh cluig innti leirg do leirg
fa minca don ál chúaine
deireadh oidhche adhfhúaire- Cía in trú chleirighso shíar
bheanus a cluigín go dían
nach eistionn re guth na ccon
ata sa ghlionn 'na fhorradh
- Gidh binn leatsa guth na gcon
& gidh adbar meanman
is binne leisin Righ in neach
eisteas comrádh na ccleireach- Gidh binn leatsa a n-abrait soin
& gidh maith led106 meanmain
is binne buireach in doimh mhir
no in ceól chanaid na cleirigh- Ad-connarcsa fir sa moigh
nac eistfeadh re guth do cluig
is do fuicfeadh marb ma-le
tusa is do cleirig[h] uile- Binne liom um trath eirghe
cearca fraoích a mbeannuibh sléibhe
no guth an cleirigh astigh
ag meighligh ag meigeallaigh- A Oisín innis sgéla
is na leig sinn fo mhéla
creud do-dendís riomsa dhe
fan cluigínso bheanuimse- Do-bheirimsi briatar go fíor
luighim fo anmain mo ríogh
go mbeanfadh do clog ad ceann
no go mbeitheá gan anam- Da gcluineadh Garbh Doire dían
faoídh cluig sa chillso hsíar107
do rachad go grod asteach
's do brisfeadh clog na ccleireach
- Da gcluineadh Fionn in féindidh
faoídh do cluigín a cleirigh
do rachadh ad ceann gan acht
is ní roicfeadh uait imteacht- Da gcluineadh Conán na fFían
faoídh in cluigsi riom aníar
cleirigh bheata do bheith ann
do beidís uile gan anam- Da gcluineadh Caoílti croidhe
fear nar opthac108 n-iorghaile
{MS page 72b}do rachadh asteach gan ghaoí
's do brisfeadh bar gcluiginí- Uchán is cradh lem109 chroidhe
sgaradh re leirg Máonmhoighe110
is rissin láochraidh ffeilsin
rem fhéin is rem111 deigheixibh- Is me Oisín deaghmhac Finn
creidim Día thuas a Thailginn
ge atu atu a112nocht gan fhéin gan mhaoín
is pían lim faoídh in chluigínFAOÍDH