- A Oisin fuirigh ar Dhía
na himidh uaim ní bhus sía
tabhair aithne mar budh gar
is misi anam t'athar- {MS page 71a}Uch ní tabhraim aithne fort
a Finn acht ge cáomh do corp
ba halainn do dhealbh do dreach
ag dol uaim101 tar gach n-áonach- Deacair aithne orm a fhir
a Oisín a mheic mheirgil
iomat mo pían mett mo ghal
íad ata agom treagdadh- In cedoidhche do-chúadhus d'eg
d'fios na cróine mor in béd
dar chogain sí me sa glinn
uchán nír chonair airdrigh- Ann sin ad-beart Ifreann féin
eirgith slaidhtear Fionn on Féin
buailidh túargidh é go teann
na bioth agoibh a dithioll- Mar ba dursan leó mo lén
anmanna na fFéin ffiortrén
teagoit cugom mor in modh
& trialloit mo chosnam
- An cumhain leat a Ghuill gloin
do mac Cumhaill a hAlmhoin
do marbadh sa carraic tall
is do sgaradh ret anam102- Ro ionnarb sé clann Mhórna
ro imbhir orra doghra
ro bhasaidh na mílte fear
do cloinn Mhórna na gcorrsleagh- Dia ndeacham síos ar do cionn
ar Conán maol ní leasg liom
da ttugam beim tar do ceann
na tisam fein as ifreann- In cumhain leat a Ghuill glain
do mac Cumaill ó Theamraigh
do marpadhsa mor in modh
& marbadh do bhráthor- Ge do-rinne seision sin
deaghmac Cumhaill a hAlmhain
truagh gan neart céud am corp cain
do tabairt Fhinn ó dheamhnaibh- Ionmhain buidhion tainic ann
sios do comrac tar mo ceann
anam Guill ba feirde in dáil
anam Daigre anam Conáin- Anam Airt óig mic Mórna
ge do-rinneas ris dógra
anam Osgair ro claoí cath
& anam Mheic Lughach
- Ro íadhsat umam ar gach leath
anmanna na cceitri rúadhcath
sgaoíltear íad ba cruaidh in teidm
soir síar seachnóin ifeirn- Uch tri fichid bliadhain búan
ro bhí misi a n-ifreann fhúar
no go ttainic Rígh neimhe
gur fech orm tre trocaire- Ann sin ro-siacht aingeal De
uchagán ba geal a ghné
ba he radh an aingil rim
a Finn fagoibhsi ifrind- Do rugusa leam ar luas
tigim ar bord iffrinn súas
míle deamhan don tsluagh gorm
ro lean me ar luas a hifiorn- {MS page 71b}Día madh liomsa an bioth bán
eidir crann is cloich is chlár
uaim a n-onóir mo Dhé dhuinn
ar teacht áonoidhche a hifrionn- Eirigh anois go Síth Truim
ait ar cuireadh Cu Culainn
leat fein neamh ó Righ neimhe
amach o ló in measraighthe- Ag sin turus do-choidh Fionn
mar do ordaigh Rí na rionn
dar fhíafraigh sgéla go mín
do Patraic & d'OisínA OISIN