- A Oissín in ráidhe rinn
ní d'fáisdine mic Cumhaill
ar tairrngir in rí go rath
aingil go fior do adhradh- Inneósat duit sgél gáidh grinn
a Patraic moir mic Calprainn
& budh crádh léd chroidhe
gach dal ga ttu ag tarrngoire- Suidhe do-rinne Fionn shoir
os glinn ag Beinn úir É doir
{MS page 69b}go ffacaidh nell tiugh atúaidh
gor much Eirinn re henúair- Os iad ba foixe don rígh
do mac Cumaill Almhainí
meisi & Osgar go ngráin
& Caoílti mac Ronáin- Briatraighim ar tus miadh ngal
d'Fionn mór ardflaith Almhan
cred in nell dorcha atuaidh
ro much Eirinn re hénuair- Ann atbeart Caoilti croidhe
re mac Cumaill Almhaine
tabhair h'ordain fad dhétt fis
is na leig sinn a n-ainfhis
- Trúagh sin a Chaoilti chroidhe
is cían uait in tairrngire
measgfaid Danair tar Muir Meann
a n-uilc ar fhearoibh Eireann- Millfidh síad Éire uile
eidir mhagh mhin is muine
frí ré da c[h]éd mbliad[h]ain mbil
in Fodla fon gceinneamhain- Ni ffuighit síad do rath ann
nach mo is dith dhoibh a fhulang
gach a marptar ann míadh ngle
bidh amrath da n-íerdraighe- Fear Diardaoín tig ar a gcionn
olc a íermairt d'íath Eirionn
Mac Murchadha in diabhal dúr
budh siabhradh sin a n-iumpudh- Bidhat olc reimhius in rígh
bíaidh a áras ar dimbrigh
gan mac gan iarmhúa go mbladh
gid íargno liom ar labhradh- Laighin ar tús daortar ann
saoth lem86 chroidhisi a chomhall
gan righ orra acht iarla duph
gan fíana día n-anacal87- Loitid Midhe is Mumha mhas
nocha lugha in t-olc amhnus
go mbeid fad o dioghail duibh
uch budh doiligh in dioghail
- Oirghialla is Ulaidh an áigh
daorfaightear íad don áonpláigh
futhaibh go danardha dil
beid Connachta go crithir- Síol Conaill is Eoghain fhéil
fon daoíresin fon deighréir
beit futhaibh go ciamhair cain
ré triocha blida[h]ain bunaidh- Ticc chuca rí Saxan saíbh88
día n-easchoma día n-anaoíbh
go mbeir a ngeill tar Muir Meann
olc a mhéin d'fearoibh Eireann- Fagbaid fear 'na ionadh ann
re siubhal reacht is remionn89
fear firinne adearor90 riss
gidh dichleith is fear fuiris- Cedchath chuirit ni dalbh dil
ní cath é acht maidhm do ghnuisibh
cath Cnucha ar tri cathoip dhe
mar do ordaig[h] Ri neimhe- {MS page 70a}Aimseir medhoin a fheadha
ní deireoil a imneadha
dia mbiaidh lobar gidh saoth lim
seacht mbliad[h]na a ríghe nEirionn- Go ttig trenfear oile anoir
tre comairle in lobhair
go ccuirionn go lonn dar libh
rissin Donn cath an éinfhir
- Rod-bath in t-aoínfhear don cath
ann claoitear a réim 's a rath
budh lén don lobar íar sin
trén a omhan día mhuinntir- Eireochaidh in Donn Failgeach
feta fossaidh fírchaingneach
cuirthear gan fhatha le a linn
trí catha leis a nEirinn- Cuirfe cath a nÁth Seanoigh
ó a mbeid Gaoidhil fo mheabhoil
do thuit gleó Gaoideal sa chath
& aoínfhear allmhurrach- In fear donnsin gan deile
budh sonn fola is fionghaife
do-tháot do galar uaire91
gan cophair na caomuaille- A gcionn tri mbliad[h]an iar soin
cuirthear ár ar Ghaoídhiolaibh
nach saoílionn duine 'na dhíaigh
gan Gaoídhil uile a n-airdghlíaidh- Digheóltar in t-ár íer soin
mar nach nár ag Mhuimhneachoiph92
ar reabhradh na ngall ngaiscidh
a fFeapra thall tarrustair- Da cath dibh sin a Mumhain
in treas do-bheraid Ulaidh
& cath sa Midhe mhais
Rí neimhe ga ccoimaitchis
- Tic mac rígh Saxan tar sál
cíen lim 's ní ar a ghrádh
budh da thoigheacht go fíor dhe
cuirtear Danoir tar sáile- An macsin tig tar in sál
go n-imat Gall go neamhgrádh
nocha ndingne ríghe réidh
go cur na tíre a n-aimréidh- Coimhríaghoil soir is abhus
ga chineadh ar áoncadhus
re tomhus téd93 is troigheadh
tig día eis in t-ainndligeadh- Tidhlaicfidh leath Eireann uile94
don lucht tiucfus leis tar tuinn
go ndighlaid in lucht abhus
go fiorchrúaidh orra a tturus- Do-gnit connailbhe go cáidh
Goill & Gaoidil d'enlaimh
a n-aghoidh na nDanor ndúr
madh lamhor liom a n-iompúdh- Fearoid in cath cruaidh go cain
beódha do-nit a thaistil
marptar é 's a sluaigh ier sin95
don taoiph thúaidh do Moigh Maistean- {MS page 70b}Ríoghait rí Oiligh ámhra
docum96 in catha calma
marbhtar é 's a slúaigh go fíor
a gcath Maistean na moirgniom
- Deich mbliad[h]na fichead go holl
gan chath & gan comhlann
gan neach 'na n-aghoidh fo neimh
seal a samhail 'na samhloibh- Go tteagoitt na Goill anoir
do dioghail orra a n-ármhoigh
ón Easpainn adhbhail andeas
ní cabhoir in comhfaitcheas97- Cath Saingeal cuirfidhear ann
a n-áithfithear fir Eireann
ní cuirfit Gaoidhil no Goill
a shamhoil sin a n-Eirinn- An cathsin adeirim ribh
ann bhías róiríghe Saingil
beid Danoir go brónach dhe
budh dreamhoin a n-ármhoighe- Rioghait Tairbhré do shíol mBríain
do chur in catha go nglíaidh
go soiris assin Mumhain mhóir
go cubaidh síol in gallghlóir- Tri lá dhó ag cur in catha
ré macoibh na n-anfhlatha
a gcionn tri laithe go mbladh
tair a maithe do marbhadh- Eirgid98 cóig coigidh Eireann
futhoibh go rathoibh reimionn
go ndiongoibh in duileam dil
do gach cuigead a coinnimh
- Eirgid99 úa na rígh reabhach
bhios fo shiol na Saxanach
do dichur in cinidh cuil
do budh dlighead[h] a dhenuimh- Eirgis Sráonghalach Doire
go gcuirionn a n-ár uile
go ceann miosa on chath amach
gabhoid orra dia fforrach- Sráongalach ó Dhoire atuaidh
& Áodh iodhan go mbúaidh
gidh cía frí senadh atúaidh
teit docom100 neimhe fo bhúaidh- Ní leanfam go leig ní bhus mó
tar éis gall n-úr is anródh
gidh mor a lochta léra
is mó anois a n-aithmhéla- Patraic mac Alprainn go mbloidh
órus fortail for dheamhnoibh
sireadh sossadh reidh ón rígh
d'Osgar dam féin is d'OisinA OISIN