- Iss é súd colg in laoích láin
Chaoílti mcic roglain Ronáin
ar in tulaigh os Druim Lir
is í a lamh féin rus-folaigh- {MS page 66a}Adersa riot a laoích luinn
a Diarmaid móir mhic Cearbhoill
nocha gcúala cloidheamh crúaidh
ba fearr aitheas is ardbúaidh- Ro marb sé ced ag Ath Lúain
is ced a tTulaigh Mongrúaidh
an treas ced a fFiodh dhá Bhan
an ceathramhad[h] ced a nDurmagh- Maith ro himreadh thu gan feall
a gcath Fionntragha na mbeimionn
& tú a laim in laoích láin
Chaoílti mic roglain Ronáin- An coigeadh ced ag Áth Lúain
do macroidh eachaigh armrúaidh
an seisead[h] ced meabhoir linn
ag Áth na nÉg ar Sionainn- Dít ro cuireadh cath Cuailgne
ier tteacht ó Inbear Mhúaidhe
cath do chaoíneadar mna amach
da ttorcair Conoll cedach
- Dít ro marbadh Corc is Cían
seal beag o Teamraigh aníar
& dít go ngairbe ngluinn
do thuit Loingseach mac Domnainn- Dit ro marbad[h] gan meaboil
an Liath a Luachair Deaghoidh
nochar é in t-écht gan dioghail
duinn nír chóir a commaoidhiomh- Fear gach énlá sa mbliad[h]ain
is eadh ros-marb dar bfíanoibh
fa Conán fa Mhac in Luin
ní rangattar a leas a athghuin- Dit ro marbadh mac Luighdheach69
seal beag uasan Áth Buidhneach
do lamhach Finn na Féine
do budh crúaidh in coiméirge- Iris caillighe Glinne Marc
tuc in cloidheam do Sithbhac
mairidh fo a chruth gan a gné
is dearbh liomsa gurab é- Sithbhac fos do-rad día mac
in cruaidh claisleatan coimneart
d'eais Poil meic Coirbre treoraigh
a gcathoibh nírb aineolach- Coirbre garbhsron triath ba teann
dual dó oireachus Eireann
éulais ó Choirbri nár lag
ó Trénmor go a deaghmac
- Do-rad Trénmor gan iarraidh
in cloidheamhsin da chlíamhoin
do-rad in clíamhoin nar lag
arna iarraidh dhá deaghmac- Do-rad Cumall é dha éis
do Crimall ag so a fhaisnéis
{MS page 66b}gé ata sé go cobhsaidh cóir
uch is arsaidh in seanóir- An Criomallsin uas gach dionn
rus-toirbeir é dha deoin d'Fionn
do thoirbhir Fionn mór in ró
d'Fíanoibh Eirionn a n-áonló- Ann sin tiagaid Fíana Fáil
a n-áonionadh a n-áondháil
ba gairid leó teacht uile
go háonach na hAlmhaine- Ann sin adubairt Fionn Fáil
cred fo ttangobair san dáil
do breith uaim deimhin go ngoil
ar ceann mh'einigh tangabhair- Iongnadh leinn a Finn aistrigh
séd agaibh is é a ttaisgidh
tussa in coigeadh gan fheall
is fearr eineach d'íath Eireann- Ag súd dhaoíbhsi in cloidheam cóir
ar mac Cumaill mic Treinmóir
ón ló aniú go brath na mbétt
ar mo seilbh ní bhíaidh a coiméd
- Caidhe mar do-beire dhóibh
ro ráidh Oisin a gcedóir
an é a chosnam as a neart
nó in crannchar cubaidh coimneart- Aigillidh ingin í Cuinn
in ríoghan ó Theamraigh truim
is í bainbretiomh gan feall70
is fearr71 a n-inis Eireann- Ann sin ro chan Aillbhe cháidh
in bhean dob fearr ciall do mnáibh
seanbrethir72 so go brath mbil
denadh cách ceart in cloidhim- Denaidhsi coimrith a gcéin
eidir réidh & aimréidh
ce be dibh bus deach rus-reath
rod-ría in cloidim claisleathan- Ann sin reathaid Fíana Fáil
a n-áonchonair as in dáil
ní fhaca coimrith ba mó
a n-áonionad a n-áonló- Ann sin do-chóidh Caoílti don Fhéin
eidir reidh & aimréidh
ba hé Fionn budh foixe dhó
is fíor is ni hiomarghó- Tarraidh Caoílte in cloidiom cáidh
tarraid[h] Fionn in truaill 'na laimh
rug Caoílti an cloidheam glan
an truaill d'Fionn mor Alman
- Damsa ceart a Caoilti chrúaidh
fon gcloidheamsin cona truaill
ad-cíad fiadhoin sunn go glan
gur a n-aoínfeacht tarramar- {MS page 67a}Do-bersa ceart na caingne
mar as fearr bherus Aillbhe
mad fearr leat munbudh treorach
beraidh Fithiol fireolach- Do-ghén bar gceart ar Aillbhe
sol deachus sibh a rógairge
reith dháor oraibhsi ré headh
is mairg duine do beradh- Do budh é sin is ceart cóir
ar mac Cumaill meic Trenmhóir
acht gemadh áil duinn teacht ris
is duinne ro breathnaighis- Na habairsi sin a rí
gin gub áil lim sibh gan ní
aderad Fithil na mbreath
dlighidh gach láoch a deigheach- Día ndlighidh cloidheamh a truaill
a meic Cumaill cloidheamcrúaidh
dligidh in truaill sgél go lí
in beilfhleasg óir go gcaoimlí- Ag súd duitsi a Chaoílti chrúaidh
in cloidheamsin cona trúaill
& ag súd suairc in séd
béilfhleasg óir go n-imcoiméd
- tri fichit uinge d'ór dhearg
mar do innill Iollann dearg
iss eadh ata suairc a lí
ar in mbeilfhleisg go gcaoimlí- Deich cced each is deich cced bó
is do-bheradh ní budh mó
ar son in cloidhim go maoín
targaidh dhó Fionn a Formaoíl- Mar tairnic duinn ceart na ffear
dirim cairpteach na ndeighfear
Fithiol is Flaithri amach73
ad-ciam cugainn is Cormac- Ceiltear uainn ceart na caingne
iss eadh adubairt Aillbhe
mo breithsi munbudh treorach
beraidh Fithil fíreolach- Fearaid fáilti Fíana Fáil
risin gcaom gconchar gcomchair
gur suidheadar ar deis Finn
an ceathrar uallach airmgrinn- Sona go ttigit leasa
adubairt Fionn fáidh feasa
mo ceart is Caoílte gan on
daoibhsi tig a leasughadh- Sgél agamsa duit a Finn
adubairt Cormac caomgrinn
sibsi & Aillbhe uas gach modh
is áil leinn diar siodhughadh
- Gabhoir Fithil crodh gan locht
do-deachadar am lupgort
{MS page 67b}do itheadar mo losa dhe
's do millseador mo bláth blaithi- Innisidh Fionn na sgéla
's ní roibh Caoílti74 día séna
an breathsin rug Aillbhe doibh
rus-mol an ceathrar comcoir- Nochan eadarsa nach íad
ro mhill lubhgort Átha Líag
teagaid mo gobhair am dháil
gan fostadh gan iomgabhail- Búachail a ndíaigh na ngopar
gan eagla gan iomomhan
is búachail oile gan locht
agatsa thall ad lubhgort- Do-ghen bar gceart ar Aillbhe
nocha bhiú día comairle
iocadh in lubhgartoir ribh
ar millseat gabhair Fithil- Ag sin breath do bhermaoís féin
ro raidh Cormbac go gcoimcheill
is í do bermaois uile
ar mac Cumaill 75Almhaine- Fleadh agamsa duit a Fhinn
adubairt Cormac caoimhgrinn
aire tanac ar do cionn
mar onóir d'Fíanoibh Eireann
- Deich cced do taoiseachaibh Fían
lodmar go Teamraigh na ngiall
gan caolbháidh gan caingean locht
Aillbe caomnár 's a banntracht- Coig tratha duinn a tTeamraigh
a ttigh in ríogh mhóirmeanmnaigh
ag caitheam bídh is leanna
ba haoíbhinn ar n-airrdheana- Suairc in tuarustal dar liom
dus-rad Cormac da dheóin d'Fionn
tri fichid uinge d'ór dearg
& caoga cú croibhdhearg- Cáoga ceangaltach na gcorn
cáoga fithchioll go ndath ngorm
& cáoga each n-áonaigh
do mac Cumaill armfháobhraigh- Maith ríghe Cormaic is Finn
mairg fuil na ndíaigh a nEirinn
ba hé bleaghan gach bó abhus
lán a sreabhainn ré a tomhus- Mairg táir an aimseir día n-éis
re a hinnisin re a haisnéis
budh sladaighe fir domhain
bradaige mná a gcuileadhoibh- Reacfaigtear iasg mara móir
risna Gallaibh a gcedóir
ar ttoigheacht docum tíre
budh comartha drochríghe
- {MS page 68a}A ndíaigh na naom go n-aille
cleirigh dhíana diogháire
ag foláir chrábhaidh go beacht
is íad féin nocha ndingneat- Gidh olc na cleirigh gan bhrígh
measa go mor na hairdrigh
gidh olc na rígha rabhaigh
measa na maoír threintaphaigh- Día labhraid cluig a gceallaibh
gidh ard leighionn gach seanoidh
nocha mó do-cluin Criost cáidh
no sanais isin camáir- Nochan feadar créd do-dhén
fil mo rosc ag sileadh dér
cloidhiomh Caoilti ba caom gné
is meabhair leamsa gurab éISE