- Innis a Oisin echtaigh
an aignidh gléghloin ghusmhair
an raibh gaol ag Cnaoí Deireoil
re Fionn in chineóil cruthghloin- Cnú Deireoil cnú mo cridhe
ceol is binne da gcúala
séd is fearr boí a síthbrugh
an ghein brigmar bhúadha- Ba hé in ghein ghasta ghlórmar
ba hé in ceól nósmar neimhsearbh
le a ccoideóldis fir ghonta
deagmac Logha meic Eithlinn- Lugh mór mac Cein mic Cáinti
mac mná ba haille i nErinn
ba hí Eithne ingean Bhalair
bean in fhuilt cladhaigh chéibhfhinn- Ar ngabhail ríghe nEreann
do Lugh na mbeimionn mbailctrén
{MS page 65b}ro bhásaigh fine Fomra
neimh a fhoghla san aiér- Iar marbadh Bhaloir bheimnigh
do Lugh an eidigh fearrdha
tainic Eithne ingean Bhaloir
'na dheagoidh go teagh Theamra
- Tainic Tadg mor mac Núadhat
feadhan uasal san áonach
ba maith fíadhoin na feisi
d'iarraidh Eithne ar a háonmac- Do radad dhó an deighbhean
do Tadhg ba calma in deighfear
ro bhoí 'na haonmhnaoí aige
go ttainic a dhíanoigeadh- Ba hí ceidghein na deisi
on feisin a ttigh Theamra
Muirn ingean Taidg mic Nuadhat
in bean ba húaso cearda- Ag sin a ngáol re chéile
a cleirigh tainic chugainn
Eithne ingean Bhaloir bhadhaigh
mathair mathar mic Cumaill- Guidh ar mh'anmain a cleirigh
aga bfuil leighionn laingrinn
do-ghébhair ó rígh Parrthais
neamh dom anmain a Tailghinn68- Guidh ar anmain Chnú Dheireóil
fa binn cineoil a gcoimseinm
giolla ro gabhadh dúana
ní chúala ceol a coimmbinnINNIS