Corpus of Electronic Texts Edition
Duanaire Finn (Author: [unknown])
section 44
- Cairdius Logha ré droing don Fhéin
is meabhair liomsa budhdhéin
gé do-chodar uile in slógh
ad-bhiursa gan iomarghó
- Mathair Logha Eithne ard
do radadh iséin do Tadhg
uaithe ro chinsead sliocht sáor
Tuirn mhor & Muirn mhuncáomh
- Tugad do Conall ní chel
an ríoghan Uirne áithbhél
rug sí mac 's nir bhó donus
an flaith Daire dedsolus
- Mac do Dháire mac Lughach
an giolla seghainn subhach
Lughach ingean Finn go mbríogh
mathair Gaíne na nglainghniomh
- Naisgis Fionn flaith na gcuradh
Tuirn le deaghtríath Uladh
ro bhoí ag in righ go rath
go ttarla táobhtrom torrach
- {MS page 65a}Bean do bhoi roimpe ag in rígh
ingean Buidhph ba mór a brigh
a riocht con ba mor in sgél
ro chuir sí Uirne aithbhél
p.116
- Assaighthear in rioghan réidh
i ttigh Feargusa fhinnleith
go rug sí ba cáomh in clann
Bran ar áon & Sgeólang
- Ro fhúagair Lughaidh Lagha
óir ba heiséin a slána
a cor as deilbh chon go teann
a ffiadhnuise ffear nEireann
- Tugadh do Lughaidh Lágha
an rioghan fhíal fiormhalla
rug sí mac Sgíath fuileach
is Caol crodha cédghuineach
- Ceithre mic Lughaidh Lágha
ro brisdís cath go dána
Cáol cedguineach corcras crann
Sgiath breac Áodh & Iollann
- Moirsheisior do cloinn ní chél
is eadh rug Uirne áithbhél
da triar mac ba meabhair liom
d'ardmhathaibh úaisle Ereann
- A áonmac ro bhoí ag Muirn mhín
nocharbh é ba measa dhíbh
flaith ar ffulaing mionn ar slóigh
Fionn mac Cumaill meic Trénmhóir
- Ba he sin cairdeas nár lag
da ingean Taidg moir mhic Núadat
gin go mairit fein ro-feas
mairidh budhdhéin a ccairdeas
p.118