- Ag so in fód inar ghein Fionn
nochan eadh nach meabhair liom
Muirn mathair in meic mhóir
deighmheic Cumaill meic Treinmóir- Oisín mac Finn feae go neimh
ro geineadh a gClúain Iochtair
ingean Dheirg a nmhathair mhaith
íerna toirrceadh ón ríghfhlaith- Áine inghean in Deirg budhdhéin
mathair Feargusa fhírthrein
céile Eathach Gunat glain
aga mboi Banba bliadhain- Is hí robudh bean do Gholl
Sgannlach ingean do Conall
Dearp conpalta Cuinn go ngoil
matair Chuinn oile is Chodnaigh- Lughach laimgheal ingean Fhinn
mathair Gaine in ghaisgidh grinn
Dáirc dearg mac Finn na ffleadh
athair Gháire59 na ccorrsleagh- Báine mathair in da ríogh
ingean rígh Connacht na ngniomh
mathair Fheidhlimidh in óir
& Cumaill mhic Trénmhóir
- Bean Luighdheach Laga don linn
Dathchaoín ingean Taidg thaoíbhsheing
Úain ingean Crimhthain ní cél
mathair Bhainb Sionna na séd- Cruithgheal siúr Ghuill Féine Fáil
mathair Áodha meic Ronáin
Aoíffe ingean Aodha Rinn an leirg
bean meic Leith Lúacra laimhdheirg- {MS page 63b}Cana inghean Chiothrúaidh ní chél
í fo bean d'Fearghus Fínbhél
Loch inghean Maicníadh gan gheis
mathair Núadhat Finn éigis- Lathoirt inghean Dhá Neasa60
trí teóra bliadhan rus-beara61
mathair Osgair í dana62
ron-boí ag Oisín naoí mbliadhna- Muirionn ag Oisín go beacht
seacht mbliadhna dhi re draoítheacht
mathair a thrí mac oile
ingean Chúalann Cíochmhuine- Da ingean Cumhoill sa fFéin
Sídhe & Súanach budhdhéin
Súanach mathair Fhíachra dhe
is Sidhe mathair Chaoílte- Ainnear inghean Bharráin na ffleadh
bean Chaoílti chruaidh na gcorrshleagh
ingean brughadh ón Bhóin fféil
mathair Teadhmaill is Fhailléin
- Da mac Crochnaide caise
seinge seimhe súlghlaisi
ionmhoin dís búadhach on Brugh
Díarmaid uallach is Osgar- Anmanna mac Diarmada duinn
re hingin Cormaic uí Chuinn
Donnchadh is Sealbach na slúagh
Eochaidh ard & Irúath- Mathair tríair ba calma in chlann
Connla Aodh & Iollann
tri bliadhna ag Díarmaid dha dheóin
Dubhinbhir ingean Fhúairbheóil- Luchar ingean Maicníadh mhúaidh
rug dá mac d'Fionn i n-enuair
Aodh beag Áodh foda
marbh d'aithle na moropra- Áine ag mac Cumhaill gan oil
ní tug mnaoí 'na deaghaid
Dáolghus ba hainm da hathair
mac Lir Síthe Fionnachaidh- Ceatrar ag Trénmor sluaghach
Criomall Cumall cathbhúadach
Conall & Aodh Eangach
ba ceathrar mear moirmeanmnach- Is ceist ar seanchadhaibh sunn
in tríar mac ro bhoí ag Cumall
Fionn &Fiothal fior damh
is Feindidh feta fiorghlan
- Ingean rígh Breatan go mbúaidh
mathair in Fheindeadh armrúaidh
mathair a mheic Chaíl63 nar ffann
ingean righ Innsi Finnghall- Rug dhá mac do Cáol go gcáil
ingein Finn64
Dáolgus ba dían ag dáil arm
iss in láoch laidir Lodharn- {MS page 64a}Bódhmann mathair Fithil fhéil
ceist ar seanchaidhibh íadsdin
& Cumhall a athair
Fithil osna hardfhlathaibh- Clann da dheirbhseatar ma-le
Eochaidh Fionn Fiachaidh Suidhe
Crimall is Áodh anosa
Conall athair Dhíengasa- Cnucha inghean rígh Alban
mathair Fhíacra go n-ardbladh
Taisi taoibhgheal a siúir chóir
ba hí mathair mic Trénmóir- Ba hi mathair Cairill chain
Maoín ingean Smóil a Mumhain
Áine ingean Ealcmhair anoir
mathair Fhearrdhomhain áirmhigh- Teide ingean Chaíl Smirrga
mathair Guill na n-arm n-ímdha
da mac dhég um Gholl na nglac
rug in rioghan do Chormac
- Mathair seacht mac ndeg oile
do chloinn mhóir mhoingbhuidhi
isí do rug do Dhaíghre ón leirg
Aillbhe ingean Labraidh laimhdeirg- Samhaoir ingean Finn breagdha
bean mheic Oilealla fhearrdha
rug Tinnle Cnodhbha is Connla
is Mogh Corb chatha Gabra- Creidhe ingean Coirbre ón linn
ba hí bean Chaoíl í Neamhnainn
Aoíffe ingean Trenmoir anoir
mathoir Chaoíl cona bhrathair- Bean Conaill mic Trenmoir thuaidh
Aillinn siúr Daigre dreachrúaidh
& isí rug re a rádh
dís mac Díangus is Ronán- Da mac ag Conall gan chrádh
Ronán is Díengus dreachnár
aonmac maith ag Áodh Eangach
Conbron cetach caithreandach- Mac Conbróin Díanghus na ndámh
mac dhóséin Cairioll comhlán
feindidh núa an bhúainghlóir ré a linn
ba húa d'úa Conbroin Cairill- Athoir Cairill Díangus Donn
le[i]s65 nár gabh cath nó comhlann
mac do Conall Díangus Fionn66
'sé ba mó ágh a n-Éirinn
- Ni raibh mac ag Diangus Fionn
ó ro dalladh é lé Fionn
acht Diangus d'eg 'na leabaidh
a gCionn Droma Finnteagair.- Nir codail Fionn oidhche ríamh
gur bhó líonmar a chlann 's a fhían
{MS page 64b}gan deóir ghola 'na cridhe
tre dalladh a dheirbhfhine- Gan dol a gcath le mac Cuinn
dha bhron mora mhic Cumhaill
beith 'na ffarradh rob fhusa
's gan dalladh Dhíanghusa- Nir urmais ar a leas
nír mhían leis ól nó aoíbhneas
ro bhí seacht lá gan labra
gerbh e ba fearr urlabhra- An tan do-chluineadh Fionn féin
dalladh Diangusa dreichréidh
a eineach a chiall 's a chruth
do-bheireadh úaidh in t-áonguth- Bás Finn a mBroic ar ndul di
do easgar um líg nDoire
bás Crimaill a Loch dhá Dhall
taoth a ccat Cnuch67 Cumall- Gidh Fithil ba laige lamh
don tríar brathar go morágh
comhlann da chéd leis gan lén
gur thuit re Feargus Fínbhél
- Is é súd in feart fo ffuil
Fionn mac Cumaill is a athair
is Criomall cían ro-clos
& Dáire donnsholus- Trúagh mo sgaradh risin fFéin
feaar dam ádhradh De budhdhéin
mar a rugad Fionn go ngné
adeirimsi ribh as éAG