- A Lía Thulcha Tuaithe shuas
gus ttigdís curaidh go gcruas
dainim da gach ergna33 uaiph
narsat berla go mbithbhúaidh- A n-us deach Gaoidhealg is glór
& ciall bhuilidh blathmhór
ag cur cúart fom chlí do chin
gurab súairc ag seanchaid[h]ibh- Na sgéla ro shirseam ort
innis damsa rádh gan locht
gacha nona lor do bhrath
sgéla mora Mhic Lughach- {MS page 59a}Os duinne féin tuc Dia dil
ré a n-innisin ré a n-áirimh
cía día mbeinn día séna ar seilg
sgéla meic Dáire drechdeirg- Dáire dearg mac Conaill chain
mheic Oilealla mhic Eóghain
issé sin athair airmhid
ag Mac Lughach lánfháilidh- Lughaidh roime d'agalloimh Fhinn
Dáire a gCluain Oirrthir aoíbhinn
tar gach ardbrugh gusan moigh
suaill nach rainic go hAlmhaigh
- An tan tainic Dáire donn
bealach Gabhráin na ngarbhghlonn
ro íadhsat uime ar in ngurt
tri meic Rossa go rúadhfhult- Teagaid ag fiefraidhe sgél
do Dháire úasal airmghér
ro ráidh ba hé Fionn fearrdha
a tríath is a thighearna- Ni hí so do conair chóir
ráidhid meic Rossa romhóir
issé in Fionnsin líth go ngoil
ro bhássaigh ar seanathair- Canaidh créd is maith ann
ar Dáire mór na ccathbharr
acht ar marbadh féin fír dhe
madh hí críoch bhar ccomairle- Ni iarrmaid comairle ar neach
a óga tigidh d'einleath
is fíor in fath gan aga
's bar n-airm diomór difhreagra- Trí nonbhair ro bháttar sin
tri meic Rosa go roghail
& nonbhar do Dháire
ba hé líon a gcomhairmhe- Tuitid tri meic Rosa réidh
d'armaibh Dháire deirg budhdhéin
gidheadh do marbadh uile
muinntear Dháire dhúalbhuidhe
- Innisidh a sgéla íar sin
do mac Cumhaill a hAlmhain
ba maith lé Fionn flaith na fFían
gach a ndearna in righníadh- Fuirigh sunn a nAlmhain fhúair
ag so meisi ag dol budhthúaidh
agad leigheas go líon gceird
a chur fhosaigh fháobairdheirg- An tan tainic leigheas lán
& ro bhaí go hógshlan
glúaisis i ndeaghaidh in tslúaigh
arna leigheas go lánbhúaidh- La día raibhe 'na áonar
Dáire dearg nar dreacháoradh
{MS page 59b}a ttosach oidhche fúaire
ag Sith Buidhbh go móruaille34- Suidhis in féindidh íar sin
tuirrseach d'aithle a aistir
go ttuc día úidh in t-amus
a anshódh cona ocobhrus- Ad-chí & ní a gcodhladh
brugh alainn día oslagadh
slógh gan tuirrsi & muirn mór
soillsi & cuirm go gcomól- Teid sa mbrugh in feindidh fíal
fiadhaightear é soir is síar
suidhis Dáire 'na deaghaidh
tuc a airm ar áighleandoibh
- Fritheóiltear é sa tigh thall
go maith ag Túadh De Dhanann
ro éirigh go dían íar sin
téid eidir an ingheanraidh- Boí dalta ag rígh in tsíodha
díerb ainm Eochaidh ailtmhilla
bean tsubach nar cáineadh ceill
Lughach laimgheal a hainmséin- An tan ad-connairc Dáire
an mnaoí gceinnfhinn go n-aille
ro tidhlaic dhi searc ní35 sáobh
maith le meanmain in macaoim- Faoídhid sa dun ar áon
Dáire 's an ainnear fholtcaomh
gur foillsigh do Dháire íar sin
gurbh am lamhnaidh don ingin- Madh torrach tra thu a bhean
ro ráidh ría Dáire dreichgheal
tug leat go Fionn fath gan gheis
madh mac bheire gan eisleis- Budh maith mac berthor ann
ro ráidh Eochaidh go hinmhall
foigheolaidh mor maine amach
budh é a ainm Gaíne Gaisgeadhach- An úair tainic a hinbaidh
is ro dhealaigh re a troimiodhnoibh
rug sí mac ba caoime bladh
díar comainm Gaíne glégheal
- Tainic fo tri tar a bél
is amlaidh ro-chúala in sgél
istig ag triall a bhíadhtha
in eas alainn aimríadhta- Gabhais in eas 'na laim laích
mór an obair meic bhig bhaíth
an eass ina laim ro lean
no gur eirigh an inghean- Ro hinniseadh in gniom ghlan
tainic cách día coimhfegadh
an eas i laim in leinimh
nír fedadh a n-imdeaghail- {MS page 60a}Gidh bé do innisfeadh thall
eidir sloghaibh na sáorchlann
iss é sin gan táidhe amach
ceidgnimh laimhe mic Lughach- Ro bhoí bliadhain sa dún dhe
aga mháthair budhdhéine
is tainic a ccionn bliadhna
go Fionn fossaidh firníamhdha- Do luidh leis a mhathair mhín
día innisin don airdrigh
is do rad dhó a ccogar chain
gurb e Dáire a dheaghathair- Mar tangattar Fíana Fáil
go teagh Fhinn uile d'énlaimh
ro shuidhseat an slógh ier sin
mar do bhíadh ól a nAlmain
- Íar suidhe don Fhéin uile
a ttigh mhóir na hAlmhuine
tugadh go Fionn ba dearg dreach
Lughach cona mac muirneach- Gabhais in leanam ar laim
Fionn nár adhair d'iomarbháidh
do toirbhir dhó poig
don mac alainn gan urchóid- A mheic aithin h'athair fein
adubairt Finn flaith go gceill
ameasg cáich gidh feidm doiligh
& eirg dhá innsaigidh- Ger lionmar an Fían uile36
eidir righ agus ruire
suidhis a n-ucht Dháire dhil
an mac ba haille a nAlmain37- Gabhais éd bean Dháire dhil
iar ffaixin in mheic mhéirghil
d'olc as a haithle nír fhan
on mac ar n-aithne a athor- Is hí bean do bhoí ag Dáire
Aíbhinn óg go n-iolgháire
bean gan tacha each na óir
ingean data meic Dimhóir- Na déna éd a Oíbhinn38 fhíal
adubairt Fionn flaith na fFían
raghoidh dhuit is beart go mblaidh
sloindeadh in mheic ó a mathair
- Beir leat ar Fionn mac Lughach
in naoídhe suilbhir subhach
a inghean dhata mar dhoigh 39
budh hé in dalta go ttrenghoil- Ann sin rug lé mac Lughach
an inghean seghainn subhach
go teagh a hathor uallaigh
go Clúain Cheasáin chathbhuadaigh- Go ceann seacht mbliadhan íar sin
ro bhoí in mac aga mháthair
{MS page 60b}día oileamhain anba in gníomh
samalta d'adhbar airdríogh- Tig sa fFéin ó sin amach
ba maith a lúth 's a lamhach
mar tainic gniomha goile
d'úa na ríoghna róghloine- Ceidbhean do rad searc go sochla
Túadha ingean ard Áongusa
isí do rad 40 thúaidh ga tigh
a ttulaigh úaine fosaigh- Mac Lughach ar áon is Fionn
ro saith in gcloich os a cionn
os feart Túaidhe attaoissi ann sin
a líog úaine áith fhosaidh- Is hé ro sáith in lía lom
giolla uallach úr ettrom
ge do mharbh áibhlibh níadh
do saith le a laimh in láochlíag
- A cloch ata a tTeamhair Breagh
ro sáith Fionn tre maith meanman
fut atá 41 Aillen 42 amhra
an siodhaighe sáorcalma- A cloch Feadha Gaibhle glain
ro sháith Finn nar ob iorghail
ata Díanartach mar dhoigh
fut is Dearg mac Díanartaigh- Is fear roghain 43 ba garbh gráin
Domnall mac Finn mic Cuáin
fút ata & is dearbh dhe
Conn leidmheach mac Lathairne- A cloch Chairn Fhearadhaigh uill
ro sháith mac crodha Cumhaill
is fútsa ro cuireadh dhe
Daíghre ceóilbhinn cruitire- A cloch ata ar Moigh Raíghne
ro saith Finn flaith go saidhbre
ata Goll fut mar deirtear
& Raíghne roiscleathan- A cloch ata a n-Almhain uill
ro saith go moch mac Cumhaill
Daolgus mac Cairill chais chain
tú os loighe in laoích láidir- A cloch Mhoighe Dithláin dhéin
ro sáith Fionn in treasa threin
fut ata Dolbh Sgoinne in sgáil
& Fionnláoch óg adhnáir
- A clochúd Áonaigh Pataoín
is fúd ataid na deaghmacaoímh
Patan mac rígh mhara hIocht
ionmhain láoch ata fon ffiort- A cloch shleibhe Colláin crúaidh
gus a gceimnighdis ar slúaigh
as red44 tháobh ad-bath in fear
in láoch Collán coisreamhar- {MS page 61a}A cloch ata a nGréin mar Ghloin
do sáith go moch Maoíl Eanaigh
is leis ro cuireadh gan cheilg
uas cionn mic Dhaire drechdheirg- A cloch Cronnmhóna an catha
ro saith Fionn fear in ratha
fúd ataid in tríar ba trom neimh
Conn Codhnach45 is Cuingidh- A cloch atá a nDún os Loch
ro ráidh46 Fionn narbhó hoglach
is fúd ata Bodhmann binn
is Fiacoil Aoí mac Conchind
ocht meic Bodhmainne go mbúaidh
in cuire calma comhcrúaidh- A cloch ata a nDruim Sgartha
do saith Fionn fear in ratha
fúd ata Druim Sionna slán
giolla do thuit le Conán- A clochud Teamra Luachra
ro sháith Finn feindidh fúachdha
fúd do cuireadh ní fios foill
Blathnoid bheag is Cnú Dearóil
- A cloch Ollarbha gan fheall
a ttorchair airdrigh Eirionn
fud ata Leagán luaimneach
& Ronán roúaibhreach- A cloch Seisginn Úairbheoil fhúair
ro saith Finn ba gnáth go mbúaidh
fud ata in láoch ba dearg ga
Sgiath Breag mac Loga Lágha- Dubhchosach Dubhthnuthach donn
dhá mac Morna na mórghlonn
atáid fud sunna re seal
is Iubhar mac rígh Laigean- A cloch ata a nDruim Righe
do shaith Fionn flaith ar ffine
is fud ata Cairioll cóir
& Colla mór ua Conbhroin- A clochud Cairn Fhearadhaigh fhuair
ro saith Fionn códhnach ar slúaigh
fúd ata curaidh na ngiall
Lughaidlh mac Con mheic Mhaicníadh- A cloch mor ata sa Ráith
do saith Fionn feindidh foltbhláith
fúd atáid arna ffolach
Clídhna is Ciabhán casmhongach- A cloch ata ar Tuinn Clíodhna
ro sáith Finn na n-echt n-imdha
rí Easpainne na n-arm ngér
fúd ata Rinnal roithrén
- A chloch mhór ata a gCuan Dor
ro sháith Finn go neart ffáobar
Tor mhac Díancrotha go ngoil
rí Easpainne fot eochair- {MS page 61b}A chloch Glaisi Cró in Chomair
ro sháith Fionn lerbh ait ollaimh
fúd ata Sgorán na sgíath
mac righ Breatan na mboirbtríath- A cloch ata a gCionn Mhara
ró shaith Fionn in fiorchara
fúd ata Cas cuilfhionn cáidh
is Gotha Gaoíthe mac Rónáin- A cloch Bhealaigh Chonghlais gairbh
ro saith47 Finn ar nach ffrith faill
fúd ata Art og an áigh
nar ob cath nar char bannáil- A cloch Finntragha an áir truim
ro sháith mac calma Cumaill
mac righ Uladh Goll go ngoil
fúd ata is Cáol mac Crimthain- A cloch ata ar móin Mhacha
do sait Fionn fear in ratha
ata fot ardbrugh ní chél
rígh Alban Deidgheal Duirbhel- A cloch mhór ata ar Moigh Linn
ro sháith mac Cumaill airmgrinn
fúd ata in triath nar lag rían
ceann na slogh Coinnceann coimfhíal
- A cloch ata a tTráigh Lí lóir
ro sháith Finn tigearna ar slóigh
uch mo cuma aibhlibh níadh
fúd ata Fearghus finnlíath- A cloch mór ata ar Slíabh48 Mis
ro sháith Finn flaith gan eislis
ata Dáire ba dearg dreach
fúd 'na luighe is Flann fuileach- A chloch ata ag Carn Sealbaigh
ro shaith mac Cumhaill49 armglain
fúd ata in láoch ba teann treóir
Sealbach in Berla ó Bhreaghbhoinn50- A cloch mhór ata ag in Eas
do shaith mac Cumhaill airmdheas
fúd ata láoch gan dóghra
Geibhtine dheagmac Morna- A cloch ata 'gCionn Tíre
ro sháith Fionn flaith ar ndhíne
Finn mac Cuáin51 'na luighe
fúd ata is mac Geibhtine- A cloch Eachrusa52 in fheóir truim
ro shaith mac calma Cumaill
fúd ata láoch ba garbh gráin
Dubhán mac Cais meic Cannáin- A cloch ata sa Bhlárna
fúd atáid in dís ághdha
's an da Art don táobh oile
nírbh e in fianláoch fingoile- A cloch Tulcha Cheapáin chain
ro thogaibh Goll in ghaisgidh
{MS page 62a}fút do fagbhadh ger chéim crúaidh
Ceapán mac Morna mhongrúaidh
- A cloch Dhúnaidh na n-Ochtar
fud atáid trí deagochtair
ocht mic Copthaigh ocht mic Cuinn
ocht meic Ursgaith Átha Truim53- A cloch ata a gCuillinn Chlíach
ros-togaibh Feargus finnlíath
gidh bé rod-cuirfeadh tar ais
do gepadh seóid is ionmhuis- A chloch Bheinne Muilt nár mhaoth
o do saith Dáire in deaghláoch
ataoí gan deacair mar dhoigh
os cionn leaptha Mhaoil Eanaigh- A chloch Gaphra ba garbh gráin
ro sháith Caoilti mac Ronáin
fo attaid in dís ba garbh gal
mac Lughach & Osgar- A cloch Thulcha in comlainn chrúaidh
umar thochtadar na slúaigh
fúd atá deagláoch go ngoil
Osgar mac Garaidh greadhnaigh- A clochso Gaphra thúaidh
rus-togaibh Finnb faobarchrúaidh
Cairbre Liffeachair nár lag
fúd atá cona dheaghmhac
- A clochso theas sa chnoc chorr
rus-togaibh Oisín armlonn
dhá mac rígh Lochlann tar lear
fud ataid in dá thréinfear- A clochso oile theas tshíar
in mhaicne ba mór soimhíadh
sé mic Chaoílti ba garbh goil
fud is deaghmac Osgair- A cloch Átha Barráin bhúain
umar gháireador ar slúaigh
urchor tug Osgar ard
dar thuit Barrán bríatargharg- A cloch ata a cCarn Craoibhe
ro sháith Fionn flaith Formaoíle
is fúd ro cuireadh Flann rúadh
in tuir calma chloidimrúadh- A cloch ata a gCrois Áodha
ro saith Finn ba fear áobhdha
is fúd do cuireadh gan oil
an deaghláoch Áodh mac Garaidh- A clochud Ghlaisi Builge
ro sháith Finn mór mac Múirne
is fúdsa ro cuireadh dhe
Daire deidgheal is Daíghre- A cloch lánmhor ó Luighdheac
is lem54 croidhe féin is cuimhneach
as fud ro cuiread 's ní a ngioll
Dubhán dían & Moingfhionn
- {MS page 98b}A cloch Átha Glinne caoín cain
ro saith Finn in flaithfheindidh
Logharn ua Baoísgne go mbúaidh
fud ata in feindidh fíorcrúaidh
fear ba maith luth ar láthair
is Dáolgus a dearbhrathair- A cloch Dhunaid Lodhairn lóir
is fúd ata in cuire cóir
coigear mac Díarmada déin
mar áon is Echtach airmgheir- A cloch ata a n-Eachthghe aird
fud atá ger mór in mhairg
Sealbach úa Duibhne ba deas
óigfear ris nár chiall coimmeas
íar gcur deargáir Féine Finn
maidin a marbhtha a gCruimglinn- A cloch Áonaigh Cairn mhic Táil
ro sháith mac Rosa rinnbhláith
rod-fhagbadh go cliste dhe
os cionn chiste Chróinfhinne- A cloch ata ar Slíabh Aillbhe
ro sháith Fionn flaith gan doilghe
is fúd ro cuireadh nír mhíadh linn
Aillbhe ard uallach airmgrinn- A cloch Croimghlinne ba glas
ro thogaibh Fionn fioramhnus
do-gebhtha agat go gcáil
mor do sgéloibh Bruacharáin- A chloch Chinn Mhorna is dearg dreach
ro sháith Fionn ba línmar creach
is fúdsa ro cuireadh dhe
Dubhán mac Breasoil Bhoirne
- A cloch ata n-Eichtghe aird uill
isí ro sháith mac Cumhaill
ata Gluinfhinn mac Mórna
fud is Dolor gan doghra- A chloch Mhoighe Line láin
ro sháith Fionn féin día láochlaimh
is fúd do cuireadh gan oil
Duibhgreann dána mac Doghair- A chloch Tolcha Fíadhmhoir fúair
ro thogaibh Fionn fáobharchrúaidh
fo a ttáid55 in tríar ba garbh gal
rí Alban 's a dhís brathar- A chloch ata a tTailltin teinn
ro sháith mac Cumhaill airmgrinn
Íodhlann og ro budh mór míadh
fúd ata in feinnidh firfhíal- A chloch Atha Glonnaidh ghloin
ros-togaibh Goll glunladair
attaoí os da Dhuph dhata
calma crodha curata
Dubh mac Morna ro lúadh56 goil
Dubh Róid mac Maoíl Tnuthaigh- {MS page 63a}A cloch ata a gCinn Chluidh57 chrúaidh
ro saith Fionn deaghfhlaith ar slúaigh
fud ata Duphthach mac Duibh
láoch ba harrachta a n-iorghail- A cloch mor ata sa mBrugh
ro sháith Áongus 'na áonor
is fúdsa ro cuireadh dhe
Díarmaid dealbhcamoh ua Duibhne
- A cloch ata a nDruim Chríadh chain
is fúd ro cuireadh Finn feindidh
fear ba hiolardha céd sgíath
tigearna láoch gcalma coimhfial58- Go n-airrchisi Mac Muire
Finn mac Cumaill Almhaine
go ruga leis códhnaibh níadh
in fear ro saith gach rílía- Athair is Mac Rí talmhan
Íosa Criosd dar ccomadhradh
rom-fagbad a ndíaigh na fFían
go críon arsaidh aradhlíathALIA