- Clíabhán cuill cía do-róine
innisidh a sheanóire
& do-rinne cleas cuir
agaibh ar tús ar énoibh- An ccluineann tu a sheanóir thall
an ceist a chuireas in Táilgheann
innis mar is aithnidh dhuit
an cheist ad28 chuireas Patraic- Laithe n-áon día raibhe Fionn
ar sliabh Lúachra na láinghlionn
go ttarla sé ar leith on fhéin
tri fichit láoch go láinmhéin- Ro bhádhmar gin gur threórach
go neamhshadhal aineólach
fa cheó ndraoítheachta ndoirche
nó gur chinnseam comhairle- Silleadh da ttug thairis síar
Finn mac Cumhaill flaith na fFían
ad-chí óglach ard aistreac
go n-earradh ndearg ndeaghmhaiseach- Do bhaí ar deaslaim in fhir mhóir
cliabhán dathalainn deargóir
do ghabhadh mar budh mian lais
a ngabadh d'énoibh thairis
- Sa ttulaigh ttaobhálainn ttruim
tainic in t-óglach chugainn
is ro bheannaigh dhuinne tra
do bríathraibh glesta glaná- Día ttigthæ lim lín d'fheadhna
a Fhinn na fFían ffiorchalma
sean gach dighe do-bhér dhíbh29
& nua gacha seanbhídh- Ro eirgeamar súas go grod
muinntir Fhinn na n-arm n-úrnocht
gidh ar leas ni tainic dhe
leinne nir leasg an eirghe- Glúaisis romhainn in fear mór
do leanamar é 's ba trogh
go cathair Inbhir dhá Shál
áit ar hinnleadh in clíabhán- Ar ndol don fior mhór amach
uainn tar dorus na caithrach
comla ghairbhiarainn gan mhoill
íadhais an uairsin orainn- Seacht lo go n-oidhche gan bhíadh
dhuinn sa chathraigh cladhard críadh
{MS page 58b}gan aoínneach do teacht díar ffios
do chían nó do comhfhogus- Ar aithris in chliabháin chuir
ar saith énaigh gach éinfhir
do-rinne Fionn cliabhán cuill
dhuinn nír seachmidh in fhoghluim
go ffaghmaoís ón chliabhán chuir
ar saith énaigh gach éinfhir
- A gcionn seacht laithe mar sin
tig mac Troghain díar fféghain
do mheas sé nach rabhsam beó
díer ndicheannad i n-énló30- teagmaid aníar is anoir
fa mac Troghain an úairsoin
ar tteacht duinn uime go reacht
nochar foghain do a draoíthacht- Beiris Fionn uainn in fear dearg
risséin ger adhbal ar ffearg
& cuiris slán da thigh
gin gur dheóin leinn a chleirigh- Iocht is fearr do-rinne riam
deaghmac Cumaill flaith na fFían
fear dearg d'idhlacadh slán
& sinne d'eadradhán- Ag sin iocht do-rinne Finn
a chleirigh na mbachall mionn
an fear do i mbread gach n-ágh
leis ro hinn leadh in clíabhán- A Chaoílte gé atú go fann
na leig leam31 día n-abair breg
aoínneach budh commaith le Fionn
in ffacaidh tú ríamh red32 ré- Fo a anam cona chorp
acht gidh dubh anocht mo lí
ni bhí commaith einigh Finn
a nduine re a linn a cclíCLIABHÁN