- A Oisín cía in feart dona
ga ffuil in luige fada
sloinn duinn a seanóir gan oil
cía in feart ós na feartoibh- Cía in feart do claidhead go mór
a Oisín go n-imad slógh
a fhad is méd a luighe
uime atú da fhíafraighe- {MS page 54b}Cía in làoch ro hadhlaiceadh ann
a mheic Finn nar ob comhlann
sloinn duinn a seanóir ma-le
fearr leinn na comradh eile- Leasc liom a innisin duibh
lomlán mo clí día cumhaidh
in líon slóigh ro torchair ann
d'fíanoibh Alban is Eirionn- Na habairsi sin a fhir
a Oisín a fhir eólaigh
rachaid sloigh in beatha búain
a fhir áitheasaigh armrúaidh- Treig do cumha creid budhdhéin
a mheic Finn ba láochdha leim
gaph creidiom cóir gan séna
tug dot úidh na soisgéla
- A Patraic an rim anois
go ffreagrainn ar fhíafraighis
go sloinninn a chleirigh cháidh
cía dar claoídheadh an feartán- Feart Osgair mhic Garadh fhéil
feart fhir aitheasaigh airmghéir
feart laoích go n-iomat ttreideadh
feart curadh feart fírfheindeadh- Feart laoích do chuireadh catha
is do commbriseadh craoíseacha
feart airdrigh go ngniom tréinfhir
feart mic Morna moirfhéindidh- Ata uirsgél agam dhuit
a Patraic día mbeantar cluig
ar sluaghoibh Teamra gan fheall
's ar fhíanoibh aille Eireann- Smúainis mac Cumhaill gan on
airdrigh oireagdha Almhan
an cuimdhe ceann na n-uile
athair teann na trocaire- Glúaisis día oilithre uainn
mac Muirne gusin morbúaidh17
is tri cháoga láoch gan ceilg
do mhuinntir Fhinn faobuirdeirg- Is é ba tigearna ann sin
a nEirinn álainn iúbhraigh
fear borb brighmor um creachoibh
Cairbre líonmar Lifeachair- Meisi i n-ionadh Finn fhearrdha
anm tríath is am thighearna
ba hé ar ttinol riogdha in reim
tri rúadhcata do roifhéin
- Meisi & Caoílti na ccath
Osgar & mac Lughach
Goth Gaoíthe do beireadh búaidh
is meic eile Chaoilti crannrúaidh- {MS page 55a}Domhnall mac Caoílti rom-car
& Téghmall tren talcar
Colla mac Caoílti ní chél
is in fear fírluath Faoíllén- Baí ag Caílte cumhain leinn
ceathrar eile nach airmhim
fir do ládh tossach goile
laoích nár obtach n-irghaile- Fionn mac Breasail fa borb dhe
& Fionn bán úa Baoísgni
Dolbh Sgéine ba fear go neimh
& Feargus fírfhilidh- Áodh mac Finn ba fear go cceill
& Faolán a mhacséin
Baoísgne mac Finn fear go rath
& in Dearg deigheanach- Dís oile ba hionmhain liom
do cloinn Bhaoísgni na mbeimionn
fa borb a mbrosgor 'sa mbrígh
dá mac Osgair mic Oisín
- Dursan leam aireamh a láoch
's a fféindeadh ffuileach ffíorgháoth
le himat a ttaoísseach ffían
tan do biodhmaois ar áonrían- Laithe duinn ina díaigh sin
a nAlmhain a n-ibhthe miodh
a ndún mheic Cumhaill na ttreabh
ag ól is ag oirfideadh- Glúaisis teachta go hAlmhain
mac Corbmac in t-óg angbaidh
d'iarroidh chomhadh ar in fféin
nó a mbeith uile dhá mhíréir- Ann sin fuighlimsi gan fheall
ré teachtoibh airdrigh Éireann
sloinnidh bhar ttosga gan oil
ó Choirbre lonn Liffeachair- Seilg Eirionn do leigean dó
do rí Teamhra nar chan gó
gan lúadh ciosa ó sin amach
nó go ttoir an brath bráonach- Adubairt Osgar amhra
ba hé in milidh mor calma18
sealg Eirionn ní tiubram uainn
do Cairbre coscrach crannrúadh- Ro ráidh mac Lughach go lúath
do-dhenam tabach tréntúath
sealg Éirionn do-ghéntar linn
nó go ttigidh mac Cumhaill
- Cuirmitne teachta go fíor
go mac Cormaic aibhlibh gniomh
go Teamraigh nach treabhdaoís groidh
a mbíodh Cairbre Liffeachair- {MS page 55b}Innisit sgéla gan fheall
na teacta d'airdrigh Eirionn
fograid cath ogal eangach
for Cairbre na claoinTeamrac- Tinóilis Cairbri na ccreach
colamhain teanna Teamhrach
timairgis Laíghneacha19leis
is slúagh Cruachan go coimhdheis- Cruinnigit Ulaidh Eamhna
fa Cairbri chosgrach Chearma
ba hé a ttinól líth nár lag
seacht gcatha fráochdha ficm[h]ar20- Do-rónsam comairle chrúaidh
Fíena Eirionn a n-énúair
cath do tabairt gan chairde
do rígh Eirionn imairdhe- Cuiris teachta go hAlbain
mac Cormaic in t-óg angbaidh
go hOsgar mac Garadh fhéil
fa borb cosgar a caithréim- Maith do freagradh ag Osccar
teachta in rígh od-chúalastar
triallaid tar in ffairrge ffúair
deich ccéd do ghléire ghlanslúaigh
- Rainic roimhe go Teamraigh
Osgar mac Garaidh ghreadhnaidh
rí Teamra ó nach fúair ann sin
tainic roimhe go Gabhair- Níor airigh airdrigh Teamrach
an t-óg alainn ildhealbhach
nó go ffacaidh sa ffaiche
deich ccéd curadh cóirighthe- Láoch rompa ba ríghdha réim
mac Garadh an airm aithghéir
dhó ro budh comainm Osgar
nír b'fearr láoch um thúarustal- Eirghis in rí 'na aghaidh
mac Cormaic chrúaidh chostadaigh
fearais fáilti fris gan fheall
suidhis ar deis righ Eirionn- Inbhaidh dhuit do ló bádha
ro ráidh Coirbri go dána
do tabairt leinne ma-lle
a n-aghaidh Fhinn Almhaine- Ní mhair a Osgair re headh
acht tríar calma curadh
nachar thuiteadair uile
le cloinn Bhaoísgne bharrbhuidhi- Cuimhneóchadsa dhuitsi sin
a rí Éirionn go móirneimh
a Chairbre chóir gan anadh
dhóibh treisi na tromfhaladh
- {MS page 56a}Ro ráidh rí Uladh go rath
Áodhan angbaidh anghlonnach
cubhaidh bar ccomlann ma-le
tú féin 's a' t-Osgar eile- Glór nár bh'ionráidh dhuitsi é
a rí Uladh go gcaoímhgné
ni imtigh talmhain na ttor
láoch budh ioncomlainn d' Osgar- Do-bersa briathar oile
a rí Eamhna íathghloine
nar gabh sgíath no cloidheam corr
láoch da seachonainn comhlann- Gairit ro bamar ann sin
a mheic Carploinn a chléirigh
nó go ffacamar san magh
deich gced catharmach curadh- Láoch rompa go sgeith ccorcra
go n-earradh sáor somholta
go lúirigh ffirthréin ffearrdha
go gceinnbeirt óir oireaghdha- Go sleig rinnghasta roiréidh
go lainn ffada ffaobairghéir
fogha cóir is ceis oile
baí a laim in cathaighe- Ba hé sin in láoch fuileach
mac rígh Lochlann lúathghuineach
for tteasdaibh tainic ó a thigh
on Bheirbhe bháinghlain bhothaigh
- Fostaighim Osgar go ngráin
is mac rígh Lochlann d'enlaimh
mo-ghenor tríath ga ttarla
dá dheich cced curaidh calma- Mac rígh Lochlann ba lonn goil
geallais diongbháil meic Garaidh
mor in feidm freagra d'Osgar
fear a theasta um tuarustal- Cuirthear linn a chleirigh cáidh
ar moigh Gabhra go morgráin
sonn sgíath is geirreann nár mhín
um tríath Eirionn 's um Oisín- Tiagmaid a cceann a chéile
ba curata ar ccoiméirge
leigmit tri gáire cinnte
go gclos íatt a ffirminnte- Diubraicmit ar a chéile
ba curata ar ccoiméirge
teascmid dar lannaibh leabra
ar lúireacha loinnearrdha- Ba hiomdha sgíath 'na blodhaibh
ar moigh Gabhra graineamhail
& corp go gcrechtoibh21 dhe
ó ar n-eachtaibh22 ar a chéile- Do radsam torannchleas teann23
sinne is muinntir rígh Éirionn
nir sguiriomar don treas te
gur dithaigh cach a chéile
- {MS page 56b}Tucc céim cruadh as ar n-ucht
mac rígh Lochlann na longport
cona deich gcéd curadh cain
re gaisgeadh ré gnathiorgoil- Ro marbh céd gacha cearna
sa cath cródha choimhfhearrdha
tainic fein 'na chró catha
mac úasal an ardfhlatha- Od-chlos sin d'Osgar uallach
an cur calma catbhuadhac[h]
freagruis mac Garadh go lonn
mac rígh loingleabair Lochlann- Saitid do chur in catha
an dís curadh comhfhlatha
corcraid a sleagha ma-le
a ngeilchneasoibh a chéile- Nochtaid a lanna liomtha
an dís crodha coimfhíochdha
ar sgaoíleadh a sgíath mballghlan
mairg tarraidh in chathirghail- Ba hé sin in brath fíre
cía comlann rob ainmín[e]
dar thuit mac rígh24 Lochlann lir
do laim Oscair mhic Garaidh- Deich gcéd na Lochlannach lonn
ro thuitseatar bonn ar bhonn
le deic ccéd mic Garadh ghloin
nochar chabhair dar bfíanoibh
- Tug a aghoidh oirne dream
deaghmac Garaidh na ngéirreann
nir gabhadh ris ríoghdha in reim
gur dhithaigh pairt dar ngnaithfhéin- Dearcuis Osgar eile air
ag sloighe in chatha crechtaigh
tig 'na chuinne anba in gnimh
deaghmhac aitheasach Oisín- Od-connairc mac Garadh fhéil
díanreim Osgair go míchéill
leigis úadha coscar cháigh
ar Osgar mhór do dhingbháil- Tucsat ann sin beim ar bheim
in dís curadh ba coimhréil
tollaid da sleagoibh seacda
a sgeith aille óirgreanta- Fuaim a lann ba laochdha in troid
cían ó ionadh in comhraic
's a gcroidheadha ag rodháil reann
ag gearradh chnamha is chathbharr- A Patraic ni dearnadh ríamh
a ffogus nó a n-eidirchían
ní dingentar go la in Lúain
a measraightear na morshlúaigh- Sochtaid fir Eirionn uile
ag eisteacht re a n-urluidhe
no gur tuit mac Garadh gloin
do laim aitheasaigh Osgair
- {MS page 57a}Ata liom do mheabhair ghloin
deich gcéd meanmnach mic Garadh
gur chuir Osgar go roghrod
a gcoscar 'sa gcrúadhchomhrac- Eirgis fearg adhbhal ann sin
íar cciorrbhadh a chuirp choimhghil
a gcoinne rígh Eirionn áin
robudh deacair a n-eadráin- Timceall in cro catha
is teaghlac an ardflatha
gur chuir ár in catha crúaidh
ag rochtain Cairbre crannrúaidh- Togbhais Cairbri in sgíath uallach
's an lann breachtach bhithbhúadhach
togbhais in da sleigh go neim
a n-aghaidh Osgair échtaigh- Léigid úaidhi in sleigh seadhmhair
go mac Oisín úirfheadhmaigh
go ndeachaidh thrid in tsleigh theann
corp in churaidh gur chróighearr- Le hOsgar maith ro freagradh
is urchur fuair airleagadh
do theasc ceann Cairbre go neimh
do bheim curata cloidheimh- Od-connairc Oscar Eamhna25
nach raibhe féin infheadhma
téid dia choiriugadh mun ccath
ar cholamhnoibh na Teamhrach
- Deich gcéd is tri catha ar slúaigh
ar moigh Gabra go mórbhúaidh
ba hé ar ttinol ag teacht as
fiche ced feindeadh foltchas- Fada damh dia n-áireamh sin
a mic Calprainn a chléirigh
ag feitheamh a ffeart go ndath
ar moigh goirtiomdha Gabhra- Go riomtar gaineamh mara
ar áon agus réltana
ní haireamhtar trían a ttrín
ar marb Osgar mac Oisín- Creidim duit a cleirigh chaoímh
a Patraic iodhain foltchaoímh
is creidim do rígh neamhdha
gurab é mo tigearna- Barrán mac 26 Milidh don moigh
Togán mac Dáire Breathnaigh
tuitid in dís ba garbh goil
do laim aitheasaigh Osgair- Tuitis rí Uladh liom féin
Áodhan aiteasaigh aigmhéil
a los sgeith is chloidhimh chuirr
ar lathair chatha is comlainn- {MS page 57b}Ro thuit rí Laighean na learg
lé hOsccar chruaidh cloidheamhdhearg
tuitid láochraidh Laighean de
le deaghchloinn chosgraigh Chaoílti
- Ro bhásaidh Cairbre go neimh
Forlámh mac fir Chuirb crechtaigh
tri bronaibh27 do laimh Osgair
le mac Garadh gormrosccaigh- Le Barrán mac Milidh Mhúaidh
taoth seacht mic Chaoílti crannrúaidh
da mac Osgair réil go n-ágh
do thuitseat fós lé Barrán- Mór in gniom do-rónadh ann
Osgar is airdrigh Éireann
Art mac Cairbre líon a shlúaigh
is Mac Lughach go lánbhúaidh- Seacht meic Chaoílte ba garbh goil
& Osgar mac Garaidh
ro thuitseat ba borb a mbrigh
's da mac Osgair mhic Oisín- Da mac rígh Laighean na long
ro thuitsead tra bonn ar bhonn
mac le hOsgar ba garbh gnímh
is mac eile le hOisínA OISIN