Corpus of Electronic Texts Edition
Duanaire Finn (Author: [unknown])

section 38

    1. A Lorcáin mheic Luighdheach láin
      meic Brenoinn bhaíth mic Baodain
      an ní día ttá Dún nGáire

      sam eólach 'na tromgháire
    2. Inghean do bhoí ag Dubh mac Duinn
      dar comainm Daolach dioghainn
      carais Fionn na ffían ffearrdha
      an inghean fhíal inneallda
    3. Cuiris eachlach d'iarraidh Fhinn
      feacht día mbádhmar a cCroimghlinn
      do lodmar as go Beinn mBroin
      da hiarraidh ar a hathair
    4. {MS page 53a}Trí céd láoch go ngniom ngrod
      lodmar atúaidh dia tochmharc
      fúaramar earradh gach fir
      an oidhchesin ón ingin
    5. Ba maith leisin ingean uill
      is ba maith le mac Cumhoill
      an toisc tangamar dia tigh
      & ba maith lé a mhuinntir
    6. Ro ráidh Dirraing mac Doghair
      & nochar rádh fholaigh10
      do-gephthaoi congal is cath
      isin maidinsi amarach

    7. p.22

    8. Adubairt Fionn flaith na ffían
      a Dirraing mic Doghair shíar
      cía eidir ar tír ar tuinn
      chuireas iomarghal eadroinn
    9. Clíabhach ri Coinceann coir
      gabhus a tTraig Inbeir11 Móir
      ar tteacht co dún Beinne Brain
      isse chuirius an iorghail
    10. Ann sin ro ráidh Duph mac Duinn
      go molbthach re mac Cumhaill
      dingébhsa in loingius lán
      dia ngabhaid sa tracht ttonnbhán
    11. Eirgis uainne Dubh mac Duinn
      tri c[h]éd deaghláoch druim ar druim
      gabhaid seachnóin na fairrge
      go srothaibh criche Cairbhre12
    12. Do gapsat Coinchinn chrúaidhe
      fa Cliabach go mét n-uaille
      leigid airgne síar is soir
      fo sliabh Colláin meic Crimthain
    13. Teagaid laimh re traigh atúaidh
      tri mhíle Coincheannach crúaidh
      ro marbhsat ar maidin Dubh
      cona muinnteir 'na ccodladh
    14. Tuitis sís isin sruthair
      Dubh mac Duibh óir ba duthain
      ó bheith da corp sa ghlaisi
      do lean ó Dhubh Dubhghlaisi

    15. p.24

    16. Teagaid íar sin go Dún mBrain
      leigit trí garrtha gabhaidh13
      ro lean don dún Dún nGaire
      od-ratsat trí tromghaire
    17. Cuirid fir ar fud fairrge
      go rainic Ceann na Cairrge
      gur gabh cách ceann a chéile
      a ttracht Oirir Uirshleibhe
    18. Teilgis Clíabhach cleitín cruinn
      tre slogh meic Mórna in mórghluinn
      nir fed coisceim seacha sin
      rob áil le cách é d'oighidh
    19. {MS page 53b}Ro theilgsean cleitín eile
      go Fionn do budh sgél sgeile
      go ttorcair Fionn Failbhe
      d'fuiliugadh a áonlaimhe
    20. Teilgis in treas cleitin cuir
      go ro marp Glas mac Ingair
      go ttorchair Glas a Moigh Mhaín
      do leathtaobh Droma Deargchaín
    21. Do riacht mac Lugach Lágha
      go lúath docom14 na tragha
      go ttorchair Cliabach sa ghleó
      do comrac Gaíne ghairgbheo
    22. Do marb Torcán & Tarbh
      ro marb Garbhán & Garbh
      do marbh Labraigh is Leasgor
      ar áon Maolán & Measgor

    23. p.26

    24. Marbhuis tri cháoga sa cath
      don mhanaoís moir meic Lughach
      ba hainm don láoch ag cur cleath
      in lásin Cáol crodha cedach
    25. Tucadh leis ceann Cliabhach cruaidh
      go Fionn a ffíadhnuise in tsluaigh
      agus fagbais 'na luidhe
      ag mac Cumaill Almhaine
    26. Adhaig is Uath is Uath
      a gcomlann ba brúach ré brúach
      na trí galgada gábhaidh
      ro marbh Faolán fíorlamaigh
    27. Torchair lé Faolán mac Finn
      Accais & Ágh is Éislinn
      Corrán in ceatramadh con
      rodus-marbh Ailbhe a áonor
    28. Torchair Troma sa tráigh shiar
      lé Dubh Dromán nar bhó dían
      gin go ttainic slán da tigh
      marbh Dubh Dromán doiligh
    29. Ro mharbh lucht na ccenn gcon
      a marbadh ba mór in modh
      fearrdorn a ffiacoil gach con
      lán glaice laich na timcioll
    30. An cathsin tuc Fionn fearrda
      & Coinchinn ceanngarbha
      ní tucsat cath 'na deaghaidh
      acht cath Átha Breó a mBreaghoibh

    31. p.28

    32. Do bhui Dáolach 'na deaghaidh
      ag mac Cumhaill airmleabhair
      gur baithead[h] ag snámh in bhean
      a Moigh.Aird in da Inbhear
    33. Do lean Aidhne d'Aidhnidh shoir
      do lean Dáolach do Daolaigh
      bean Finn & a hingean
      atáid sonna a dhá n-inbhear
    34. {MS page 54a}Do rad Fionn a bheannacht mbúain
      do Cháol crodha ba mait búaidh
      tré bheannachtain fhire Finn
      tarraidh creideamh in Táilghinn
    35. Díarmaid úa Duibhne is Cáol
      is Oissín mac Finn fíorcháomh
      ag lámhach ar tír ar tuinn
      nír teilgseat urchar n-imruill
    36. Gach ní do teilgeadh Caol cas
      ro gonadh é go hamhnus
      ní bhlaiseadh bíadh no beathaid[h]
      ar in talmain tromleathain
    37. Ingean Ábhartaigh fuiligh
      cedsearcus Caoíl chédghuinigh
      do rad in sleigh mbric mbreachtaigh
      do Cháol ina cédsearcaibh
    38. Coicc lamha Chaoíl ina crann
      triocha urlach na hiaronn
      do budh bláith áluinn a halt
      tuilleadh 'na dhorn15 duthracht

    39. p.30

    40. Duthracht Duirn buidhe bhúadhach
      a hainm a ghaoís anúabhar
      Duthracht sleagh Abhartaigh finn
      do lean a hainm don abhoinn
    41. Mar do ghlantaoí in ga glas
      a hInbear in da Eachlus
      do bhí an sruth mear amoigh
      ina dhíaigh go dearg ón fhuil
    42. Sabharn tuc in brat bladhach
      do Cháol crodha comramhach
      tug inor ingantach leis
      nach gontaidhi faoí no thaireis
    43. Sábharn ba bean bhunaidh
      do Caol mor asin Mumhain
      is hí dus-rad Cáol gan chloinn
      trena sidhe sa sabhrainn16
    44. Marbh Caol re cois Patraic féin
      thuaidh isin Midhe moighreidh
      gur adhnacht a cCrosaibh Caoíl
      mac Lughac[h] ann da leathtaoíbh
    45. Is misi Feargus féine
      fada dam tar éis na Féine
      ro chosnus mo chuid don tráigh
      sa lathairsin a Lorcáin
    46. A LORGAIN


p.32