- Fiafraighis Patraic Macha
d'Oissín mac na flatha
cía tír dot athair a fhir
don Mumhain no do Laighnibh- Is mé inneóssas duit sin
a Tháilghinn a thairrngeartaigh
in tír ó a ttigid na fir
clanna Baoísgne meic Deaghaidh- {MS page 52b}Lios Beag ainm in leasa shíar
a n-Uibh Badhain mhóir na ffían
is as do geineadh Fionn fáidh
mh'athairsi is athair Fhaoláin- Ba Lios Beag ainm in leasa
inar8 geineadh fáidh feasa
ro chinsead go fíor na fir
ó chlannoiph dísle Deaghaidh- Fionn mac Cumaill go lí ccroth
meic Baoisgne meic Fir dha Roth9
meic Cuinn mhic Garaidh go ngoil
meic Daire dhuinn meic Deaghoidh- Ceitri mic Dáire go ngoil
feirdi in tír ar gheinstair
Cú Rí ba ri ar gach tír shoir
Baoisgne Fiachaidh is Eochaidh
- Cu Rí mac ba sine dhibh
is Baoísgne a ndeaghaidh Chon Rí
Fiachaidh ba foixe dhó sin
& Eochaidh 'na dheaghaidh- Mac Baoísgne Garadh na slógh
mac do Garadh Conn cathmór
mac Cuinn Fear da Roth nar ffoil
is mac d'Fior da Roth Trenmór- Mac Trenmhóir Cumholl na ccath
mac do Cumall Fionn fathach
mac don Fionnsin mé budhdhéin
ionnsa mo bheith for micheill- Ag sin mar deaghlaid na fir
ó Dháire dhonn mac Deaghaidh
gan mo spéis a cceól go lí
tar éis na cceól ad-chluintí- Dén re Críosd mo dháil go grod
ní fuil acht mh' iasacht agad
do líon cumha mo croidhi
d'eis na ccuradh fiafraigheFIAFRAIGHIS