- Sgríobh sin a Brogáin sgribhinn
do comrádh fhírgrinn fheassach
ní d'imteachtoibh mic Cumhaill
do fhulaing mor ttaom ndeacrach- Eisdeacht ré n-abair Oissín
do comrádh roimhín ríoghlan
ní chúala ón cheithrinn chródha
sgél budh cora 1 do sgriobadh- Innis a mheic na flatha
do glór bhlasta is beag mbréige
sloinn duinn go milis milla
sgéla fíora na Féine- Innis duinn gan dol seacha
narab é in freagra failleach
cía fath fa ttucadh Caoílte
ar fhear sgaoílte na sgainnear- Teagmit lá ar Lúachair Deaghadh
da ceathrar cródha in buigean2
móirsheisear dhúinn mun airdrígh
ionmhuin dream airdmhín fhuilteach- Meise is Daolgus is Díarmaid
tríar fuair a ffíanbhoith fulacht
tri mic Áonchearda Berra
Finn féine is mac Lughach
- Gairit duinn ar in tulaigh
cían bhus cumhain an sgélsoin
go ttainic sa magh 3 fodbhán
óglach morard ar enchois- Iongnad ionnioll an óglaigh
togbhamaíd airm re a fhaixin
trí lamha leis ar lúamhain
gné in ghúalaigh ar 'aghoidh- Áonchos faoí ar lár in tsléibhe
don beinn go chéile chugainn
áonshuil a cclár a edain
'sé a feghain mheic Cumhaill- Ní raibhe acht áonleim dhosan
tar gach ngleann ffodbhán ffasaigh
ní roicheadh dhó acht ar eigin
bord a edaigh4 tar a mhásaiph- {MS page 51a}Léine do chíarsnaith chasda
ionar lachtna is rúadhbrat
cochall mór ciordhubh cíartha
do sheiche fhíadha ar a úachtar- Mo na lán duirn gach milidh
'na chois mhóir dhírigh dubhguirm
fuide nó crann gach sleighe
ó a ghlúin go roiche a modharn- Ceinnbeirt don cochall cetna
fan maoíl ghlesta mar ghúalach
ba lór do gabadh dhúine
sgath a laime 'sa ghruamdhacht
- Ar tteacht dhó ar in tulaigh
adubairt ar ttoigheacht chugainn
gur beannachaid na dée
duit féin a mheic Cumhaill- Gur bheannachsa ar Fionn feinnidh
cía tú a énfhir nach aithnighim
innis duinn bar n-ainm bunaigh
a fhir go gculaidh gcroicinn- Lon mac Liomtha mh'ainm baisde
rug mé ar aisde gach céirdi
is mé is ollamh gabhonn
ag rígh Lochlann sa Bheirbhe- Líomhthach óg inghean Bholcáin
nírb olc a conách cloinne
ní mairg fear fuair mo mháthair
rug mé 's mo brathair eile- D'iarraidh coimreatha cubhaidh
tanac chugaibh ón Bheirbhe
adeirid is lúath sibhsi
a dhream is clisde ceirde- Geis oirbh is troigh mhná troghain
a lucht thosaig gach teannta
muna leantaoi bhar n-ochtar
me go dorus mo cheardcha- Lingidh uainn mar ghaoíth n-earraigh
ag dol tar beannaibh sleibhe
gur leabamar é in uairsin
beagán d'úaisliph na Féine
- Do leathtaoibh Lúachra Dheaghaidh
seach dhorus Bhealaigh Luimnigh
tar slíabh Oigidh tar Eachtghe
glúaismit ar gceitri buídhnibh- Buidhean dhíbh sin in gabha
cach go fada 'na íairnéis
aga mhór aige ó Dháolghus
Fionn 'na aonar 'na ndíaighséin5- Díarmaid & mac Lughach
feadh tri ttulach 'na ndeaghaidh
meise is tri mic in Cearda
'nar mbuidhin chalma cheatrair- Tré Mhagh Maín tré Mhagh Maine
cían uainn d'aithle ar tturuis
{MS page 51a}a gceann Mhoighe mhóir Mhéadhbha
tar Áth Bearbha tar Mucais- Laimh re feart Fraoích mhic Fidaigh
nírbh é in siubhal nár sháothrac
tar Gleann Cuilt is tar Cruachain
ann sin do lúathaigh Dáolghus- A Magh Luirg síos go Séaghais6
beirmit cheana ar a chéile
do-chúaidh in gobha is Daolghus
uainn a máolchnoc Chinn Sléibhe- Teagmaoíd ucht ar Úaimh Chorainn
ceachaing romainn bar Dáolgus
fuirigh go foill a ghabha
ní ragha asteach at áonar
- Tíaghaid ar áon san úamhaidh
Fionn ga ffúabhairt go fearrdha
fúarattar builc da séideadh
fuarattar cré is ceardcha- Inneóin is uird ga mbúaladh
lé trénbhuinne lúath lasrach
seacht ccloidhme leó arna síneadh
'na mbróinibh dirge dhata- Ro ráidh Lon féin ga ttoghdha
risin sgoil ndorrdha n-adhbhoil
mo chuidsi so 'na hénor
gan denamh dona harmoibh- Cuiris teanchoir fon teallaigh
togbhais lía ceithre ndromann
do-rinne in gabha is Dáolghus
urlaighi fháobhrach udmhall- Da ord mora ag in ghabha
& teanchair thailc tháobhglas
tri lamha leis ga ffreastal
is maith do freagair Dáolghus- Do-níd lann crúaidhghér crithreach
fa maith biseach ré búaladh
feadh duirn dhi gan da fháobhar
'na buinne caomhghlas crúadha- Teidhis re cneas na ceardcha
Dáolghus ba teann a throda
ba deirge na gúal gartha
a shnúadh d'aithle na hopra
- Do ráidheastar na gaíbhne
ba lór gairbhe is grúamdhacht
cía in fear caílti gan time
shíneas in tinne crúadha- Ro ráidh Fionn aga ffreagra
fear gach ceisde do sháoradh
budh hé sin a ainm choídhche
Caoílti da rádh re Dáolghus- Ag sin dhaoíbh mar do baisdeadh
maith a gaisgead[lsqb ]h[rsqb ] 's a gniomhradh
Caoílte leis nár ghnáth éra
cóir a sgéla do sgriobadh- {MS page 52a}Fritheóiltear ar Lon láidir
in coinneamh tainic chugainn
dentur teagh lóghmar leaptha
bhus cneasta do mac Cumhaill- Tabhraidh dhóibh féin dha ttaisgidh
lúach an aistir gach aoinfhir
do fhreastal catha is comhlainn
sleagh is gormlann go ffírnimh- Leigidh dhamhsa Fionn fosaigh
do-bher dhó coingir chatha
sleagh dhíreach sleagh roidhíreach
is cloidheamh fírdheas fada- Tugaid dhuinn na hairm shénta
tar éis a ndénta in úairsin
ocht ccloidhmhe is naoí sleagha
ór mhinic cneadha a crúaidhneinmh
- Mac in Luin lann mhic Cumaill
do chuir ar fulang feóil daoíne7
in Drithlinn ag Diarmaid drechtach
in Crechtach lann chrúaidh Chaoílti- Fead & Fí is Fosgadh
mór gcoscar riam rom-cuirseat
cloidhme triar mac in Cearda
mor tteannta riam ro-dhluighseat- Ag so um laim Gearr na cColann
do bhíodh toram a ttrodaibh
an Échtach ag mac Lughach
ba subach ar ceann chosgair- Ba maith ar n-édach dubhdhonn
ar gceól n-én cclumdhonn gcochlach
um trath eirghe arna mhárach
dhúine ba sasadh colla- D'eirge ghréine arna mhárach
ar slíaph langhlan Lúacra
ba maith ar lanna léapra
ar sleagha reamhra rúadha- Is ionnsa críoch go foircionn
ar in slúagh foiltfhionn fhíorghlan
a sgríbhneóir peinnghil Pátraic
is mairg tarraidh a sgríobadhSGIOBH [sic]