Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])

section 32

XXXII

Mathghamhain Ó hUiginn .cc.

    1. Ar ghuth éinfhir anaid Bréifnigh
      —báidh lem chroidhe an cleas ra-niad—
      neart is na hógaibh gor éirigh;
      4300] do thógaibh ceart éinfhir iad.
    2. Ríoghraidh Bhréifne na mbrat gcorcra,
      curaidh uallcha nar ob gleo,
      foireann gach cláir fhéarmhaoith eagair
      re gráin éanlaoich leagair leo.
    3. 4305] Niall mhac Tomáis na dtreas n-ághmhar
      is é an t-aoinfhear ó bhfill céad;
      ní ghabhann fear d'Íbh Ruairc ríghe
      gan chuairt i dteagh gríbhe Gréag.
    4. Mág Shamhradhán
      [...]
      Midhir,
      4310] Mongán Cruachna chorcras rinn,
      géabhaidh gríobh Ghaola go gealBhóinn
      dá shíol Aodha fleadhmhóir Finn.
    5. Fa Chonnmhaicnibh le cath mBréifne
      béaraidh sidhe le sleigh ngéir;
      4315] fuath Bréifnigh im Airear n-Eithne
      téighfidh claidheamh neimhthe Néill.
    6. Dá shleigh leathna leomhain Teamhrach
      tús na ngaithleann ghéabhas siad;
      tosach troda dháibh ó dheoraidh
      4320] dá láimh bhoga leomhain Liag.
    7. Gá bhfios dúinne nach dó treabhthair
      Teallach n-Eachach an fhuinn ghloin,
      ní thabhair Niall dóibh a dílse,
      do fhóir Brian an tírse thoir.

    8. p.281

    9. 4325] Tús imreasna ó fhearaibh Bréifne
      ag baidhbh Chruachna an chomhráith shuairc,
      flaith Beannchuir ag boing re tachraibh
      teanchair do chloinn rathmhair Ruairc.
    10. Teallach n-Eachach na n-arm líomhtha
      4330] ag léim bhearna bíd re chois;
      gé robh ar sódh iad nó ar anshódh
      ní brón do-niad rashlógh Rois.
    11. Croidhe fiadh ag faisgin chuanart
      ag cath bhiodhbhadh bídh re Niall;
      4335] bídh ag bile Dhor go diaghair
      cridhe chon fiadhaigh go fiadh.
    12. A pheall taoibh ar dteacht ón chliathaigh
      cotún uaine
      [...]

      is í in-uair chagaidh a chearchaill
      4340] a thruaill sgabuil bhearntoill bhláith.
    13. Deargthair leis ar láthair chliathcha
      a chroinn fhaobhraidhe a fhál sgiach;
      do-niad ar bearna i luing lubhair
      buinn a fheadhna im churaidh gCliach.
    14. 4345] Ag so an drongsa, a dhreagon Uisnigh,
      uathadh tír nach téigh a nós,
      do chroidhe fial, a bharr Bréifne,
      crann im nar iadh féithle fós.
    15. A Mhéig Shamhradháin ó Shionainn
      4350] nar sheol boidhre do bhreith cheall

      [...]
      brughaidh do bhuadha
      Ulaidh, a fhir Chluana id cheann.
    16. Deirge agus gile id ghnúis tibhrigh,
      a thuir Bhréifne re mbím chois,
      4355] an dá dhath ba dhual ar foirinn
      id ghruadh, a sgath roibhinn Rois.

    17. p.283

    18. Rugais geall ó ghné na dtorchraobh,
      a chruth míndearg meic mheic Bhriain;
      geall, a sgath Banbha, ba breithte
      4360] re dath t'abhra ó eite an fhiaigh.
    19. Fuarais dealbh nar dhorchaigh míorún,
      a mheic Thomáis na dtaobh seang,
      léir ar dhath do ghruaidhe gairthe
      nach smuaine, a sgath Aichle, fheall.
    20. 4365] Tuar ratha do ríoghraidh Bhréifne
      beith go mín dod mhalaigh shuairc;
      fóbra dhod léim, a fhlaith Íle,
      maith do bhéin ríghe d'Íbh Ruairc.
    21. Ceinéal mBréanainn na mbrugh ndaoineach
      4370] dream as fhéile do fhuair sionn;
      ar dtriall ót fhéin, a fhir Bhaoille,
      gar dtigh féin badh aoidhe ionn.
    22. Nír sgibh croidhe churadh Saingil
      re sonn gcorcra gcraoiseach réidh;
      4375] troigh an fhir agus a abhra
      ní sgibh re goin ngallgha ngéir.
    23. Ruathar feirge flatha Manann,
      a mheic Thomáis, ro chuirfeadh sgáth;
      glór ro bhéaradh éad ar Oilill
      4380] a-déaradh géag roibhinn Ráth.
    24. Ball einigh nar urmais Guaire
      do ghabh ar bhronnadh bhó laogh,
      togbhaidh barr Cearna ar ar gcongnamh
      ball nach dearna Conghal Claon.
    25. 4385] Nír ghrádhaigh Niall naidhm a chlaidheamh
      a chuach mbreac ná a bhrat ná a laogh;
      sairghidh rí Duibhe re daidhbhreas
      duine gá mbí saidhbhreas saobh.

    26. p.285

    27. Mág Shamhradhan shíodha an bhrogha
      4390] bhriseas cliathach re cró sleagh;
      is lór do thoirmeasg a theichimh
      slógh coimhleasg re beithir mBreagh.
    28. Tearc im Bóinn baile nar thaisdil,
      tearc im Chruachain críoch nar airg,
      4395] ionmhuin le Niall adhaigh fhada
      faghail chian aga ar gach n-aird.
    29. Fuil Éibhir fa a aighidh bhfáiltigh,
      fuil na gColla tre chrú Néill,
      siad n-a n-eanglais im thuir dTeamhra
      4400] fuil Fhearghais fuil Fhearghna fhéil.
    30. Mac Nualaidhe do-ní a shluaigheadh,
      síodh dá cheangal, creach dá deilbh;
      táth na sluagh ar bile mBanbha,
      tuar nimhe tuar faghla an feidhm.
    31. 4405] Rinn gliadh beodha ag brisiudh chliathcha
      ag cleith Éirne an earrla bhuig
      ar los na dteach
      [...]

      ní bhuail neach acht
      [...]
      i dtroid.
    32. Deireadh feadhna ag fágbháil tachair,
      4410] tosach inn gá abhra dhubh,
      tús do iarr ar a fhear comtha
      is Niall i dteagh ndorcha ag dul.
    33. Ní hé uamhun a arm séanta
      slóigh Dhanar do dhruid re Niall,
      4415] acht méid ghairge con í Cholla,
      airde dá cor orra ós fhiadh.
    34. Laisgidh searrach slat i ndeabhaidh,
      drúcht mar mhónainn i meor bhug;
      cuiléan lonn ag léim go damhraidh
      4420] bonn Néill go talmhain ní thug.

    35. p.287

    36. Borb re comhursain cleath Mhálann,
      mín re héigsibh a ucht geal,
      n-a fhaire fa ghlaisGhlinn nGaibhle
      craidhe fairsing baidhbhe Breagh.
    37. 4425] Teallach n-Eachach nar ob chliathaigh
      cródha an tionól téid fa bhreith;
      ag flaith Ráth ní róigh a fhulang
      tóir i n-Áth Chulann gar gcreich.
    38. Cotún uaine im airgneach Cruachna
      4430] coiléan buailteach bhriseas ghliaidh;
      buarach trom ma onchoin Uladh
      folchaidh bonn curadh i gcriaidh.
    39. Ní thréigfe mé ar mhaithibh Connacht
      ceinéal mBréanainn bhriseas maidhm;
      4435] m'aire ar n-ól na dighe dearmaid
      ar slógh bhile sheangbhuig Shainbh.
    40. Deargaidh sneachta snuadh a leacan
      nó an lá bruithneach bhíos re gréin;
      fleachadh ag garadh a ghealbhall
      4440] aghadh leathan neamhghann Néill.
    41. Is áireamh réaltann i reo gheimhridh
      guth ar onchoin Átha Cliath;
      is obair dhuine ar mbreith bhreithe
      beith ag tuibhe chleithe Cliach.
    42. 4445] Obair shamhraidh sheabhaic Bhréifne
      buaidhreadh Uladh an fhuinn réidh;
      adhbhar eagla an obair gheimhridh
      freagra chogaidh neimhnigh Néill
    43. Niall mhac Tomáis na dtreas meinic,
      4450] mac meic Bhriain na mbratach ndearg,
      is blagh do rath dreagain Dealbhna
      eagail le cath n-Eamhna a fhearg.

    44. p.289

    45. Ar ghuth Athracht anfas Muire
      ag móradh cháigh cuma dhamh;
      4455] géabhaidh linn Luan na n-anman
      sinn dá gruadh ghlanbhall go gar.
    46. Ar guth