Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])

section 29

XXIX

Maoilin Óg cc.

    1. A sháith d'oighre i n-ionadh Bhriain
      coimhdhe san ionadh a n-uair;
      3845] do-ní a leas is a leas féin
      ní dá gach cléir teas is tuaidh.
    2. Aithris mhaith ar Brian do-bheir
      gach flaith gá riar nó go raibh;
      is le cliaraibh cáin an fhir
      3850] gérbh áil libh a hiarraidh air.
    3. Mág Shamhradháin re bhfill fóir
      rinn gach armagháidh rob áil;
      cá tarbha breith ar na buaibh
      buain re cleith n-Annla ó nach áil.
    4. 3855] Tomás mhac Briain bhronnas sgor
      biaidh ar a chomas a chrodh;
      ní sgítheach bhfaghla barr Breagh,
      cá tarbha seadh ann i n-or?

    5. p.251

    6. Craoiseach croinn leabhair n-a láimh
      3860] do bhoing tre chneadhaibh i gcriaidh;
      druim an fháinne sa gcrann cruaidh
      do-chuaidh ó bharr Gháille i ngliaidh.
    7. Leomhan conchar ó Chreit Rabh
      gleic re chonfadh ro badh cion;
      3865] ar ndol tre chairthe ó bharr Bhreagh
      do bhean lann dá aithle d'fhior.
    8. Gabh an rannso dhó dom dhán,
      gan chradh damhsa ní dó as dual;
      áirmhid gach maith do bhí ar Brian
      3870] gach cliar, a fhlaith Lí, god luadh.
    9. A shlógh fhir na n-abhra ndubh,
      gé tharla ibh ag ól fhleadh,
      is romhaibh budh chóir a chur
      a ndul thoraibh go Bóinn mBreagh.
    10. 3875] A chath marcaigh Mhoighe Réin
      gan n-a chartaigh shloighe shluaigh;
      créacht nocha dtabhair an tóir
      ná róigh éacht n-a aghaidh uaibh.
    11. Binn an comhrádh do chan mé
      3880] re hó gColmán do ghabh gnaoi:
      'Ar glór do shuirghe, a fhlaith Lí,
      do bhí cuimhne mhaith ag mnaoi.'
    12. Cá hoireacht nar loisg go léir
      do choisg a toigheacht dod thóir?
      3885] ag teacht do ghéig Theamhra i dtír
      bídh a meanma n-a méid mhóir.
    13. Creach a fhaghlaidh ag an fhior
      dar fhalmhaigh teach agus tor;
      dá dhíon dá éise do an
      3890] mar do ghabh gríobh Chéise crodh.

    14. p.253

    15. Doirbh a leanmhain ar mbreith bhuair
      ar mbeith a theaghlaigh re thaoibh;
      a n-aghaibh cleath Eine d'fhóir
      nach dóigh creach eile ar a aoidh.
    16. 3895] Lucht foladh nach dóigh do dhul
      ar a omhan do-chóidh car;
      mar thugsad aithne ar barr mBreagh
      fear n-a aithle ann nír an.
    17. Leathar leis gach breath ma mbia;
      3900] cá neach ar nach ceis a clú?
      gidh mór an síoth dó cleith chró,
      ro bo mó a dhíoth bheith gan bhú.
    18. A throigh í Cholmáin a Cliaigh,
      do roghráin i dToigh an Trír;
      3905] beag nach creach slighe bhur sluaigh,
      ní fhuair a leath tighe i dtír.
    19. Fatha a gcagair do-chluin sé,
      gach a n-abair a bhfuil faoi;
      budh iad do sgéala, a fhlaith Lí,
      3910] gach ní maith a-déara an draoi.
    20. Glór slóigh re hó gCuinn a Cult:
      'Dá dhruim is dóigh doid clódh cniocht;
      aince an duine do fheall ort
      ar dtocht i gceann uidhe ar t'iocht.'
    21. 3915] Glór a bhiodhbhadh re hó mBriain
      ar n-a gclódh, gidh diombladh dáibh:
      'Ní har an arm do bhí buaidh
      acht buain, a bhadhbh Lí, red láimh.'
    22. Mac meic Dhonnchaidh dreach mar shuibh,
      3920] ní toghthair acht breath dá mbeir;
      gach fear fial tarla i n-a thigh
      do riar fhir Bhanbha do-bheir.

    23. p.255

    24. Nocho lamhair dol n-a dháil,
      ní tabhrair crodh acht i gcéin,
      3925] ní iompá cleath Eine ón fhóir,
      go róigh a chreach reimhe ní réidh.
    25. Arm trom do bhuille do bhlagh
      don chronn rob uille san fhiodh;
      is iad ro fhill ag baidhbh Bhreagh
      3930] na hairm do bhean inn ó fhior.
    26. Mairg duine ná dearna rioth
      re n-ó Meadhbha Muighe Rath;
      ní thug dá úidh san uair each,
      nír smuain leath a chúil re cath.
    27. 3935] Mág Shamhradhán ro shaor sgoil
      raon tre bhadhbhraghádh do-bhir;
      bídh neimh ar fadhbhaibh ó bhfuil
      fan ghuin sin d 'armaibh an fhir.
    28. Mac Maoile Meadha is maith linn
      3940] dan deala caoine a raith rinn;
      gach conair do chreach ó Cuinn
      ní bhuing cleath Chodhail re cill.
    29. Ní ghrádhaigh ó Cuinn an cradh
      gan bhuing a chrábhaidh re cion;
      3945] nocho tabhair i séad seadh
      géag Bhreagh acht dá fhaghail d'fhior.
    30. Tomás mhac Briain, barr na lúb,
      ní mall acht ón ghliaidh an ghéag;
      flaith Taoidhean gé do fhóir iad
      3950] slóigh Liag ní maoidhear a mhéad.
    31. Craobh dhruimneach ós a dhreich mhín,
      a bhruinnleath gá cleith do chlúimh;
      taise nó gur chlaon an gcéibh
      ní léir re taobh caise an chúil.

    32. p.257

    33. 3955] Lón gach cléire i ngroigheach geal;
      oineach í Chréidhe is mór mion;
      gon tí gar adhair géag Gamh
      séad dá rabh aghaidh gon fhior.
    34. Airgfidh gach neach ná fuil faoi
      3960] n-a theach acht muna thoir sé;
      ag feitheamh gach neich fa ní
      a mbí ag teicheadh re cleith gCé.
    35. Mairg as bhiodhbha dá bharr thiugh
      nochan iomdha a chlann ón chion;
      3965] ní mairg dan cara ceann Breagh,
      teann do lean a fhala d'fhior.
    36. Gach ionbhaidh ro ghabh a ghreim
      an cradh dá bhiodhbhaidh gur bhuing;
      ó nach é bhus urra inn
      3970] ar mhill sé is cuma d'ú Chuinn.
    37. Ní meinic bhíos aghadh air
      an talamh fa chíos ro chuir;
      moltar aisdear each an fhir
      ba sir cleath Mhaisdean dá muin.
    38. 3975] Tomás mhac Briain barr mar chnú
      biaidh a chlann ós mhac gach mná;
      léim a fhoghla ó rígh ní ria,
      go gcongbha Dia a thír mar tá.
    39. A sháith do mhnaoi ag oighre an fhir,
      3980] a gnaoi nocho coimhdhe chruidh;
      an chraobh ní ghéabha fa ghroigh,
      éara as-toigh ar aon ní fhuil.
    40. Nualaith riamh ní docht re duain
      gach cliar ag tocht tar an treoir;
      3985] ní reich a diomdha ar a dáimh
      gidh iomdha go gcleith gceoil.

    41. p.259

    42. Inghean Méig Uidhir ucht nua
      n-a bruidhin a lucht re lá;
      gidh iomdha flaith im chraoibh gCró
      3990] is mó do shaoil maith na mná. A sháith
    43. An rannso dhó ar a dhuain féin
      feirrde a-chách Tomás mar tá;
      iomdha giall n-a thigh ón treas
      riar an fhir a leas re lá.
    44. A sháith.