Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])

section 25

XXV

Niall Ó hUiginn .cc.

    1. Nír bháidh teine Teallaigh Eachach
      as úr gleandál;
      ard a lasar dhonn nach diombuan,
      3325] trom a teannál.
    2. Teallach n-Eachach iomdha a chroinn chiuil
      as chóir sheinntear;
      an tuath fo heallach ní hairgthear
      teallach teinteadh.

    3. p.217

    4. 3330] Teine bhithbheo bhias ar fadódh
      fríoth n-a ghleannaibh;
      dá lasair dheirgthe mar dhonnfhuil
      teinte an teallaigh
    5. Teine bheo bheannachtan Phádraig
      3335] gan phláigh dh'fhaghbháil,
      teine bheo na gcríoch do chongbháil
      ar fhíoch n-anbháil.
    6. Loise tionóil Teallaigh Eachach
      —d'eagla a frasghan
      3340] ní seachbhaidh d'fhóir caomhna a cleasradh;
      laomhdha an lasradh.
    7. Crithre theinteadh dTeallaigh Eachach
      mar ór n-asnach
      fa chois ríogh Éireann go hUisneach
      3345] léibheann lasrach.
    8. Gealbhainn a theinteadh gá dtogbháil
      ór dtoigh thromshluagh;
      iomdha ós Teallach Eachach airmghéar
      deathach donnruadh.
    9. 3350] Nír fhaomh oireacht
      re thaobh ag toigheacht go reannaibh
      sluagh Eine an áigh;
      teine nar bháidh teine an teallaigh.
    10. Fadódh ar gríosaigh is gnáth re
      3355] gasraidh n-Uladh;
      meinic do théigh teas a theineadh
      cneas gach curadh.
    11. Teine bheo bhithbheo na Bréifne is
      brodla sgríobhaim
      3360] go flaith Mhuighe gormLuirg gránduinn
      donnbhuird díoghuinn.

    12. p.219

    13. Losgudh caigcríoch
      crithre n-a gcaire cosg deighfhear,
      lasar n-a laomh dhonn gan dubhadh,
      3365] caor throm theineadh.
    14. Teine bhithbheo
      nach báidh uisge agus í ag deargadh,
      teine bheo ar a bhfuil úidh ughdhar,
      tuir Dhúin Dealgan.
    15. 3370] Laoch Muighe Sléacht na súl mongach
      mín re ceallaibh;
      ní bhí d'fhior eile n-a hurraidh
      teine an teallaigh.
    16. Teine bheo ar eineach 's ar eangnumh
      3375] is ar uaisle
      —teagh ríogh ní reich—
      fear do dhíol fo dheich ar nduaisne.
    17. Tomás Mág Shamhradhán Shionna
      nar shir doimhiadh
      3380] mar do bhí Brian agus gach rí
      riamh gá roiriar.
    18. Ar mbreith ar buaibh
      ma gach gcreich nochon fhuair urchur;
      laoch nach garbh nglóir,
      3385] ar mharbh don toir ro bo turchur.
    19. Taoiseach bheanas orraim d'airdrígh
      is é ar sódhfhás;
      gach rí ar a dtug maidhm fa mhíonós
      ó thairm Thómás.
    20. 3390] Ag cách cantair:
      ní gnáth antair re hó n-Eachaidh;
      dá threas tachair
      do dhathaigh gach cneas dá chleathaibh.

    21. p.221

    22. Maith ma dhuais n-iarchomhairc d'éigsibh
      3395] —ard an ghnaoisin;
      maith ma dtug ó Duach do dhuasaibh
      tuath an taoisigh
    23. Teallach nDúnchadha do dhíochuir
      as a ndúthaigh;
      3400] cródha an dream do-cháidh go Cruachain
      ceann Fáil fúthaibh.
    24. Iomad lúireach ngeal is ghormat
      re barr mBóchna,
      rob iomdha ar an áth lann líomtha ar
      3405] sgáth crann gcróchdha.
    25. Iomad bratach meic Bhriain Bhreaghaigh
      nach bras mbaothghlóir;
      iomdha go cladh reilge ríoghthóir
      meirge maothshróill.
    26. 3410] Fear ríoghtha is aithríoghtha airdríogh
      is é ar slóghfhás;
      ní bhí buachail
      do na Trí Tuathaibh acht Tómás.
    27. Mág Shamhradhán
      3415] na reann as éachtairgneach Taoidhean;
      dá arm go n-ór
      ar mharbh ro bo mór re mhaoidheamh.
    28. Mac meic Dhonnchaidh deargas cathbharr
      cúich nach molfa?
      3420] i ndlús deabhtha
      a sheachna ar dtús ro bo toghtha !
    29. Nír theich tachor
      man gcreich ag crathudh gach caschroinn;
      ar broinn bhearna
      3425] do roinn gach gealgha dá ghlasloinn.

    30. p.223

    31. Mac Briain Mhéig Shamhradhán Sheaghsa
      sheachnas fhionghuil,
      an té threabhas
      ní hé bheanas ag a bhiodhbhaidh.
    32. 3430] A haithle an áir
      ainm gach móna ó mharcach Umhaill;
      móin an mhadhma
      don tóir ru ba gharrdha gubhaing.
    33. Fál suaithnidh sleagh
      3435] fuaighfidh an clár geal re ghoirmshliabh;
      dá chosnumh ní thriallfadh tromshluagh
      iarthar Oirghiall.
    34. Ó Inis Taidhg go Tráigh gClaoininnse
      ag craoibh Oidhbhe;
      3440] leis Loch Mac n-Éan re Gleann nGaibhle
      agus Beann Bhoinre.
    35. Gach fear dar airg d'Fhearaibh Manach
      móide as urra:
      do chuir ó Cuinn ar íbh Colla an
      3445] chuing mun gCumhnga.
    36. Cách re flaith Fáil;
      fíorfaidhear fáisdine ar ndruaidhne;
      biaidh gach fear as fhearr go nÉirne
      re ceann Cuailghne.
    37. 3450] Críoch na Bréifne
      biaidh aige 's ag cloinn a chloinne;
      sgoth Chláir Chime
      ag Loch Dhinne is cáir an choinne.
    38. Smacht anbháil ar airdríoghaibh Banbha
      3455] ag baidhbh Luaraidh
      gor chu
      [...]

      Brian ós na Brianaibh do bhuanaigh.

    39. p.225

    40. D'Eochaidh Fheidhleach,
      d'Eochaidh Mhuighmheadhón ro moladh
      3460] ríoghraidh Inse Fáil na bhfileadh
      dáibh fa dholadh.
    41. An treas Eochaidh a-tá im Thomás
      na dtaobh seangbhog,
      Eochaidh do fhuair clú i ngach comhrag,
      3465] ní dú a dhearmod.
    42. Clann Ruairc mheic Thighearnáin Teamhrach
      im thuir Máighe,
      Mac Diarmuda Bearbha is Bhúille
      —is damhna áille;
      3470] na trí Eochaidh Breagh is Bhóinne
      fa fhear n-Áine.
    43. Re reacht roimhear,
      re neart a chloidheamh 's a chraoiseach
      bidh lom gach tír i bhfoil fásach
      3475] thoir taoiseach.
    44. Deirge ná an fhuil aigheadh marcaigh
      Mhuighe Feimhin;
      gnúis ghairthe a ghnúis;
      a fhaithche gan túis gan teinidh.
    45. 3480] Mac Maoile Meadha agus mac Briain
      ós gach fhlaithfhréimh
      rug buaidh ó mBriuin,
      na sluaigh tug go ciuin dá chaithréim.
    46. Mág Samhradhán sidhe bhuadhaigh
      3485] gach buaidh leanas;
      tonn ghleo géirthe
      a ceo trom do Bhréifne bheanas.

    47. p.227

    48. Ar cosnumh chreach
      cinnidh ar taoiseach gach tuaithe;
      3490] cruaidh airm ro fhill
      fa na buaibh ar ngairm Chinn Chruaiche.
    49. Re freasdal bhfear
      re teasgadh a sleagh ag sróllfhás
      téighthear do loinn chruaidh an chaoildias
      3495] i dtuaigh Thómás.
    50. Tomás mhac Briain
      baramhail do dhreagun Bhéirre,
      Dolbh ar cionn chealg,
      Fionn agus Bodhbh Dearg ar déine. Ní
    51. 3500] Inghean Éadaoine earrla bhláith
      bhíos 'n-a dhualaibh,
      a dreach mar rós ós gach ríoghain
      nós do Nualaidh.
    52. Inghean Méig Uidhir, aigheadh dearg,
      3505] dhíolas laoidhe,
      buaidh rug as a hóige ar fhéile,
      móide ar maoine. Ní
    53. Diall re hathair
      ag inghin Domhnaill Dúin Mháighe,
      3510] a mholudh is deaghdhual dúinne
      gealghruadh Gráinne. Ní
    54. Caillin Fiodhnacha dar bhfurtocht
      ar gach bhfaghail;
      do fhóir sé ar gach ndoigh n-a dheaghaidh
      3515] mhé ar goimh ngalair.
    55. Brian mhac Ruaidhrí Rátha Guaire
      gríosaidh fháidhe;
      airgfidh ar dteachtadh gach tíre
      bhreacMhagh mBáine. Ní

    56. p.229

    57. 3520] Toirdhealbhach mhac Aodha Uisnigh
      áithcheodh sbleighe,
      re gleo ngarg do ghabh Mhagh Midhe
      's Mhagh n-ard n-Eine. Ní