- 3100] Do fhóir Dia dobrón ó mBriuin,
a-tá ar gcudhnódh chliar n-ainiuil;
ní fóill ro ghlac sé an slóighsin
gor fhóir Mac Dé an dobróinsin.- Rob ionann dobrón dóibh sin
3105] cliara Banbha agus Bréifnigh;
gor sgaoil toil Dé dá ndeacraibh
nírbh é soin a saoileachtain.- Do shaoilsead cliara chláir Bhreagh
fa fheall d'fhóbra ar fhear Maisdean
3110] nach biadh im chlár fionn Fódla
dámh ón fhioll gan fhurfhógra.
- Mar soin do saoileadh uile
ag sluagh Bhréifne braonuighe,
cath ná léirchreach nar lamhadh
3115] rath Bréifneach do bheagaghadh.- An dá dhroingsin leath ar leath,
dámha cáich 's an cath Bréifneach,
rob é a luadh sgaoileadh gan sgur
sduagh Thaoidhean muna thíosudh.- 3120] Ní leig Íosooirrdheirc so
uadh a mhuintir a-mugho;
fríoth cabhoir Dhé fa ndeacraibh,
do fhalaigh sé a saoileachtain.- Táinig mac Briain bhronnas cradh
3125] ó fhionghuil mhaicne a mháthar;
ar taithleach gé thí an ghasraidh
bidh aithreach í an fhionghalsain.- Gér uthrach ón fhionghuil mhóir
mac Briain Chliach nach creid leabhróir,
3130] teacht do ghéig Thaoidhean dá taigh
nír léig sgaoileadh dar sgolaibh.- An céadlá ro fheallsad air
slógh máthar meic mheic Dhonnchaidh
nós do sduaigh Inbhir an fheall
3135] do-chuaidh ar imlibh Éireann.- Cidh nach sínfeadh sé ar gach leath
nós meic Bhriain go mbarr ndruimneach,
ní bhí cliar an tann nach tair
acht ag triall go barr mBeannchoir.- 3140] Tusu an mac Briainse an bhairr thruim,
a Mhéig Shamhradhán shúlchuirr;
nach lór d'fhógra an domhain dúinn
t'óbra tre fholuidh n-iomthnúidh.
- Tnúth riot, a Thomás, tug soin
3145] feall ort dod bhráithribh bunoidh;
tuig, a rí Cál agus Chuilt,
do bhí i ndán duid a dhíoghuilt.- Sloinnfidh mé dod mhalaigh dhuinn
blagh sgeoil do sgríobhadh romhainn;
3150] sgéal léaghthar mar as dual dúnn
do-ghéabhthar uam man iomthnúdh.- Tig iomthnúdh mór re Mac Con
ag Oilill Ólum uasal;
gor roidhing cách ceann i gceann
3155] ba gnáth Oilill gá imdeall.- Feallais maicne a mháthar féin
ar Mac Conba cleas aigbhéil;
an sduagh bharrlag nír bháidh sin
tre fharmad áigh is einigh.- 3160] Mac Con mar do cinneadh dó
ba heagal leo a thocht tarrso;
cúis na Muimhneach fa fheall air
teann Luighdheach ar an luchtsain.- Iomthnúdh fhear n-Éireann uile
3165] do bhí re barr Almhuine,
flaith Áine gan uabhur mbreath,
re huamhun láimhe Luighdheach.- Éarais Oilillanba an fheall
Mac Con cosnumhaidh Éireann,
3170] go ndearna soin siobhul neirt,
fa bhloigh don Iobhur oirrdheirc.- Tig aonta ag Oilill na n-each
re hArt d'ionnarba Luighdheach;
gor sgaoil sé an fíochphobul fill
3175] do dhíochrodar é a hÉirinn.
- Éire d'Oilill is d'Art fhial
fágbhais Mac Con mhac Maicniadh;
nír ghluais géag Thaoidhean ó thigh
acht aoinfhear déag go deimhin.- 3180] Re n-áireamh ní anfa sinn
tuirreachta Luighdheach luaidhim;
nó go dtáinig fear Lí a le
don fheadh do bhí ní bheimne.- Gluaisis roimhe flaith Fódla
3185] a-noir d'aithle a urfhógra;
do chleith Lacha Tí nír thearc
deich gcatha fo thrí ag toigheacht.- Aoinfhear déagnír bhuidhean bheag
is deich ndeaghcatha fichead
3190] ní tháinig slógh Laghdhach luinn
gan a lór cabhlach cugainn.
[...]
go hOilill 's go hArt
(Lugh) Mac Con críche Connacht
do roinn Fhódla na ngart nglan
3195] fa fhógra d'Art nírbh iongnadh.- Mac Con ba chuid d'Fhódla fhinn
éarais Art agus Oilill;
mó riamh a rath do Lughaidh
triall sa chath do-chualubhair.- 3200] Tarrla bás Eoghain is Airt
le Mac Con sa chath urrdhairc
gor chosain gart Éibhir Fhinn
bhar éirigh d'Art is d'Oilill.- An dream nachar dhíothaigh díbh
3205] Mac Con na gcomhrag n-ainmhín
flaith gaoil don aicme nír an
nó gor sgaoil maicne a mháthar.
- Mar sin do-ghéana, a ghruadh bog,
dul fon lucht ro fheall orod;
3210] gach a bhfuil díbh fa fheall ort
at-chím nach geall red ghuasocht.- Ag sin sgéal beag dod bhais ghil,
a Mhéig Shamhradhán shuilbhir,
a ghéag bharrlag Bhanbha, is beacht
3215] tre fharmad tarla a thoigheacht.- Formad riot fo-deara dháibh
feall ortsa, a fhéinnidh Gabhráin;
a shlat Ché gan chor d'fhaghail
Mac Con rob é th'ionamhail.- 3220] Neimhiongnadh tnúth, a thuir Bhreagh,
do bheith riotríoghdha t'fhoinneamh
ar díoth sluaigh, a chleath Chomuir,
ar buaidh gcreach, ar chomhlonnuibh.- Ar iomghuin mbeodha, a bhadhbh Dhor,
3225] ar cagadh ar bord mbiodhbhodh,
ar loinneart gcruaidh i ngach cath,
ar toirreacht sluaigh go seabhrach.- Ar méad do mharcshluaigh mheanmnaigh,
ar cródhacht, ar ceithearnaibh
3230] do ghnaoi is foda suas mar soin
ar cruas do throda i dtochroibh.- Ar iomad do ghealgha ngéar,
d'iomad do cholg 's do choiléar,
a shlat nachar dhiommol dream,
3235] ar iomad glac is ghaithleann.- Ar uaisle do theaghlaigh thréin,
d'iomad mac ríogh god roiréir,
ar meanmnaighe is ar méad sguir,
's ar greadhnaighe, a ghéag Gabhraidh.
- 3240] Ar ruagaibh leabhra i ló chreach,
ar chosnumh na mbord mBréifneach,
ar léim go dian i ndeabhaidh,
ar réir gcliar gach cineadhaigh.- Ní lughu ba déanta dháibh
3245] tnúdh red réidhe, a rí Gabhráin;
is tú as réidhe ag riar na sgol
ó Shliabh Bhéirre go Beannchor.- Maith an chúis fhormaid oile
riot, a mheic Bhriain Bhóroimhe;
3250] toillfid ar nduaisne, a dhreach bhog,
neach fat uaisle ní ágbhod.- Seanchas t'athar, oirrdheirc sin,
do shloinn Mac Fhir bhinn Bhisigh;
a bharr Cé ro mhór mise,
3255] nach lór é dá innise.- Sloinnfidh mise diaidh i ndiaidh
t'uaisle ó Mhóir, a mheic shaoirBhriain,
do thóguibh rinn dealbha dhuid,
a chinn Teamhra ar a dteagmuid.- 3260] Naoi ríogha fichead fuair rath
umud, a Thomás Teamhrach,
móide ar daghlaoidh do dhuas cruidh,
suas ó Amhlaoibh go hEochuidh.- Amhlaoibh is Art, Domhnall Dean,
3265] Fearghal is Domhnall déidgheal
dá Thighearnán mad thaobh slim,
a chraobh chineadhnár Chuilinn.- Domhnall, Niall congalach cas,
dá Fhearghal, suairc a seanchas,
3270] Art Breagh is Ruarc druim ar dhruim,
dá fhear dá ruacht gart gealChuinn.
- Tighearnán tréan an cathfhál,
Seallachán caomh, Cearnachán,
Dubh Dothra is Dúnchadh na gcath,
3275] Baoithín is Bláthmhach buadhach,
cúl na bhfionnchladh mbarrghlan mbog
is Criomhthan Almhan umod.- Sgannlán umud, a fholt cas,
Aodh Fionn, Fearghna agus Fearghas,
3280] dias fhuineadhach ba gharg gal,
Muireadhach ard is Eoghan.- Duach Galach is Brian Banbha
umud, a fhir fhionnGhabhra,
ceann slógh ros seachain mearól,
3285] is Eachaidh mór Muighmheadhón.- Ag sin do gheinealach grinn
don leithsin, a laoich, thuirmhim,
is am tnúidh seanchas mar sin,
a bharr gealchas múir Mhidhir.- 3290] Gidh be do bheath re fhagháil,
a Mhéig shúlghuirm Shamhradháin,
iomdha cúis gan damhnadh dúinn
dod ghnúis budh adhbhar iomthnúidh.- Do thoillis tnúdh bhan mBanbha
3295] riot, a fhéinnidh Eachlabhra,
ar bharr ndrolshlámach ndleachtach
ngobhlánach bhfann bhfinnleabthach.- Ar béal ndearg is ar dhéad mbán,
a mheic Bhriain bhréagas bandál,
3300] suairc táinig, a fhir Eanaigh,
's ar bráighid ngil ngéiseamhail.
- Ar glaic mbarrdhuinn, ar barr cas,
ar taobh séimhidhe solas,
a í Dhuach nach crandta creach,
3305] is ar chalpa luathléidmheach.- Ag so, a Mhéig Shamhradháin Sháigh,
dolaigh uthrais ar éadáil
cúis laoidhe gairbhghleic do gha,
a dhaighmheic Maoile Meadha. Do fhóir- 3310] Meinic fhóire d'aighidh ghil,
a inghean mhall Mhéig Uidhir,
a Nualaidh go gcéibh gcladhaigh
ar chéim n-uabhair th'ollamhain.- Usaide amladh laoidhe
3315] duid, a inghean Éadaoine,
do ghnúis mar ghréin ndeirg ndealbhdha
do théigh n-a leirg loinneardha. Do fhóir- Is tú, a Athracht fhóireas dháimh,
mo chrodh, m'ionnmhus is m'éadáil,
3320] is tú an ógh a-tú do thagha,
is tú m'ór is m'asgadha.Do fhóir