- Millte Éire d'iomthnúdh Ghaoidheal,
ní gaol síodha an seol do-niad,
a bhfíoch gá gcursun a caomhthach
dursun nach fríoth d'aonghuth iad.- 2940] Méad a n-iomthnúidh fa iath mBanbha
bheanas díobh Fhódla an fheoir chuirr;
an tráth badh leo léim fo Ghallaibh
gleo ar gach bhféin i gclannaibh Cuinn.- A milltear dh'Fhódla is é mhilleas
2945] gan mhian síodha ar sean ná ar óg;
do mhill ar n-oiléinne Éire
soiléime linn féine an fód.- Ní as fhiadhnaighe d'iomthnúdh Ghaoidheal
gabháil mheic Bhriain an bhairr thláith;
2950] idh ar cheann Tuama do theannadh
ní huadha as fhearr ceangal cáich.- Maith chuimhnéaghas cúis a mhóide
mac meic Dhonnchaidh deargas ghó;
mairg as a dhál as go hacas
2955] i nglas lámh nó daghcas dó.
- Gabháil Tomás tug an chéadóir
chrích n-Éireann ar ionchaibh Gall;
do bhí ar bhfaire fa ghlas Ghaoidhil
's ni raibhe acht cas aoinfhir ann.- 2960] Mág Shamhradhán do shíodh Ghaoidheal
do ghabh Dia gá dhreich mar ghrís,
táinig an fear a hidh eile;
dhá thigh mo chean reimhe a-rís.- Do fhuaslaig greim a ghlas lámha,
2965] ní leigfe an mBréifne ar bhreith Ghall;
do bhean an nglaic as gérbh aimhdheoin,
ait an bhas gan ainbhfeoil ann.- Táinig dá thigh mac meic Dhonnchaidh,
ná déanad Gaoidhil glór tláith;
2970] musgludh fhir Éirne as a idhibh
do-bhir éirghe ar cridhibh cáich.- Nír choimse imshníomh fhear mBréifne
a bhas Tomás is tú i láimh;
ba ndearnadh ort nochorbh iongnadh
2975] socht ar reabhradh bhfionnbhan bhFáil.- Créad fa dtiocfaidhea i dteach nGaoidhil,
a ghnúis fhir na n-earladh gcas?
do fhéad tú gan tocht dod ghabháil,
nír dhú gan olc d'agháil as.- 2980] Maidhm do ghéibhinn, a ghlac Thomás,
Teallach n-Eachach rob é a tháth;
títhe ó idh an ghlais id ghealbhois,
don bhais ghil do cheanglais cách.- Saoth liom mar leanaid don iomthnúdh
2985] oireacht Bréifne bhréagaid ciuil;
gach géag geal re chéile i gcoimhmeas,
Éire is eadh bhoingeas d'íbh Briuin.
- Ceangul síodha ar sluaghaibh Banbha
beag badh iarrtha d'airgneach Gall;
2990] cosnadh cách a orrainn d'Fhódla;
ní tráth comainn d'fhóbra ann.- Slóigheadh combágha i gceann Tomás
tír do-bhéara ar bheagán cháith;
ó Taidhg má tharla ar tí an fhorráin
2995] ní bhí tarbha i gcombáigh cháich.- Beag do-fionntar fraoch a ghaisgidh
re ghnúis ndeirg go ndéantar cion;
go roich do mhac Bhriain go bunadh
dar lat biaidh go humhal d'fhior.- 3000] Mág Shamhradhán shirfeas comunn
an cneas mín ní mairg re dtug;
ní do theinne chreasa an chloidhimh
seinge a shleasa roighil rug.- Mná aontumha ag iomrádh Tomáis
3005] n-a dtigh uainghiusa is air bhíd;
ni cóir gach laoi luadh an Bhréifnigh
a gruadh do mhnaoi téighthir tríd.- D'inghreim Bhréifneach beag bha déanta
man ndonn cassa mar chrann siuil;
3010] dál ar leith dá chineadh cagadh
milleadh neich bagar ó mBriuin.- Maith tig don dreim deabhtha d'aghbháil
uathudh lucht dan lugha an díoth;
mádh goire an deabhaidh ní déanta
3015] d'fhearaibh Moighe Sléachta an sioth.- Fraochdha a n-éirghe d'oirchill bhiodhbhadh;
beag a bhfios ma bhfreagraid ghliaidh;
sgiath geal re gach n-ais mar éighthir
sleagh ar bais gach Bhréifnigh biaidh.
- 3020] Leasg dan dleasda dul dá bhfóbra
fir Bhréifne ó bhíd slios re slios;
leagar ós cheannaibh druadh deathach
ag luadh Teallaigh Eachach dh'fhios.- Gan éidiudh leo acht léinte tana
3025] dá dtreas deabhtha deargaid niuill;
gnaoi ar na léintibh lá na troda
a-tá am shléibhtibh boga ó mBriuin.- Cródha a n-inneall d'fhios an tachair
teaghlach an laoich lingeas díog;
3030] cloidheamh foda ar cliu gach curadh,
troda is riu dho bhunadh bhíod.- Groidhe sleamhna, sriana breaca,
béarthair chucu ar gcluinsin sgéal;
sgor seang ó ghraifnibh na ngiolla
3035] do bhearr d'fhaithchibh fionna a bhféar.- Mairg nach adhrann dh'fhearaibh Bréifne
beith i n-a ndíon dóibh as lia;
dleaghar theacht i dteann re cáimthe
neart an dream dá ndáilfe Dia.- 3040] Ní gaol creiche ciomhsa a dtíre
Teallach n-Eachachanba an tóir;
bheith ag an fhior im Ghleann nGaibhle
fiodh ma gceann ní daingne dhóibh.- Lán Éire d'uamhan bhar gcogaidh,
3045] a chaithmheic Bhriain i mbím lios,
do radadh dí a dílse sluaghaidh,
bhar dtírse is í uamhain d'fhios.- Éasgaidh dtroda Teallach n-Eachach;
rob é mo ghlór re ghruadh mbreac:
3050] 'Géabha dá dtí sibh ar sluaigheadh
dod thigh ní nar luaidheadh leat.'
- Súighfe chugud chóigeadh nGeanainn,
a Ghleann Gaibhle an ghreadha luaith;
ni cuma caol as fhearr uirre,
3055] do thaobh a heang tuille an tuaith.- D'urchur áith athchuire an gcraoisigh,
le colg tana thógbha an láimh;
deargfa a chais nduinn sa deabhaidh
im bais gcuirr re fearaibh Fáil.- 3060] Aithnidh damhsa déanamh t'earrla,
iomdha cuas ann, iomdha díog,
iomdha cladh is an chéibh ghlúinigh;
do ghabh réir an Dúilimh dhíod.- Ar cath mBréifne, a bhas a n-onchon,
3065] do fhéagh Dia gad dhealbh i gclí;
is ann rob áil cách do choimhdhe
dáibh an tráth dod-roighne an Rí.- Mág Shamhradhán ma sheilbh ndúthaigh
Dia chungnas re cúl na sgath;
3070] tugadh dó ar na doiribh sléibhe
nach mó ar moighibh réidhe an rath.- Síothcháin Chormaic n-a chrích dhúthaigh
gá dheirc cuirr nar chomaidh éacht;
gan chomhlaidh do char re dorus
3075] foghnaidh fa Mhagh solus Sléacht.- Dá rabh gá thigh, dá dtí ar sluaigheadh,
is é a aonur ainceas cách;
mac Briain dá mbeath i n-a ríghe
biaidh a leath tíre dá tháth.- 3080] Do mheasg Éirinnanba an mheisneach !
mac meic Mhóire an mheadhair ghairg
formad re neach gráin an ghille,
gidh báidh do bheath ime ós aird.
- 'Dá bhfagha Bhóinn bruithean ghréine,'
3085] glór fear dTeamhra a-tá n-a chluais,
'dá súighe an ghrian srotha Sionna
thiar bidh fotha an ghiolla i nguais.'- Tomás mhac Briain bruinne solus
re síol Craoidhe caithfidh rinn;
3090] má tá i bhfíoch dlighidh a ndearna
síoth cinidh Mheadhbha do mhill. Millte- Maith do thógbháil Teallaigh Eachach
inghean ríogh Éirne as fhionn barr;
gabháil le cách do-ní Nualaidh
3095] gach tráth dá mbí uamhain ann.- Inghean Éadaoine úr gcolla
corcra n-aighthe ó ibheas digh;
dath an chróigh ar caoin a trillse,
aoibh a glóir ní millse an mhil.Millte