Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])
section 21
XXI
Maol Pádraig Mac Naimin cc.
- Beag nach lór a luaidhim dhe
a dtiocfadh d'ulc dá éise;
gidh cúich gá mbiadh breath an fhill
a leath nó a trian ní thuirmhim.
- 2620] Do fhóir Dia Bhréifne mbraonaigh
bhfairsing bhféaraigh bhfionnraonaigh,
gach úir re h-iodhnaibh taraidh
san iobhraidh úir éarlamhaigh.
- Latsa a mheic Bhriain an bhairr thais,
2625] do fhóir Dia Bhréifne mbraonghlais;
tú, a shlat Chuilt, ar do chagar
bac an uilc nír fhóbradar.
- Gor fhoillsigh Dia bha-dhéine
fios duid, a chinn Choirrshléibhe,
2630] a fhlaith Gabhráin gan ghráin dtreas,
rob áil t'aghbháil i n-uaingheas.
- Ní hamhlaidh sin tarrla an toisg,
ba maith gon tí rod theagoisg;
do-chuadhais ón lucht rod ling,
2635] a bhfuarais d'ulc ní áirmhim.
- A mheic Bhriain nocho bréag damh
ionLogha fhuarais rabhadh;
ba gaoth man-uar t'fhear rabhaidh
a sduagh Bhreagh ód bhiodhbhadhaibh.
- 2640] Nó is amhlaidh fhuarais a fhios,
sluagh ar tí theachta id roilios,
ó bhalbhthuinn ag béin re tír
go réidh, a bharrthruim bhaismhín.
p.173
- Nó no rob é t'fhear rabhaidh,
2645] gé do-bhiream baramhail,
fód glan mar bha gnáth re Lugh
ba gar do chách god chogur.
- Bíd ort i n-am na troda
buadha Logha Lámhfhoda;
2650] tearc, a ghéag Cláir, nach cualaidh
méad t'áigh ó na hiolbhuadhaibh.
- IonLogha thú, a dhreagoin Druing,
i n-ágh nó 's ionChon Chulainn;
cóir do sheachna, a bhadhbh Bhearnais,
2655] deabhtha th'arm is inFhearghais.
- A mheic Bhriain na dtachor dte,
Tomás gidh é th'ainm baisde,
duid, a laoich Annla, is ainm Lugh,
re gairm th'anma ní hantur.
- 2660] Lugh mhac Eithne an earla fhinn
bráithreas nír fhaomh fa Éirinn;
ba fraochdha rinn áigh an fhir
do mhill a bháigh re bhráithribh.
- Fuath do Lugh fa iadh nUisnigh
2665] do b'aithreach don fheadhoinsin;
ba lán gáidh gach tír ó dtreas,
nír mhín a mbáigh ná a mbráithreas.
- Is casmhail thusa, a thuir Dhor,
is Lugh re maicne a mháthor,
2670] glór fáidheadh ag dul fan dreim
gan Lugh d'áireamh fa Éirinn.
- Is í sin ainbhreath ro b'áil
do bhreith ortsa, a fhir Ghabhráin,
mad chuid don chionnsa Chláir Bhreagh
2675] dar liomsa nírbh áil t'áireamh.
p.175
- Biaidh áireamh as uaisle ort;
ní dá bhfuil, a chleath Chianocht,
gan ríomh ní fhágmaid dot ádh
mar do sgríobh Pádraig peannbhán.
- 2680] A-déar dhuid, a fhir Eine,
uirsgéal ar a fháisdine;
tocht iomshlán ó do éad soin
breág d'iomrádh nochor fhóboir.
- Ag finnChill Fhearta an fheoir bhuig
2685] aon do láibh dar loigh Pádruig
an amhra do fhóir inne
tarrla ar a óidh aislinge.
- Tarfás dó bile buadha
sa mhoighse, a fhir fhionnChluana,
2690] méad an taroidh do thoill air,
nír shamhail coill re chraobhaibh.
- Iongnadh re habhsdal fhear bhFáil
do ghluais gach coill n-a chomhdháil;
nochtaid ochta geala gleann
2695] feadha ag tochta n-a thimcheall.
- Lucht cnuasaigh ar cnuas a chraobh
do-chonnairc Pádraig peannchaomh;
nír thearcthana a dhuille dhe,
ealtadha ón chruinne chuige.
- 2700] Musglais Pádraig na bpeann n-óir
nachar mhaoidh meadhar éagcóir,
réim an chroinn gá labhra leis;
poinn a amhra do innis.
- Do chan Phádraig phuirt Chime
2705] ar n-innise a aislinge:
'ros béar féin go beacht a breath
fa réim cheart ' ar an cléireach.
p.177
- 'Cuingidh ghéabhas an gortsa
bríogh an chroinn do-chonnarcsa '
2710] Dia nír chan chogur nar thuig,
do chan re phobul Phádraig.
- 'Is iad coillte, a chrann soichleach,
do iadh man gcrann craobhthoirtheach
is fa cheart is dóigh gach dream
2715] na slóigh ag teacht n-a thimcheall.
- 'Ionnmhus an cnuas do fhear as,
éigis na healta iarrfas,
tromdhámha gá n-aithne air
orrlámha caithmhe an chnuasaigh.
- 2720] 'Barr rug orraim ó fheadhaibh
barr an chroinn ghil ghéigleabhair;
is í rachlann chaomh an chroinn
gach craobh dá dhathbharr dhíoghoinn.'
- Crann buadha nar thearc toradh
2725] t'athairse, a ghéag gormChoradh;
a dhreagun Cé an chridhe ghloin,
an bile rob'é th'athoir.
- Tusu craobh bhairr an bhile,
a leomhan glan Gáirighe,
2730] a fhlaith Callmhaighe as clú linn,
is tú tarngaire an Táilginn.
- Is tú, a Mhéig Shamhradhán shaoir,
leannán Bréifne an bhuird sgothchaoimh,
a chraobh phuirt bhraonamlaigh Bhreagh
2735] do shaorabhlaibh ghuirt Ghaoidheal.
- Tógbháil chridhe dod chliaraibh
t'ádh, a chonchair chaoiliallaigh,
saor ó fheirg uaibhrigh t'fhaghlaidh,
a ghruaidhghil deirg dhonnabhraigh.
p.179
- 2740] A rosg dá ndeach dod dhreich óig
inghean úr éadaigh sgárlóid,
a bhile Geirge, do-gheibh
deirge agus gile id ghruaidhibh.
- Mailghe donna as dubh guaire,
2745] agus rosg gorm géaguaine,
folt mar umha n-a fhailghibh,
ort ag dula ar donnmhailghibh.
- Fuarais ó Dhiais deimhin sin
a Mhéig Shamhradháin shuirghigh,
2750] buaidh ndealbha is n-einigh ar-aon,
a dheigfhir Eamhna, d'aontaobh.
- Buaidh n-áigh ort, a fhir Chodhail,
buaidh mbuga ar do bhrughodhaibh,
cúis fhormaid re gach sluagh soin,
2755] buadh gcomhraig ar bhar gcathoibh.
- Buaidh séad oirbhní cóir a cheilt
buaidh molta oirbh ban imeirt,
déanumh ionnluis bhar sluaigh sin,
buaidh n-ionnmhuis ar bhar n-éigsibh.
- 2760] A mheic Briain na mbriathar mbinn,
leath t'einigh nochon áirmhim
acht tabhairt shéad mbuadha id bhais,
a ghéag Cluana, nír charais.
- A Thomáis Chruachna an chnis ghil,
2765] a Mhéig Shamhradhán shuilbhir,
lat gach giall dá ndleaghair dhe
do dheabhaidh fa iadh n-Éile. Le leath Cuinn.d.o
- Mac Dé go ndearna, a Nualaidh
an earrla choim craobhdhualaigh,
2770] congnamh dan loinn treabh do tháth,
let fhear led chloinn led chonách.
p.181
- Anocht nach dearg do dhreich ngil,
a inghean mhall Mhéig Uidhir,
a shlat Bhreagh, ní dolta dhe,
2775] ad geal n-ochta ad geal ngáire. Re
- Sgaoileadh Dia goirmidh do ghlais,
a Shitriug mac Briain bharrchais,
bidh maith díon ar ndomhain é
ar fhoghail, a ghríobh Gháille. Le