- 'Geabh do mhúnudh, a mheic bhaoith '
seanfhocul glan glóir bhionnghaoith
2350] sdiuraidh fear láimh re lochtaibh;
cáir seadh is na seanfhoclaibh.- Seanfhocul so suairc a lagh
gidh créad an chúis bar canadh;
dá dtí leann mar as dú dhó
2355] nírbh fhearr a chlú ón chéadló.- Ag so treas múinte as mhaith duid,
a mheic bhaoith as bhorb gcomhraig,
ná tréig maith ar olc gan ádh,
ná caith go docht an domhnán.- 2360] Ná bí luathaigeantach lonn
re dáimh re ndingne chomonn;
do ghrádh ód thriath ná till chor,
ná ling fhál sgiach gan sgothodh.
- Ná saltair ar an sleigh ngéir,
2365] go bráth ná tabhair thaibhéim,
tocht ba éigean reann go rod
ná teann 's gan éideadh umod.- Iomghaibh iomghuin na nathrach,
seachain leomhan leadarthach,
2370] re taobh na beithreach ná boing,
ná meirchreach aon gan fhochainn.- Comhrag losguinn lasrach mear
ná siris sé do dhaingean
suail a sheadh i n-armaibh áigh,
2375] marbhaidh fear uaidh dá anáil.- Déana orum, adhair dhi,
ná troid ris an tuinn mbáidhte;
ní fhoghain duid arm re hucht,
tuig, tuig, is garbh an guasucht.- 2380] Tusa an mac baothsa, a bhéal dearg,
a mheic Bhriain nach baoth Gaoidhealg,
tre thocht, a fhir Ché, bham chrodh
olc do dhligh mé do mhúnodh.- Maith dlighim gé a-dubhart sin
2385] do mhúnudhsa, a laoich Luimnigh;
mé do theann, do chlú, a chleath Chláir,
tú leath rob fhearr dom éadáil.- Trí mairg déag do dháilis damh
re taobh t'éadaigh is t'arradh
2390] i n-iongnais bhó is eich is óir,
mó ná an bhreith ionnmhais m'onóir.- Ionbhaidh duid, a dhearc mhallsa,
teacht ar ceann cruidh chugamsa;
gnáth leam gan rian sguir bam sgoil
2395] triall ar ceann cruidh dod chathroigh.
- Duid rob urusa a aithne
mo chrodhsa, a chleath ghormAichle;
ba tearc bó ann acht t'eallach,
a bharr cró, ar n-a gcoimhcheannach.- 2400] Ní hór ní hionnmhus oile
fhuarais, a fhir Challmhoighe,
acht dán ag ceannach do chruidh;.
ní nár an t-eallach amhluidh.- Más aithiomlaoid as áil lat,
2405] a bharr Cliach, mar ad-chonnac
do-bhéar slán choidhche do chradh
's toirche rem dhán do dhiultadh.- Riot im thosd gé tú go se
tríd an aithiomlaoid n-éigne,
2410] gé taoise slán, a chleath Chuilt,
is ágh dá ndeach gan díoghuilt.- Ó chianaibh do chan mé sain
mise an tonn bháidhte bhunaidh;
dírghidh sé seoladh mo rann,
2415] is mé an leomhan 's an losgann.- Is mé an bheithir bhuaidhreas cath,
mé an dreagon go neimh nathrach,
mé an fál reamhur do ragháibh,
dleaghor an t-ágh d'iomghabháil.- 2420] Mé an deoch neimhe as núidhe briogh,
seachain ainmhian na n-airdríogh
ná cló dá hibheis ágh dhuibh
ar ghrádh bhó, a bhile Beannchuir.- Is mé an gríos dearg, a dhaighfhir,
2425] mé an fál sgiach nach sgothfaidhir;
is baois rod laoi ar lár na sás
mar a-taoi a-tám, a Thomás.
- Gidh baois duid a ndearnais ruinn,
a Thomáismheic Bhriain bhratduinn,
2430] rem robhaois nocho ró cur;
is mó an toghaois do thréagun.- Toghaois mhór dhuid is damhsa
ar ghrádh bhó, a bharr Ceanannsa,
tréigin a chéile, a chraobh Mhis,
2435] 's ar bhféile ar-aon gá haithris.- Gen (gur) coimhfhial mé, a mheic Bhriain,
red dhreich ndeirg dhonnas ghoirmchriaidh,
maithfead mo bhú ar bhuaibh bhus fhearr;
ní dú an dá chruaidh go coimhtheann.- 2240] An grádh mór is mealladh damh
tugas duid, a fhir Almhan;.
dod dhreich amlaigh rob fhallsa
gan bheith amhlaidh umamsa.- 'Mat fhallsacht aiseag d'fhagháil
2445] rod thréag mé, a Mhéig Amhradháin;
suil tréiginn tú, a ghruadh mar ghlain,
truagh nach gan bhú do bhámair.- Créad acht beag agad uile
mo chrodhsa, a chinn Mhaonmhuighe;
2450] ní bhiu ag ruide red chéibh gcoim,
tuige go léir a labhroim.- Aonghuth rod ma cheann mo chruidh
ní dubhart red dhreich n-amlaigh;
is mór an grádh, a ghríobh Orc,
2455] gan a rádh d'fhíor nó d'ábhocht.- Ní hé an grádh ro anaic orm
do ghnúis gcorcra, a chleath Mhughdhorn,
gidh ionmhain t'fholt craobhnocht cam
acht gan aonlocht ort agam.
- 2460] Ba neamhfhallsa, a nathair Chuilt,
mo ghrádh duiddíochra a iarmuirt
ger iomdha neach gá rádh ruinn
gor mheath dom dhán a ndéanuinn.- Dá chúis bar dhéachussa dhuid
2465] gan t'aoradh trá is tú id charuid
d'fhios do fhreagra a-tám ag triall
do ghrádh is t'eagla ar éinrian.- Cá hiath nach badh eagail leam
t'oirbheart fada ar fhud Éireann?
2470] gé taoi ar síoth re neart a-nois,
is tearc críoch nachar chreachois.- Do chreachaisba calma an rath
chrích nDartraighe, a dhreach amlach;
sluagh Dartraighe nír dhíon cruidh,
2475] a ghríobh fhaltbhuidhe, ón arguin.- Do airgisanba an cathágh
maicne phortghlan Pheodachán;
creach sin mar chíos, a chleath Mhis,
do chreach sibh síos go Soilchis.- 2480] Do chreachaisba creach fhoinnimh
sluagh cródha clann Raghoilligh;
do airg bhar gcreach clann Fhearghail,
a bharr cleath, go claoinTeamhraigh.- Do airgis tar Sionainn siar
2485] lá eile, a airgnigh Gailian;
red linn nír loigh rath gon lucht
go hOil bhFinn tar chath Connocht.- Do airgis dá aithle sain
Thír n-Oilealla is Thír dTuathail,
2490] is chrích gCairbre d'ágh oile
go fairrge is chlár gCallroighe.
- Bréifne féin ó bhun go barr
do airgis, a fhir Chualann;
a agra ort ní dú dháibh
2495] is tú ar gach n-olc gá n-eadráin.- Is tú creachaire i gcrích Thé,
is tú as bhuachaill don Bhréifne;
beana don lucht bhú go beacht,
cá dulc is tú gad thoirreacht?- 2500] Ní áireomh th'ágh seacha soin
i n-íoc mo bhó, a bharr Beannchoir;
díoghailt chruaidh grod do-ghéanom,
buaidh do throd ní thuiréamhom.- Gidh beag do áirmhius dot ágh
2505] dearmad tug orm a iomrádh,
a chúl fionn na bhfaichleath gcas,
is aithreach liom ar labhras.- Is uime do áirmhius ort
an beagánsa dod bheodhocht
2510] fad do shluaghaidh, a ghéag Gamh,
is méad m'uamhain mut aoradh.- Eagail leam a haird oile
th'aoradhsa, a fhir Bhóroimhe,
clú ar do ghairggníomh do líon libh
2515] is síol airdríogh thú, a thaoisigh.- Clann Bhriain umad druim ar druim,
clann Mheadhbha is maicne Chonaill,
do léim a-nall doiligh dháibh,
clann Néill Oiligh, clann Cholmáin.- 2520] Síol dá Eochadh fat fholt chas,
clann Ruairc féincá fearr dúthchas?
's clann Mhurchadha nar thráigh teann,
drumchladha áigh na hÉireann.
- Dá mbeinn i Mumhain Mheic Con
2525] ní léamhainn orra t'aoradh
méad do ghaoil ar broinn ó mBriain
re gach gcloinn saoir go seinChliaigh.- Ni chuirfinn Connachta im cheann
t'aoradh agam nach fuilngeann;
2530] i Laighnibh ní léamhainn dul,
saidhbhir fhéaghaim dot uamhun- Conall is síol Eoghain fhéil
mór a ngaol dod ghnúis mhínréidh;
ní léig th'aoir ngrinn do ghabháil,
2535] a Mhéig bhinn shaoir Shamhradháin.- Aonrann dá gcuirinn fa chách.
dot aoir, a fholt mar orshnáth,
ro badh cian ó siobhal sinn
ní bhiadh m'ionudh i n-Éirinn.- 2540] Crois Chríosd tarainn leath ar leath;
do chosg m'fheirge, a fholt fáinneach,
fearg éadáigh a-dréacht damhsa,
sléacht an chéadáir chugamsa.- Sléacht chugum ó chionn go cois,
2545] sir loghudh, a laoich Bhearnois,
sléacht an malaigh ndrumchaoil nduibh,
's an aghaidh subhchaoimh sochruidh.- Sléacht an t-abhra craobhach corr,
sin an béal corcra chugom,
2550] tabhair phóig go díochra dhamh,
dar móid fhíochdha budh athchar.- Athchrom ar n-eissíoth uainn as
gom thréagon ó taoi deanas
fa ghnaoi nochon éadubh ás
2555] gom thréagun ó taoi, a Thomás.
- A Thomásmhac Briain Bhearbha
Mhéig Shamhradhán shaoirfheardha,
cuid d'fhalaidh ní dú dhamh dhe
tabhair bhú gan chradh ceilge. Geabh- 2560] A inghean Méig Uidhir fhéil,
do mhúin Dia do dhreich minréidh;
ná maoidh, a Nualaidh, re neach
acht buanaigh t'aoibh is t'eineach.- A bhean Méig Shamhradhán shaoir,
2565] a inghean úrsa ag Éadaoin,
a chraobh ghlan gan chlú ceilge,
saor thú ar ghal mo Ghaoidheilge. Geabh- A Lasair Fhíona, a fholt bog,
trí datha áirmhid orod,
2570] cách uile got ibhe dhe,
gile agus duinne is deirge. Geabh- A Athracht nar óbair gheis,
rod mhúin Críosd ciodh fa gceilmis?
do ghaol d'Ádhumh ní dú dhe
2575] saor thú ón chrábhudh cheilge.Geabh.