Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])
section 18
XVIII
Raghnall Ó hUiginn cc
- Uaisle a-chách ceinéal mBréanainn
an ghlóir bhuilidh bhinnshéaghainn,
comhdhána bhfaghla na fir,
2150] gabhla chongbhála an chóigidh.
- Clann Bréanoinn mhóir mheic Fhearghna,
curaidh uallcha oireaghdha,
ar ngarbhaicme thoir ná thiar
ní oil chlannmhaicne a coimhfhial.
- 2155] Trí meic Fhearghais nar éar neach
Eochaidh Duach Fearghna fuileach
sreang re a dtromshluagh nír thriall fear,
triar dar chomhdhual an cóigeadh.
- Fearghna mhac Fearghusa an flaith
2160] d'uaislibh Connacht ba ceannbhraith,
óigfhear díoghoinn nachar dhocht,
do thríoroinn chóigeadh gConnocht.
- Rug do raghain ar n-a roinn
trian oirthearach an fhearoinn;
2165] nír thrian cruinn ar a chomus
ó Dhruim Chliabh go Ceanonnus.
- Ráinig d'Fhearghna an ochta gil
daingean is coillte an chóigidh;
beag bhfeadhma an t-ar san aimsir
2170] ar ghabh Fearghna an fearainnsin.
- Cruithneach is mil na Midhe
ag teacht go gríbh nGáirighe;
fleadha phuirt Eamhna Uladh
go Fearghna is tuirc Thuadhmhumhan.
p.143
- 2175] Ní tharrla dh'fhearaibh Éireann
don ghormrosgach glaicmhéirsheang
neach fríoth do chlódh a chosgair
gidh mór críoch do chosnosdair.
- Nír leigeadh do rígh Ruidhe
2180] mac ná hinghean d'Iardhruidhe;
gér thuar don choill bríogh a bhreath
ar a chloinn ní bhíodh biseach.
- Ochtar cloinneba creach throm
rugadh ó Fhearghna armchorr
2185] do mharbh cumha dá chéad bhan
im dhula dh'éag don ochtar.
- Imshníomh re huaislibh fhear bhFáil
ar ndíoth chloinne chinn Ghabhráin,
éag don tslógh mhallbhan mhíolla
2190] mór an t-adhbhar imshníomha.
- Caoga ar céad go Cluain bhFearta
tre fhionghail a oireachta
toisg nar léig ar ceal a chloinn
téid is a bhean go Bréanoinn.
- 2195] Do-rala taobhthrom torrach
an ghéis dóidgheal dearcmhongach;
rosg mall nach geibheadh fa ghroidh
fa deireadh ann dá hionbhaidh.
- Troisgid re Bréanainn mbreithcheart
2200] an dias cháidh nar choinnimhthearc,
caoga fhionnbhan céad curadh,
tréad biodhbhadh do bhaoghlughadh.
- Musglais bean onchon Uisnigh
meadhón oidhche an adhuighsin;
2205] gor thús laoi don lachain ghloin
do bhaoi athaigh re n-iodhnaibh.
p.145
- Beiris macba maith an trĂ¡th
ar dteacht na maidne mochthráth,
rath Dé ar a naoidhin do nimh,
2210] lé bha fhaoilidh a fhaisgin.
- Baisdis an mac suairc sona
Bréanainn mór mac Fionnlogha;
tug a ainm féine ar an bhfear
's a thairm ós ghléire Ghaoidheal.
- 2215] Dun naoidhin chruthaigh corpghlain
tug Bréanainn a bheannochtain;
tennobthor cath ar an chloinn
tre rath beannochton Bréanoinn.
- An céad laoch 's an leithchéad ban
2220] tugsad ofráil don éarlamh;
fáilte ag ainglibh Dé mon dáil,
ba saidhbhir é ón ofráil.
- Subhach tángadar dá dtigh
ar mbaisdeadh a meic mhuirnigh;
2225] ceann sluaigh ba déadla a ndeabhaidh
géagdha fhuair a oileamhain.
- Mac eile d'Fhearghna éachtach
Aodh Fionn an flaith roidhéarcach;
do chloinn an ríogh shuairc shoinnimh
2230] síol Ruairc agus Raghoilligh.
- Na Trí Tuatha tá fan gCoirr
a-táid sin ar sliocht Bhréanoinn;
an rí do dhíol gach duine
dá shíol na trí teaghluighe.
- 2235] Athair Baoithín nar bheag rath
Bréanoinn mhac Ferghna fleadhach,
gan deoradh do thogra ó thír,
an leomhan brodla Baoithín.
p.147
- Mac Baoithín an bheoil tana
2240] Maonach athair Eachadha;
maicne dan fearr a faigsin
ceann na haicme an t-Eachaidhsin.
- Teallach n-Eachach nar éar sgoil
clann Eachadha mheic Mhaonaigh;
2245] a mbuar ag rígh ní roinntir,
an tír is uadh easloinntir.
- Tomás mhac Briain an bhairr thais
oighre Eachadha armghlais;
a chró d'ionghoire is dó as dleacht
2250] is dó as ionbhuidhe an t-oireacht.
- Tighearna Theallaigh Eachach
an tuir chródha cheirtbhreathach;
tír do tháth ní dó as docra,
is mó a-chách a cumhochta.
- 2255] Glór an aingil re athair
ar mbreith í Chuinn Chéadchathaigh
'Madh áil lat a fhaghail d'fhás
ar do mhac tabhair Tomás.'
- Do cheadaigh Dia ar flaith bhFabhair
2260] ainm apsdail dá abhsdalaibh;
buaidh gach raith re n-a raghairm
an flaith fhuair man absdalainm.
- Art is Brian is Aodh Eanghach
Ruaidhrí is Tadhg is Toirrdhealbhach,
2265] ainm gá ghairm uaibhse ní fhuil
nach uaisle ainm an abhsdail.
- Ag mac Bhriain an bhruinne sheing
gen go mbé acht aontuath d'Éirinn,
ó Créidhe ní cheis ar crodh
2270] mar badh leis Éire a éanor.
p.149
- A-dubhartsa ris im runn
rádh nach aithbhearthor orum;
'Neach fad chlú ní bhéara bás
méara acht gé dheach tú, a Thomás.'
- 2275] Tomás mhac Briain is báidh leam
a theisd ag éigsibh Éireann;
Brian dámadh olc a eineach
ní bhiadh ort n-a impeidheach.
- Mac meic Dhonnchaidh déad raigheal
2280] nir haoradh 's ní haorfaidhear;
mar tá go laomhdha im cheann cruidh
caomhna as fhearr ar na haoraibh.
- Tomás Mág Shamhradhán shaoir
nach ob deaghlaoidh ná drochlaoidh,
2285] dleaghmaid grádh don choirpsheang cas
ar ndán go coitcheann cheannghas.
- Teagh nach dúntar re nduine
bruighean churadh Callmhuighe;
do bhiadh seal gach neach ar nimh
2290] dá mbeath mar theagh an taoisigh.
- Sochaidhe ag dul n-a dhaightheach
nach bí aointeach urnaightheach;
neamh nochon aghar ar áis
mar do-ghabhar teagh Tomáis.
- 2295] Smuainiudh fhir na n-abhradh ndubh
go rachadh d'éag gach aonur;
fir thalman gá mbreith don bhás
adhbhar im nach teich Tomás.
- A-tá ag marcach Mhuighe an Sgáil
2300] fulong anfhorloinn d'aghbháil;
a neart ag cabhair í Chuinn
ó nach faghaibh ceart comhlainn.
p.151
- Tuile samhraidh an saoghal,
teacht air nochan éanbhaoghal,
2305] anaidh an tuile n-a thrágh,
samail don duine an domhnán.
Domhnach Cásc
[...]
- Teidhm gan urchasg dá fhaghlaidh
fioch an déidghil donnabhraigh;
2310] fala re cách d'ú Chréidhe
áth abha ní haigbhéile.
- A fheidhm ní leigeann ba lár
mac ríoghna Cruachna ó gCubhrán,
gan bhlaghadh feadhma ar an bhfear
2315] go ndearna an talamh teicheadh.
- Mág Shamhradhán as gharbh ngliadh
creachaire iarthoir Oirghiall;
cleath Leamhna nochor leanudh,
's ní dhearna a chreach cruinneaghadh.
- 2320] Cogadh an éachtaigh airgnigh
tug imshníomh ar easgcairdibh;
re linn í Cholmán ní chluin
comhrádh as bhinn dá bhiodhbhaidh.
- Tomás Mág Shamhradhán shaoir
2325] mac meic inghine Amhlaoimh,
cneadh nach iadhann a fhalu,
fear re hiarann m'ealadhu. Uaisle
- Uaisle Banbha man ngéis ngil
inghean mhiodhchar Mhéig Uidhir;
2330] is banua riogh is ríoghna
an ghríobh ranua roighríobhdha.
- Sbéis im dhán dá dreich naoidhe
Nualaidh inghean Éadaoine;
foghnaidh gach ní a-dearum dhí
2335] do-gheabhum í ba huaisle. Uaisle
p.153
- Uaisle as fhéile ná gach fear
Aodh Ó Domhnaill díon Gaoidheal;
clú ar Aodh is dleacht bhar nduaisne
is tearc aon nach anuaisle. Uaisle
- 2340] Uasal leinn Muire mháthar,
máthair mheic Dhé ar ndeaghbhráthar,
beith seal gá guidhe i ngach guais
do-gheabh ó Mhuire mhórdhuais. Uaisle
- Uaisle an Dúilimh is a dhealbh
2345] dom iomshnádhadh ar Ifearn;
iomdha ann gáirthe is gleacach
an t-all cláirthe cuaisleacach. Uaisle