Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])
section 17
XVII
Caoch Ceise Ó Clúmhán cc
- Bean fa eineach do fhuair Niall,
buaidh ar a n-eineach ar-aon;
2005] do-ghéabhad uile ní ag Niall
tuile cliar gé thí re thaobh.
- Fear fa heineach do fhuair Sadhbh
deigheach ar a duain dá dhearbh;
dúthaigh dí car ar a charn
2010] Sadhbh fa bhladh ar nach bí bearn.
- Ní cruaidh an ghnaoisin do ghabh,
do fhuair an mnaoisin fa mhodh;
fa heinighidh do fhuair fhear
ní cruaidh bean deigheinigh Dhor.
- 2015] Fear nochor smuain sise acht sé
sise fa bhuaidh gé do bhaoi;
ní fhuigheadh fear oile hí
bean Lí ar a goire don ghnaoi.
- Céile fa teist a-tá ag Saidhbh
2020] teist chéile na mná ní meirbh,
an dias tre dhíol na ndámh ndoirbh
sníomh soirbh a ndán ag a dheilbh.
p.133
- Sadhbh 's a dámha ag díol na ndámh,
na dámha gá ndíon ag Niall,
2025] mar ra-niad ní coimhshníomh caol,
siad ar-aon ag coimhdhíol chliar.
- Lánamhain gan mhaitheas mion,
lánamhain chaitheas a cradh,
sgath gach cléire ag triall n-a dteagh,
2030] Niall is bean Bhéirre fa bhladh.
- Fearta féile a rath a-raon
cá rath as réidhe re rádh?
maith dá díon a fear go fial,
Niall 's a bhean ag díol na ndámh.
- 2035] Ionnmhas Néill chaitheas re clú
is léir ar mhaitheas na mná;
do-ríne mar chongol cnó
bronnadh bó an tíre i n-a dtá.
- Cé théid ón daghmhnaoi gan díol?
2040] an bhanghnaoi ní léig ar lár;
cia nach fuighe ní ó Niall?
do-ní riar duine gan dán.
- Tug Niall fa bhuaidh is a bhean
gach a bhfuair gach cliar dá gcrudh;
2045] ní ling rí an ghnaoisin do-ghabh
gan bhladh taoisigh dhí do dhul.
- Niall féin nocho fear gan ghnaoi
acht gidh fial bean Néill fa ní;
2050] 's é luach ar a goire i ngnaoi
fuath le gach mnaoi oile hí.
- Siodh 's na créachtaibh ó chleith Chál
dá mbeith i n-éantaigh ar-aon,
madh maith ag Dia gach fear fial,
do-sia Niall ar neamh na naomh.
p.135
- 2055] Inghean Chathail ón glan gréas
ar gach bhfachain fa bhladh bhós;
nír chuir sí n-a cheann do chás,
acht a fhás teann do-ní a nós.
- Slat mhórfháis ag sníomh na sluagh
2060] mac Tómáis ag díol na ndámh,
biaidh fa bhladh mar ra bhaoi Brian;
do-ghabh Niall an ghnaoi ar a ghrádh.
- Iomdha dámh re dtaoibh as-toigh
gá rádh ris an dá chraoibh chuir:
2065] 'Bhar nós gnáth ag gabháil libh
cách mar sin ag rabháidh ruibh.'
- T'fhear i n-ágh ag corcradh chrann
nó ar an trágh ag locradh long,
dot ucht do chromadh a cheann
2070] ag tolladh th'eang do lucht lom.
- Do sgiath réidh, comhla na gcríoch,
a Néill, agud chomhdha ar chách;
gidh hí gá sgoltudh dod sgiath
is í an chliath ghontar do ghnáth.
- 2075] Eang geal gá greanadh it ucht
dá bhar dtrealamh a bhean Bheart;
bláthoige gach ball id mhiocht,
sliocht do shnáthoide is cam ceart.
- Ar son t'fhaithche núidhe, a Néill,
2080] crodh na Búille a haithle th'áigh;
bha seach ód chathaibh do-chuaidh
creach n-a buaibh machaidh le mnáibh.
- Éan balbh ar n-a dhéanaimh dhoit,
a Shadhbh, re fhéaghain is ait;
2085] iomdha ealta it fháithim ghlic
im bláitheing mbric ngreanta id ghlaic.
p.137
- Rabhudh ód mhnaoi a Néill, do neach
agat féin má do bhaoi brath;
dar leat is gonta dhí a dreach
2090] mar do-chí th'each corcra ón chath.
- Ríoghan Bhreagh ag déanamh dhealbh,
a fear ag féaghadh a cholbh,
Niall ar moir ag coinnleadh charbh
Sadhbh as-toigh ag coinnmheadh chorn.
- 2095] Sádhal an bhean fholtghlan fhionn
is a fear ag folcadh reann;
do shnámh chuain chaiste nír chrom
an tonn bhaiste ó 'd-chuaidh ma cheann.
- Sadhbh is eang greanta ar a glún
2100] nó gor ghearr leabtha n-a lár;
reanna na sleagh ar gurt ghliadh
re Niall 's a ucht geal re gádh.
- Nír dhligh oige ar a mbiadh bearn;
Niall mar as oide don arm
2105] díreach cruime a chaoilearr ngorm,
is buime chorn saoireang Sadhbh.
- Cá hionadh nach robha a rún?
siobhal na mara is dá mhian;
céim roimhe 's gan chéim ar gcúl
2110] 's do rún Néill i ngoire ghliadh.
- Fiort as-tigh a-tá gá dheilbh,
na fir fa mhiocht na mná ag muirn;
do fhuair é i saoireing ag Saidhbh
ainm agus sé i gcaoileirr chuirn.
- 2115] Bas an taoisigh nocho tim,
do chas chraoisigh as a heirr,
do chas chleith ndolámhaigh nduinn
do dhruim eich shodhánaigh sheing.
p.139
- Ní ró don mhnaoisin a modh;
2120] mó sa mhó an ghnaoisin do-ghabh,
sádhal ar mnaoi mBéirre i mbrugh
's a gnaoi ag dul don bhéinne bhan.
- Ní dhingneam ceilt ar neart Néill,
ní imreann bheirt acht beart áigh,
2125] Mág Amhradhán ó bhfill fóir,
glanbhranán óir a Cill Chláir.
- Snaidhm gá nadhmadh gun mhín mheirbh
nachar snadhmadh i sídh Duilbh,
a chur nocho sníomh le Saidhbh
2130] gach snaidhm dá mbíodh i mbrugh Bhuilbh.
- Ón ghnaoisin do-chuaidh fa chrodh
geall gach thaoisigh fuair an fear;
géabhaidh an giall nachar ghabh,
béaraidh a bhladh Niall ar neamh.
- 2135] Bean Mharr do chomhchabhair chléir
d'íbh Conchubhair an mhall mhín;.
ó dtug géag Dhuibhe do dháimh
séad i láimh gach dhuine dhíbh.
- Tuile cliar fa bhláth n-a bhrugh
2140] fáth asa bhfuighe Niall neamh;
nocho cruaidh do chaith a chrodh
flaith Dor fa bhuaidh is a bhean. Bean
- Ó Dubhda ní duine mion
ré cumhga dá bhfuighe an fear;
2145] íoc i gceanaibh craoibhe Dor
crodh d'fhearaibh Baoille do bhean. Bean
p.141