- Eire trom trillse Saidhbhe,
1840] earla i bhfuilead fionnfhailghe;
barr mar fhionndruine as úr dath,
an cúl fionnbhuidhe fleasgach.- Ní héadtrom an t-eire cinn,
an phununn fhuilt bhláith bhoigfhinn
1845] n-a sreith ghlantruim ar géig Mis;
ní hacmhaing breith a baithis.- Sreath bhan bhíos ar a nglúinibh
fhailceas don ghil ghormshúiligh;
ós bheirt duinn dá fult fuilcear
1850] 's a druim re hucht n-ionailteadh.- Folt Saidhbhe mar a snáth óir
gur mhealamóide a honóir
trilis druimneach ciabh chlannach,
an tuighneach fhiar fhiarrannach.- 1855] Gabhaidh re fighe a fuilt chais
biseach conáigh craobh Dhurlais;
adhnaidh aoibh ag breith bhisigh
le dreich saoir na Saidhbheisin.- Bídh gach uair fhailcear dhise,
1860] ar dtaisbéanadh a trillseise,
re folt camlag cladh gcopdha
farmad bhan a bantrochta- Inghean Í Chonchubhuir Chliach,
bean airgnigh Átha finnChliath,
1865] céad bláthchraobh ann re fhighe
barr snáthchaol ar Saidhbhine.
- Ní léir tairis a taobh geal
a folt trom an tráth sgaoiltear
ó bharr réidh úr n-a idhibh,
1870] a glún féin ní faicfidhir.- Falchaid a trillse troma
bun fuilt lachan Liathdroma,
ní léir tar a barr a bun
gach clann n-a céibh ar gcasadh.- 1875] Dá mnáibh is mór an ceannach
n-a barr fhada fhéithleannach;
doilghe a dhrumdhluighe is locht liom
dá folt bhunbhuidhe bhairrfhionn.- Casmhail re hubhlaibh aipche
1880] folt ríoghna ríogh Conmhaicne;
folt fiar do-chí 'ma ceann
do iadh fa thrí n-a thimcheall.- Falcadh a hearla an tan táir
d'ionailtibh gríbhe Gabhráin,
1885] inghean ríogh ag fighe a fuilt
fíon gá ibhe gá hionailt.- Ní thoilleann ar cholcaigh gcuirr
folt ríoghna Rátha Bréanainn;
cuilt ní saidhbhir 'mun Saidhbhsin,
1890] airbhir fhuilt ní anaidhbhsigh.- Casmhail folt mná Muighe Samh
re saorbharr Sadhbha Cruachan;
a gnaoi ar fleisg an earrla fhinn,
teisd a dealbha mar Dhoirinn.- 1895] An finnchiabhach Lacha Léin
casmhail a fholt re a fhoiltséin,
duail leabhra ar mallchraoibh Midhe
earrla barrchaoin baillghile.
- Baramhail a bairr sgathaigh
1900] folt mháthar Cuinn Chéadchathaigh;
Gráinne nó Úna ise
acht áille clúmha a céibheise.- Casmhail folt Saidhbhe saoire
's trillse Muirrne Munchaoimhe,
1905] máthair Fhinn gan chruinne um chrodh
ar nar chinn duine ar domhon.- Sadhbh óg an earrla bhachlaigh
mar Shaidhbh méirsheing malachdhuibh;
diall re hinghin Chuinn Chodhail
1910] gun fhinnghil truim
[...]- Fada uaithe bhíos a bharr
ag bantrocht chraoibhe Cualann;
locht ar a fult ní faicthear
's a folt i n-ucht ionailteadh.- 1915] Re géis Lacha guirm Ghile
canaid maithe a muinntire:
'Táinig tuilleadh dealbha dhuid
re bruinneadh t'earrla fhionnbhuig '.- Inghean Cathail Chairn Bhricne
1920] trillse crocha a ceinnlitre,
iomdha minshlighe mhall chíor
i mbarr inghine an airdríogh.- Púdrall fionn buidhe ro bhearr
i n-a cul ríoghna righleann;
1925] álainn reimhe gach drong de
gidh eire trom a trillse. Eire- Do Shaidhbh féin is neasa a-nois,
canfad maith re mnaoi nDurlais;
ro ba breath olc gan duain di
1930] fuair a folt leath na laoidhe.
- Ní héasgaidh éirgheas a fearg
an ghéis ghealbhráighdeach gruaidhdearg,
mala mar dhaol, dearc mar ghloin,
craobh Dhala is ceart ro chongaibh.- 1935] Líonaid beangláin a bairr thruim
a hucht oireaghdha áluinn;
inghean Ailbhe an ochta gil
failghe copdha re cíchibh.- Crios cumhdaigh ceathra gceannrach
1940] cubhaidh re cneas míndealbhach;
ní háil lé fa slios solus
crios agus é ar aondorus.- Ní fríoth locht ó chionn go cois
do ríoghain déadbháin Durlais;
1945] moladh mná Béirre do-bhir,
a-tá a féile fa faisgin.- Dá láimh leabhair lór d'eire
folt mná soillse Sligighe;
togbhaidh tuighnigh gcais gcopdha
1950] do bhais bhuinghil bharrchorcra.- Inghean Cathail Chláir Mhidhe
Cróichdhearg thíre tairngire,
grian bhan Éireann an inghean,
an ghlan mhéirsheang mhínfhinngheal.- 1955] Bean Í Ruairc Rátha Guaire,
ríoghan an ruisg gormuaine,
fear ni hionráidh gumadh fhearr
's a bhean ós fhionnmhnáibh Éireann.- Ráinig fa Éirinn uile
1960] nós mná mharcaigh Aolmhuighe;
is lór don mhnaoi do mholudh
a gnaoi mhór ag méadoghudh.
- Sgárlóid chorcra cumthar dhi,
léinte breacshróill bhíos uimpe,
1965] róba na ríoghna ó Bhóinn Bhreagh
is íorna óir a innreamh.- Casmhail re sneachta ar snighe
dath a glaice gléighile
mar thaobh Sadhbha tráth a-troigh,
1970] mar bhláth abhla dá haghaidh.- A lán bhíos i n-a bruighnibh
do mhnáibh fleisge fionnLuimnigh;
dá bantrocht is lán gach linn
ag snámh fa hardphort n-aoibhinn.- 1975] Béas do mhnaoi Dhúine Dealgan
gan mhnaoi gan fhear d'imdheargadh;
cách gá roghairm ceann i gceann
forainm go gnáth ní ghoireann.- Inghean airdríogh Átha Bláir
1980] as bhanchodhnach don bhandáil;
docair tagra re cleith gCuilt
fa bhreith d'agra ar a hionailt.- Mór an duais do dhlighfeadh sinn
d'agháil ón chneisghil chúilfhinn;
1985] luadh a laoidhe is doladh dí
moludh gruadh chraoibhe Céise.- Ar feabhas a fuilt ghleannaigh,
ar a gnúis ndeirg ndrithleannaigh,
ar áille ar truime a taoibh ghil,
1990] an laoidh uirre ro imthigh.- Na hairm i n-éinleith tighe
ní bhiad is gríobh Gháiridhe;
ní bhia Sadhbh is-tigh re thaoibh
is arm a fir n-a fochraoibh.
- 1995] Meastar re máthair Lughaidh
baincheann cloinne Conchubhuir;
inghean Ailbhe as fhearr fa ghroidh
geall dar Saidhbhne ó na Sadhbhaibh.- Sadhbh inghean Chathail chosgraigh,
2000] ríoghna ag roinn a tuarasdail;
an tráth as truime a heire
gan chách uirre ag oirbheire.Eire