Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])

section 14

XIV

Uilliam Ó hUiginn .cc.

    1. 1575] Fearthain Aoine eineach Néill,
      naoidhe a dheigheach ar gach nduain,
      mar tá an Niallsa ós nós gach Néill
      a iarsma féin fós fa bhuaidh.

    2. p.105

    3. Moch fa buaine an fonn i bhfuil
      1580] is gach tonn uaine n-a fhail;
      tearc an grás ná an ghnaoi do-gheibh
      nar cheil draoi re n-a fhás air.
    4. Méaraidh a ghnaoi go lá an Luain,
      a-tá a ghnaoi ós ghnaoi gach aoin,
      1585] síoltar gan cheilg nósbhladh Néill,
      do mhórsun chléir ar cheird gcaoin.
    5. Mac Nualaidhe do-bhir bhú,
      duanaire i n-a thigh a-tá,
      giolla bog a Baoill na n-eo
      1590] nach ob ghleo ná laoidh re lá.
    6. Teallach n-Eachach gun mhín mhór,
      deathach don tír dá gach thaobh;
      saoirtheallach neamhthláith na Niall
      ciabh maoithghleannach sreathbhláith saor.
    7. 1595] Ar dteallaichne i dtreas gan tlás,
      teas gacha gleannfhaithghe a ghríos,
      teallach sain ós teinidh thuas;
      geinidh chnuas i gcnaibh fa chíos.
    8. Leaghaidh caor Dhanar an dún
      1600] ón gharadh ní caor an chaor
      sa teallach ó do thogh Niall
      na sgor ndian searrach saor.
    9. Ró brosnaghaidh arm go hágh,
      ró osnadhaidh bhadhbh um buar,
      1605] do chomhlas an teallach tréan,
      néall corrghlas reannach do ruadh.
    10. Aoibheall ós an teallach thuas
      ní shaoileam a eallach d'fhás,
      tioghadh ciabh ngleannach a ghríos,
      1610] teallach bhíos um Niall ó Nás.

    11. p.107

    12. Mág Shamhradhán do shir gnaoi
      glanbhranán do thil gach tí;
      a mhíonlabhra do mheall mhé,
      fearr é n-a ríoghdhamhna an rí.
    13. 1615] Séad sa chruinne ní char Niall,
      glan a bhruinne 's glan a ghlór;
      olc fa choin gé dheach dúnn
      úr um boin 's um each 's um ór.
    14. Ar bhflaithbhile is flaith gan locht
      1620] ó mhaith 's ó aithrighe d'ulc;
      ní chreach roiNiall neach gan neart,
      tearc neach a choimhfhial i gcurp.
    15. Flaith Breagh ar bhuga ós íbh Briuin
      gan fhear braith chuga re cléir;
      1625] ar shnoidhe dheaghrann dá dháimh
      do tháil croidhe neamhghann Néill.
    16. An dtairgfe tachar nó treas,
      nó an n-airgfear gach achadh glas,
      nó an dtraothfa goimh Néill a-nos
      1630] go bhfoil bos gach géill n-a ghlas?
    17. Nó an sguirfe a ghialla dá ngruaim,
      nó an luighfe a mhiana sna mnáibh,
      nó an fíor cách do neamhthoil Néill,
      nó an gnáth dréim re fearchoin Fáil?
    18. 1635] Nó an fíor Niall ag cagar chniocht,
      nó ag bagar ghliadh um gach gort,
      nó an bhfuil gá dhreich réidh n-a reacht
      gan teacht fa bhreith Néill a-nocht ?
    19. Glas a dhearc, gealchorcra a ghruadh,
      1640] fearchonta a neart, cas a chiabh,
      flaith Sionna as Ghaoidhealda glór
      giolla mór naoidheanda Niall.

    20. p.109

    21. Suairc a bhéal is binn a ghuth,
      nír éar inn mar nar éar neach,
      1645] géag bhosghlan as bhlasda deoch
      ar eoch gasda ag cosnamh chreach.
    22. Caomha a ghruadha ná gach gruadh,
      's cuanna a thaobha ná gach taobh,
      do chuir mé Niall tar gach Niall,
      1650] Brian na mBrian é is Aodh na n-Aodh.
    23. Ríoghthaoiseach as leabhar lámh,
      míonchraoiseach as reamhar ruadh,
      fear rachalma neamhchas Niall,
      leanfas Triar Cathardha ar cuan.
    24. 1655] A dtionnlaic slat chorcra Chua
      re bo molta mac gach mná;
      mórfhás do Niall Niall gan bhú,
      Brian fa chlú is Tómás mar tá.
    25. Calmach um nach faghar fuacht
      1660] ó bhallbhruth go mblaghar bárc;
      deargaidh chaoin seanMhuighe Sléacht,
      sgeamhghaire chéacht re taoibh dtrácht.
    26. Geall gach moighe gun mhoigh mhín,
      geall gach groighe gá ghroigh úir,
      1665] geall bó na Banbha gá bhuaibh
      buaidh chró is arbha ar a úir.
    27. Magh as fhírbhinne éan trom,
      magh as mhínshlime féar fann,
      magh as fhaide an aghradh fhionn
      1670] lionn sa tsamhradh aige ann.
    28. Locht a mhoighe ar nach foil fraoch
      gan mhoir n-a ghoire do ghnáth;
      ní fhuair fear aonlocht don iath
      neamh a fhiach braonghort fa bhláth.

    29. p.111

    30. 1675] Gach tarudh ar a mhuir mhóir,
      do-ghabhar sa mhuigh a mhaoin,
      is port ríogh magh mar mhagh Néill,
      fíon is céir is cradh a chaoin.
    31. Giolla an Mhoighe fíndeirg Finn
      1680] i ngach dhoire ar díbheirg dtruim
      tug doirrse Dia ris an droing
      's sia fa choill an chloinnse Chuinn.
    32. Fuair ar eachtra áireamh ríogh,
      nír cáineadh ó Earca ag ól,
      1685] athaidh teasda mar tá ar Niall
      lá na ngliadh ní cneasda a chlódh.
    33. N-a thír féin agá bhfuil sé
      tar gach céim do chuir a ghnaoi;
      fearr ar bhfógra Niall um ní
      1690] ná rí fial is Fódla faoi.
    34. A-tá a oireacht soin ar sódh
      ar dtoigheacht a-noir le Niall,
      feadhna ag tóraidheacht re thaobh,
      móraireacht saor feardha fial.
    35. 1695] Giolla míndearg chaitheas chrodh
      gach díbhearg mhaitheas fa mhiodh;
      giolla saor geimhealtrom geal
      dá mbean mh'aor eineaclann d'fhior.
    36. Giolla bláith eachamhail úr
      1700] ag creachfhaghail cháich nír clódh;
      fear conchar neamhchrannda Niall
      tromchar a fhian, leathGhallda a lón.
    37. Mág Shamhradháin cian ó chol
      gallbhanfháidh tre Niall gan neamh;
      1705] airm n-a gcléith ar comhlaibh tor,
      sgéith mun gcrodh ar formnaibh fear. Fear

    38. p.113

    39. Eineach Saidhbhe na súl ngorm
      nír ghrádhaigh bean gá mbí a rí;
      géis Bháinlinne do ghuidh ghnaoi,
      1710] ni fhuil mhnaoi as chráibhdhighe i gclí.
    40. Ó Bhrian Luighneach na lann ngéar
      nír ghein coimhfhial chraoibhe Sainbh;
      gearr linne gach lá fa cuirm
      fa mhuirn a-tá sinne ag Saidhbh.
    41. 1715] Inghean Í Chonchubhair Chliach
      chreideas Dia rer dealbhadh neamh
      'gar fhaoi Niall na ngeallámh nglan;
      leannán na mban bhfial an fear. Fear
    42. Fearaidh fuil ar faithche n-áigh
      1720] re harm Donnchaidh as dearg béal
      fian chniocht re tochur ag tnúdh;
      úr fa niort fochun is féar. Fear
    43. M'anum ar eineach a sgéith,
      sgiath Míchéal bhu mhóide neamh;
      1725] rug thar gach naomh céim ó chion;
      ciodh um nach saor féin gach fear?
    44. Fear.