- 1415] Bean a-nois chabhras chrích Meadhbha,
maith dá furtacht feidhm na mná;
díon ó gCuinn cabhair ó Meadhbha
ar chanaidh fhuinn Teamhra tá.- Inghean Í Chonchubhair chabhras
1420] cóigeadh Meadhbhais maith dá tháth;
an tsíon bhalbh ag brath na Sadhbha,
Sadhbh dá rath go gcabhra chách.
- Ní bean eile acht inghean Chathail
chabhras dá feidhm fód a sean;
1425] éad le cách im ghnaoi do-ghéabha,
ar mnaoi Ráth ní bhéara bean.- Ní bhia triath gan teacht dá biuidhin,
ní bhia bean gan bheith n-a ráith,
ní bhí teagh na mná gan mhuirear
1430] gé tá an bhean ag cuireadh cháich.- A-tá a nósis ní dá diadhacht
ag díon bhan 's ag bádhudh locht;
a-tá bladh is bríogh a guidhe
ag díon na mban uile ar olc.- 1435] Do-gheibh chlú, gi cúich nach faghaibh
nach fearr bean 's a beith ós chách;
fuair dhíon ar choiribh na colla,
a ndíol d'oiribh troma a tráth.- Nós a féile is fada ráinig
1440] ríoghan mhaordha Mhaighe hAoi;
fada soir ro feas a feabhas,
im muir theas gheabhas re gnaoi.- Clú na ríogh ní ragha dhise,
dul dá teisd má tá ar gach rígh;
1445] geall is gach mhodh ar maith Shaidhbhe
re dol do sgaith Dairbhre dhíbh.- Inghean Chathail Chríche Teamhrach
do thuair chlú le gcosain gheall;
beith ós gach fhlaith is lór dhise,
1450] mór is maith gidh ise as fhearr.- Béaraidh mhná is is meinic bheireas
tar bladh cáich gidh cúich nach rug;
rath don mhnaoi mar tá gá thuilliumh
ar gnaoi gach mná is tuilleadh tug.
- 1455] Inghean Í Chonchubhair chaitheas
re clú an rath nach rángas dréim
roinn dá crudh ar chradh nach raibhe
do chur bhan a baile ó bhéim.- Neach ar chlú nír cuireadh tairse
1460] an teisd fuair dá bhfaghbhadh neach;
geall ar ghnaoi gibé dhar beanadh
le mnaoi gCé bearar a bhreath.- Do-ní rún bha riarfa an Dúileamh,
le ndingne a díon diadha an réim;
1465] do-ní gach naomh ní ar a guidhe
mar ro-ní craobh Ruighe a réir.- Ní fhuil chléir gan chuid dá hionnmhas,
ní fhuil dáimh nach déan a dtoil,
ar bhfagháil raith do ghéig Gabhra
1470] ní théid tar maith Sadhbha soin.- Ar ghnúis gcorcra chraoibhe Bóinne
do-bhéar theisdgá teisd as fhéarr?
'Éad ar mnáibh ma bhreith mar bheire
tre bhreith gcáir do-gheibhe an geall.'- 1475] Tugais ar nós ní ós do thosaigh,
tugais druim re déanamh locht;
ní fhionnfa bean dá mbí it aighidh
ní ná meadh bhus ainimh ort.- Taitneamh cumhdaigh do chiabh ndíoghainn
1480] dath an fhuilt is amhlaidh bhíos;
ní bhean t'fholt cam as a chloidhibh
tocht dá bharr fad throighidh tíos.- Tú go cian ó chiontaibh Éabha,
amhghar sibh ar son bhar ngaoil;
1485] ní bhiad dod chlí coire Eabha
ní as ghoire ná a deala dhaoibh.
- Maith do chlú ó chur red mhaitheas,
maith dá díon gan déanamh n-uilc;
muna díon caithmhighe an chroidhe
1490] t'aithrighe ag díol choire an chuirp.- Tusa ós mhnáibh le méad do theasda
mar taoi ar chlú ós chionn gach shluaigh;
ní hé do chradh ní hí th'anáir
dá rabh ní gan fhagháil uaibh.- 1495] Ar ndáil chruidh do chanaidh Mhuaidhe
tar mná Connacht cuirthear í;
ar ndáil ghreadh seang leis an Saidhbhsin
bean as fhearr n-a haimsir hí.- Do-ní maith ar mhuinntir nimhe,
1500] do-ní re Dia díol a chréacht;
a dula gan choire ó cheanaibh
oire is lugha i ndeaghaidh déarc.- Dá mbeath gan fhear Aoibheall Chunga
do chath Bhréifne ó mbearntar sluaigh
1505] ní fuighthe dhí a díol do chéile
acht rí dar fhíor Éire d'fhuaim.- Geall einigh gá haigneadh bhanda,
buaidh ndealbha gá dreich mar bhláth,
geall ag Saidhbh ar a son féine,
1510] is dá naidhm dol dá céile ós chách.- Dealbhaidh leomhan láimh re dreagan,
dealbhaidh eocha i n-eangaibh sróill,
géis Leamhna gá gcar i gcorrthair,
ealbha dhamh re n-onchoin óir.- 1515] Mórthair cliara le crodh Saidhbhe,
seachnaidh cionta ón cheird do-ní;
d'aithbhear chean gidh créad do-gheabhtha
ní fhéad bean a seachna acht sí.
- Lúdh go cill do cheannach loghaidh,
1520] lúdh go dáimhgá doirbhe céim?
lúdh n-a coinne dá mbé ar bhochtaibh
loinne lé rochtain dá réir.- Suil bheanaid géaga a glac ndíoghainn
re dlaoithibh fuilt fhleisge Liag
1525] clanna boga n-a céibh chaistigh
foda gan bhéin aistibh iad.- Feacaidh thile i dtosach cairbhe,
cuiridh each ag imdheacht raon,
leanaidh a beirt bréig a cuma,
1530] nír mhéid neirt acht truma a taobh.- Glór gach aoin re hinghin gCathail
do chath Bhanbha ó bhíd n-a purt:
'Neach dan léir gach ainimh fholaigh
ní airigh béim oraibh dh'ulc.'- 1535] Teisd gach fhileadh ar th'fholt feactha
fiu na teasda tiocfa dhíot;
'gidh bladh fa-deara gidh déarca
ceana ban do fhéadfa a n-íoc.'- Téighe ar rath tar ríoghnaibh Connacht,
1540] ar chlú dhíot ní dheachaidh sluagh;
téid tar shlógh thar nar dhú dula,
mór do chlú is ní lugha a luadh.- A Shadhbh ní hionghar dot anmain
ar fhóir tú dá dtéid a curp;
1545] mná ó phéin tre pheacthaibh marbhtha
beantair ag béin t'anma ó ulc.- A inghean Ailbhe fhuinn Bhóinne,
bean bhad theisd ní thiocfa id dhiaidh;
dar lat is duid a-tá a tarbha
1550] cuid gach mná do Bhanbha Bhriain.
- Do-gheibh rath do réir gach dhuine
Dia dá riar mar ráinig lé;
tar a mbia i n-aghaidh a hanmun
raghaidh le Dia i ndaghbhrugh nDé.- 1555] Mór do rath ós ríoghraidh Bhanbha
biaidh ar chlú ós chionn gach mná;
an rath nar thuil do mhnaoi mhuile
mar mhuir an laoi thuile a-tá.- Gé rabh uirre uamhan ciontadh
1560] cion n-a leath ní leigfe naomh;
dá maitheadh Dia is dí ná maithfeadh
ní fa ria aithbhear gach aon.- Inghean mheic Dhomhnaill Dúin Tuathail
ar thuar chlú do cheannaigh neamh;
1565] dínidh hí d'anáir is d'fhéile
nach bí ag fagháil bhéime an bhean. Bean- Lór do chabhair Chóigidh Mheadhbha
Mág Amhraghánríodha a ré;
ceannchaid na slóigh síodh ar Néillne
1570] nó gur díon d'fhóir Éirne é.- Mág Shamhraghán shireas cheannas
ar chath mBréifne dá mbalbh sreabh
i ndáil reann do rath a fhaghla
geall do chath Bhanbha do bhean.Bean