Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])

section 10

X

Giolla Na Naomh Ó hUiginn .cc.

    1. 1055] Rogha na dtuath Teallach n-Eachach
      oirrdheirc a theisd go Teach nDuinn;
      is é an deaghfhonn sona síthe
      rogha fearann gcríche Cuinn.
    2. Innte a-tá an tiobra as dtig Sionann
      1060] sruth as uaisle i n-Inis Fháil;
      dá donnphurt finnshreabh na bhféarchrann
      inbhear longphort dtréanchlann dTáil.
    3. Teallach n-Eachach is é a chomharc
      Ceann Cruaiche, cairthe na n-éacht,
      1065] cloch gar iarr gach duine deaghuair
      ar fiadh Muighe sreabhuair Sléacht.
    4. Síoth Éadaoine is innte tarla
      Tulach Cosgair na gcon ngarg,
      fál noichtchleath bhfraoichreann bha fianbhruach
      1070] gaoithBheann Choilceach fhiadhluath ard.
    5. Don chath gar thoit Conall Cearnach
      cosgar Oilealla an uair rug
      a ghoin fa baoithréim don bheithir;
      ag soin aoinchéim teichidh tug.
    6. 1075] N-a urdail féin d'fhearann Éireann
      is é magh magh as mhó nós
      is é gleann sona as fhearr ógbha,
      rogha gleann na Fódla fós.

    7. p.73

    8. Airgidh gach oireacht fa thimcheall
      1080] Teallach n-Eachach fhuilngeas doirr;
      tre Mhagh bhFáil teagar dá thogha
      leagar dháibh rogha agus roinn.
    9. Is fiu rígh nó rogha thaoisigh
      gach taoiseach aca—is í ar mbreath;
      1085] rún a chridhe an fhéile d'fhoghlaim
      fine as réidhe ag comhrainn chreach.
    10. Fiu taoiseach i ngach thuaith eile
      gach óglách oiltear n-a tír;
      gin gurbh eadh fós is fear saidhbhir
      1090] ar nós gach fear daidhbhir dhíbh.
    11. Brian Breaghach fa breaghdha longphort
      budh lór d'aoinfhear dh'inghin Duilbh;
      ní fhuair tóir dá dtargaidh comha
      ag argain shlóigh bhrogha Buidhbh.
    12. 1095] Do bhí sáith gach airdríogh d'oighre
      aige do mhac—móide a ghnaoi;
      mac is buaidh ngliadh ar a ghormgháibh
      fuair Brian do chongbháil a chraoi.
    13. Tomás mhac Briain na mbreath ndíreach
      1100] dreagan Gabhraidh gan ghrádh séad
      ní shaoileadh gan arm dá oighidh
      dá maoidheadh badhbh Oiligh dh'éag.
    14. Teist a biodhbhadh ar bhaidhbh gCruachan
      —creidim féin guru fíor dháibh—
      1105] gé fhuair bás ón éag n-a éanar
      nír fhás céad re ngéabhadh ghráin.
    15. Nír chruthaigh Críosd do chloinn Ádhaimh
      éanduine ar nar innill sás;
      ní hé cleath Annla n-a aonur
      1110] neach tarla i mbaoghul gan bhás.

    16. p.75

    17. An foghlaidh ro ghon ghéig bhFánad
      fir Bhréifne is beag nachar mharbh;
      dursan nar thoit it éag dh'aonghuin
      do loit céad d'fhaobhraibh gan arm.
    18. 1115] An t-eineach, a oide múinte,
      do mharbh cumha chraoibhe Gréag;
      biaidh go bráth ar ndula an deighfhir
      ar chách cumha an einigh d'éag.
    19. Tugadh cuireadh go cath mBréifne
      1120] dá bhreith suas tar sluagh na bpian
      breith í Eirce is-teach ó tugadh,
      breath as cheirte rugadh riamh.
    20. Dul lé is gan anadh n-a héagmhais,
      a aos dána, a-deirim ribh,
      1125] an éigse i gcomhair a caithmhe
      conair téidse a haithle an fhir.
    21. Nós saoghalta, sásadh neamhdha,
      do-ní an t-eineach d'onchoin Liag;
      duasa rann Tómás ar talmhain
      1130] sólás thall dá anmain iad.
    22. D'fhíon chorcra, do cheolaibh binne,
      tre bhaidhbh dTeamhrach tugadh fuath;
      mó gráin im gháire ná im ghola
      gá mhnáibh táidhe ar ndola í Dhuach.
    23. 1135] Rob ó Duach Galaigh géag Raighleann
      rob ó Ruairc nach roichim d'fhios;
      cuibhreann dom ré rug ó DuachRuairc
      mar thug mé luathchuairt fa lios.
    24. Ós chionn gach bhaile sa Bhréifne
      1140] do bhaidhbh Chliach budh chumtha leacht;
      nír fhuráil leam an tann torchair
      ceall fa gach mball d'onchoin Fheart.

    25. p.77

    26. An onóirse ar n-éag na flatha
      fada bhias gan a buain dé;
      1145] a-tá an lá do-chuaidh ó Craoidhe
      uaim mar lá saoire go sé.
    27. Mairidh fós fuigheall dá bheodhacht
      ag baidhbh Dhean do dhiongbhadh chéad;
      ní lamh daol re gráin a ghaisgidh
      1150] taobh í Tháil d'aicsin ar n-éag.
    28. Do-niad altóir d'áit gach leabtha
      ar loigh ó Cais na gcolg mbreacht;
      fa gach teampall an tann teagar
      teanchar ann leagar dá leacht.
    29. 1155] I ngach crích dar thaisdil Tomás
      talamh naomh do-ní don chriaidh,
      acht sleachta bróg gríbhe Gabhra
      gan fhód fíre i mBanbha Bhriain.
    30. Más fhíor nochon aghann peacthach
      1160] pian mhór a-muigh agus tall;
      dul a clí ar ndula d'ó Dháire
      is í cumha as áille ann.
    31. Cíos agus cáin cheinéal mBréanainn
      do bhíodh chuige gach re gcuairt;
      1165] leomhan Breagh do thruaill na tíre
      suaill nar bhean ríghe d'íbh Ruairc.
    32. Fear ríoghtha is aithríoghtha airdríogh
      ua Samhradháin slios mar thuinn
      —mór créachta feirge na flatha—
      1170] meirge séanta catha Cuinn.
    33. Cé dearaid cách éag re hadhart
      d'onchoin Raighleann rug gach buaidh,
      ní fhuair sinn cás mar ó gCréidhe,
      bás do rinn na féile fuair.

    34. p.79

    35. 1175] Ollamhain agus aos dána
      fa dhreagan gCruachna an chnis ghil
      do bhí ag triall a curp d'ú Chathail
      lucht gliadh nó tachair n-a thigh;
      mar tá géag Eine n-a aonur
      1180] créad eile an saoghul acht sin?
    36. Téid mar do-chuaidh is na craobhaibh
      cumha í Bhloid i mbarraibh dias,
      go lá an bhráith gan tubha im Thómás
      cumha cháich ar brónfhás bhias.
    37. 1185] Mág Shamhradháin mhac Briain Bhreaghaigh
      an Bhréifne ó bhás bun ós chionn;
      ní fhuair sgol ag teachta thríthe
      acht leabtha brogh bhfithe bhfionn.
    38. Budh oilithrigh ar éis Thomáis
      1190] a theaghlach ag triall don Róimh;
      dá dhíoth rugadh crodh gach croise
      tugadh cor coise don chóir.
    39. Faolchoin ar faithcheadhaibh teampal,
      tuile feoir ag falach ród,
      1195] ar aighthibh sealbh do ás ainneamh,
      feadhbh ó bhás gach ainnear óg. Rogha.
    40. Rogha na n-Aodh Aodh Ó Domhnaill
      ag díoth chniocht fa cródha a lámh;
      ó ghleo arm ní dheachaidh Danar,
      1200] nír sheachain badhbh Aghar ágh .R.
    41. Aonghus mhac Aonghuis Ua Domhnaill
      do dhlighfinn éag ar n-éag dó;
      mo lá brátha a bheith fan aonúir
      go gcleith Rátha craobhúir Chró. Rogha.
    42. 1205] Tomultach na dtachar meinic
      Mac Diarmuda dorrdha an mac;
      do fháisg as a bhun fras fola
      a bhas ag cur fhogha i n-at. Rogha

    43. p.81

    44. Rogha ar litreach leathainm Muire
      1210] máthair Chríosd fan chuing as mhó;
      leath a hanma ó ghairm na glóire
      tarla dh'ainm na hóighe ar ó. Rogha
    45. Ní bean rug ragha na dtoircheas,
      ní toircheas fir flaith na ród;
      1215] ar ghein uaibhse ar chum gach cláirneamh
      uaisle ó bhunn bháingheal a bhróg.
    46. Rogha.