- Folt Eimhire ar inghin mBriain
gá dheighfhighe d'inghin úir,
905] a barr mar fhionnfhalaigh n-óir
ionnamhail cóir clann a chúil.- Ag diall re hEimhir don fholt
gach deighidh fhiar ós a hucht,
slighe shliomchorach cam cheart
910] barr cleacht bhfionnchlodach n-a fult.- Oighreacht Eimhire an fhuilt chlaoin
ar dheighfhighe an fhuilt ro fhuair;
ní don oighreacht do chas chéibh,
do ghlas néimh ngoirmdhearc ós ghruaidh.- 915] Niamh a hearrla mar ór cuirn
lór ndealbha ar ar dhiall an feidhm;
slat Lí n-a ngeibheadh a gairm
Eimhear as ainm dí ar a deilbh.- SaorGhormlaidh mar Eimhir n-úir
920] d'aonghobhlaibh einigh a n-aoibh;
do bhoing ar gormabhraibh gréin
le céibh dtruim gcorramlaigh gclaoin.
- Snuadh Eimhire nochon fhearr
gach deighfhile gá luadh liom;
925] niamhchlodhach is buidhe an barr
muine chlann bhfiarchorach bhfionn.- Inghean Mhéig Shamhradháin shéimh,
gan bhréig ná daghrabháidh dúinn
n-a sróllchraobhaibh dá cuilt chaoimh
930] re taoibh fhuilt órchaolaigh úir.- Cleachtach bachallbhuidhe an barr
sgathfhannmhuine searcach sliom;
folt úr clainndleachtach bha ceann
cúl na ngleann bhfainnleabthach bhfionn.- 935] Folt buidhe mar fhalaigh n-óir
n-a mhuine ós a malaigh gcaoil;
n-a donnbhallaibh a dreach réidh
leath re céibh gconghlannaigh gclaoin.- Nuabharr buidhe tar bhrat ndonn
940] ag tuighe ghualann glac shliom;
duail bhoga bhuidhe sa bharr
ag tuighe chlann bhfoda bhfionn.- Is cróchdha lear cróchdha a cúil
gen gor bhean re cófra an chróigh;
945] niamh sgáile chladhaigh n-a céibh
samhail re néimh fháinne óir.- Drong fhuighlim dá hearrla thrum,
a deaghbha cuinghim dá cionn;
'Clúmh leabthach ag loighe id bharr
950] ar doire chlann fheacthach fhionn '- A bhaincheann bhanchloinne Briain
re gcaithfeam glanchoinne ghlóir;
soillse chlann id chróchbharr chúil
bidh lóchrann dúinn i n-am óil.
- 955] Suairc mar sgaoile an barr dod bhois
ar chlaoine na gclann ná ceis
n-a bhfachlannaibh dod chéibh chais
man mbais réidh ndathbhallaigh ndeis.- Folt Gormlaidhe na nglac saor
960] tar bhrat n-a ollmhuine fhiar,
clanna n-a leabthaibh go lár
lámh re cleachtaibh cama ciabh.- Gor mheala an ghéis taobhghlan trom
a sbéis i gclaonradh a clann,
965] earrla na gclaoinchleacht bhfiar bhfionn
i n-a mionn chiabh gcraoibhcheart gcam.- Gor mheala bhós an barr úr
tre nós a chlann is a chraobh,
an mhallabhrach fhinngheal fhial,
970] inghean chiabh gclannamlach gclaon.- Gor mheala feasda an folt trom
ó dteasda gach locht dar liom,
re clannchaolach na gciabh gcam
diall gon bharr fhannchraobhach fhionn.- 975] Gor mheala an ríoghan a rádh
[...]
cíoradh na gcraobh,
gor mheala an mionn feacthach fiar
ós chionn na gciabh gcleachtach gclaon.- Don bharr chlaon as chaoimhe ós ucht
980] cam gach craobh re claoine a chleacht;
daghshnuadhach do-chiam a corp
man fholt fhiar chamdhualach ceart.- I bhfult Ghormlaidhe as ghorm súl
dan mongbhuidhe gach corn caomh
985] casaidh fannmhuine fionn fiar
ós chionn chiabh gclannbhuidhe gclaon.
- Earrla cam as chaoimhe ós ucht
barr chraoibhe Leamhna gan locht;
a folt, más fhíor, áille a cleacht;
990] reacht cíor i bhfáinne dá folt. Folt- Dealbh Dheirdhrinne ar Gormlaidh nGáil
ar dheirbhfhinne, ar chornaibh cúil
ar dhreich n-áluinn ngil mar ghréin
ar chéibh dtigh go hárainn n-úir.- 995] Ar ór d'fhaghail d'adhbhar bhaird
ar mhalaigh as chamdhubh gcuilg,
ar rosg ndearcmhall, ar dhreich ndeirg
nach cleachtann fheirg re breith mbuirb.- Ar dhéad ngeal, ar chlaoine i gceibh,
1000] gan bhréig n-aoibhe re headh sgeoil;
ciabh dhaghcruinn n-a cuaichleirg claoin
ós phartuing caoil bhruaichdheirg bheoil.- Ar fholt mar chaonna ma ceann
is ar chorp mar chraobha tonn,
1005] ar bharr craoibhchleachtach d'fholt fhionn,
ar chorp sliom taoibhchearclach trom.- Ní chruaidhse ma gcaith im ní;
ar uaisle ar mhaith ós gach mhnaoi
formad gach fhir re cleith gCé
1010] ar dhreich go ngné ngil, ar ghnaoi.- Inghean Méig Shamhradháin sheing
dá daghraláimh do-éid inn;
na cóig céadfadha fa chuing
gun truim óig bhéaltana bhinn.- 1015] Drong dom ghlór ar Ghormlaidh nGaoil;
'A hór bar gcornaibh do-chuaidh,
ceilidh do dhreach deirge an tsróill
dóibh, a chleath Gheirge, ós do ghruaidh.'
- Re déachain t'earrladh bhfiar bhfionn
1020] neamhdhubh a niamh, niamh a gclann;
an snáth chuire ar aghaidh eang
mar shamhail ngleann mbuidhe id bharr.- Inis uaimse d'inghin Bhriain,
sa duainse don fhinnghil fhéil:
1025] 'Cíoradh a cleacht gcam do chír
ní shín a barr ceart id chéibh.'- Inghean Mhéig Shamhradháin sheang
a rannghabháil do léig liom:
'Gach leaba, a chraobh Bhréifne, id bharr
1030] féithle clann gcaomh ós a cionn '.- Cumthair lé dá gcor don chléir
agus ní hé a gcrodh ón chraoibh
eoin mhíne go n-earraibh óir
ar eangaibh sróill ghríbhe Gaoil.- 1035] Bean ar n-aisgeadh 's ar gcuach gcorr
a haisdear ní luath dar liom,
ní hanathlumh ag riar rann
an mhall mhalachdhubh fhial fhionn.- Earrla Gormlaidhe as gheal ucht
1040] n-a chorrmhuine nach lean locht;
suairc an clannmhuine cam ceart,
is bar r cleacht bhfannbhuidhe an folt. Folt- Dealbh Mhidhir ar a fior féin
ar gach n-iodh d'idhibh a chúil;
1045] ceirde Í fhíorDhuibhne do fhuair
deirge i ngruaidh síorghuirme i súil.- Maise ar Mhatha bha fhult fhionn
fa lucht chatha mar do chrom;
Ó Raighilligh gar do gháibh
1050] raimhillidh Magh Fáil gá pholl. Folt.
- Sitriug mhac Briain go mbarr gclaon
ní fann is in ghliaidh a ghlór;
go ró dar n-eagor, más fhíor;
bidh díon dó Peadar is Pól.Folt