Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])
section 5
V
Lúcas Mac Naimhin .cc.
- Ramhuch táinig tásg Fearghail
620] sgéal do dhubh dhreich míndealbhaigh;
an chraobh fa bhláthro bo béad
saobh do chách gan a choimhéad.
- Fearghal mhac Briain bruinne seang
do Leith Chuinn cúich nach caoineann?
625] bha mharthain dóibh d'éis an fhir
sbéis nochor chóir n-a chairdibh.
- An learg do rath ba ralán
go bás meic Mhéig Amhradhán;
a-tá ar ndíoth a cruidh do chách
630] an chríoch do chuir i gconách.
- Ag sgaoileadh dúinn n-a dhiaidh sain
gan arbhur d'aithle an fheolmhaigh;
ar ndul uainn do chraoibh Choradh
laoigh ar mbuair gar mbeathoghadh.
- 635] Ro bo mince crodh na gceall
ar comairce ag craoibh Raoileann;
táinte sluaigh Glinne Gaibhle
tre bhuaibh cille ar comairghe.
- Gér líonmhar a lucht toighe
640] dh'éis mharbhtha fhir Aolmhuighe,
láimh re theach tugadh ar gcrodh,
rugadh ar gcreach gan chosnomh.
- Mairg bheanas chéill don chruinne
bha bhfuil d'anshógh oruinne,
645] ni raibhe re dtocht í Tháil
ar n-aire re holc d'agháil.
p.45
- D'éis mharcaigh Mhuighe na bhFeart
budh oilithrigh ar n-oireacht;
biaidh aithne na sligheadh sair
650] gá chineadh d'aithle Fhearghail.
- Mac Briain mheic Dhonnchaidh, dearc mhall,
mhac Fionnghualann, flaith Cualann,
do-chuaidh a gcáin do na cnaibh
an uair do-cháidh ó Cobhthaigh.
655]
- Do-chuaidh ar gcara ór gcairdibh,
mór eagla gach athairgnigh;
ní bhí do theagar bham theach
ní ba mbadh eagal aithchreach.
- Re méad na dtoirbheart tug dáibh
660] ní tualaing cách a gcongbháil;
mairg nar chara d'ú Bhriain Bhreagh
dá bhfagha n-a dhiaidh dídean.
- Re linn airgnigh Achaidh Mhóir
do thaibhghinn agra éagcóir
665] d'aithle Fhearghail ní háil linn
leanmhain ar dáil dá ndlighim.
- Im thacar mbó beag mo shníomh
d'éis mheic inghine an airdríogh;
ar gcrodh má do-cháidh is-teagh
670] re ndol í Tháil ní thoillfeadh.
- A-déara mé n-a marbhnaidh
re fleisg an fhuilt fhionnghabhlaigh:
'Agod chaoineadh do bhraith bean,
a fhlaith Taoidhean, ar dteicheadh'.
- 675] A Theallach n-Eachach gan fheall,
a dhíon éigeas is airdcheall,
rian bhar námhad a-nuraidh,
a fhian Fhánad, fhuarubhair.
p.47
- A theaghlach fhir na n-each seang
680] do sgaoil sibhse ar fhud Éireann;
a lucht toighe baidhbhe Breagh
tairnge im chroidhe bhar gcoinnmheadh.
- A mbliadhna is meisde mise
mórbhann uaim gá innise;
685] ar chan mé a-nuraidh re neach
madh cumhain é budh aithreach.
- Easgairdeach mhé thuaidh is teas
is mairg neach do-ní aimhleas;
ar n-uabhur re cois í Chéin
690] a-nois is uamhun eiséin.
- Bás meic ríoghna rátha Cuinn
do rad mhé i ngarrdha gobhuing;
ní thabhram féin aithne air
mo réim a haithle Fhearghail.
- 695] Fearghal mhac Briain, bruinne geal,
ní ceann mo bhuair do-bheireadh;
faire mo chruidh ro bo cháir
ní fhuil mh'aire re héadáil.
- Gabha ag athchuma arm gcorr
700] ar marbhadh churadh Cualonn;
a shleagh re a roibhe roimhe
fear oile gá hathshnoighe.
- Aithris Mhaghnusa is Bhriain Bhreagh
tairbhirt chruidh crodh do chaitheamh;
705] gon fhior nach mar ní mhéaradh,
an cradh ciodh má gcaigéaladh?
- Ar mbreith ar n-áirgheadh 's ar n-each
cách cugainn d'iarraidh aithchreach;
a-rís ráinig ar ceann chruidh
710] an dream táinig ar tosaigh.
p.49
- Marbhadh míleadh Muighe Sléacht
d'Fhearaibh Manach ba móiréacht;
doirbh síoth ris na tuathaibh thoir
ar ndíoth í Thuathail Teachtmhair.
- 715] Giolla Íosu is Fearghal fial
gidh comhaidhigh cath Oirghiall,
traisgeoraidh guin chleath gCoradh
ar neach fhuil gá haltoghadh.
- Sgáile gach tuaighe n-a thaobh
720] dar theasg a fholt fiar fionnchlaon;
cneas í Chéin Gháille gá ghuin
léir a sgáile sna sgeanaibh.
- Do chansad ós chionn a chuirp
sluagh Teallaigh Eachach urrdhuirc;
725] 'Fuil gon fhóir ór hadhradh lann
rob amladh óir ar iarann.'
- Teisd gach aonduine ar flaith Fáil
d'éis a anma dá ágbháil:
'Má do bhí an druim gonta ód ghuin
730] is tre luing th'ochta, a Fhearghuil '.
- A-dearar ar uaigh an fhinn
gon phobul d'éis an Aifrinn:
'Leagar, a chleath Chairn Line,
neach it ainm gan oirbhire '.
- 735] Gidh iomdha id thimcheall re treall
gáir ghol agus gáir ghéimeann,
ba meince, a learg bhraonach bhog,
sealg agus aonach umod.
- Tug Gleann nGaibhle gan ghabháil
740] marbhadh meic Mhéig Amhradháin;
fagus trá an ghabhal don ghlinn
an ladhar gé tá ar toitim.
p.51
- Ní clos ó do-chuaidh Fearghal
éan sa choill ag ceileabhradh,
745] cráin dá ló ní adhair d'ál,
ní labhair bó re baothán.
- Dairghe tógbhaidh an tuile
ar marbhadh laoich Liathmhuine;
cognaid tonna Lacha Ló
750] clacha orra re hannró.
- Ní thig bláth re barraibh crann,
ní ásann féar ná fochann,
ar an dtalamh do chuir cheas
nach faghar luibh gá leigheas.
- 755] Teach onchon Lacha Leise
rob é mo theach taireise;
ní fhoil neach ris badh áil inn
do-cháidh an teach dá dtéighinn.
- Nír an bó ná heach aige
760] mac Briain nar bheag sochraide;
má thug sbéis a bhean i mboin
más eadh is ar éis Fhearghail.
- D'éis na sleagh do-chóidh n-a chneas
fuath don iarann rob oircheas;
765] a haithle an chroinn do-chóidh inn
coill nochor chóir do chaigill.
- Fearghal mhac Briain badhbh Chualann,
mac flaitheamhail Fionnghualann,
ba díoth bó ar fíon bhfear Banna,
770] ní bhíodh seadh dó i ndeagharra. R.
- Giolla Íoso an abhra dhuibh
cealg do dhéachus dá dhíoghuil
do bhraith ar neach eile inn,
cleath Eine nochon áirmhim.
p.53
- 775] A ndul ní heasbhaidh éinfhir
meic do mhac an tuirfhéinnidh;
bás na deise rem dhul féin
meise gá gcur fa choimhréim.
- Dá marbhadh meisde mo sheadh,
780] Gafraidh is Giolla an Choimdheadh;
Giolla an Choimdheadh is cor dhi
blogh do thoirneamh ar dtíre.
- Mathghamhain Mág Raghnaill réidh,
ar gcara fíre an feirséin,
785] do-bhéara mhé odhar ann
nó go mbé tolamh taram.
Ramhuch