Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])
section 3
III
- Déanum shíodh mbunaidh, a Bhriain,
300] bíom mar as chubhaidh go caoin,
togaibh an malaigh nduinn dúinn
ná falaigh an súil gcuirr gcaoimh.
p.23
- Ná falaigh orainn t'ucht geal;
a lucht molaim ós gach mhudh;
305] ná falaigh an gruadh ndearg damh,
a learg do ghabh snuadh na subh.
- Mo bhéal red bhéal tana teann
mar a-déar, a mhala mhall;
teanntar an corp rabhán riom,
310] a fholt fionn na gcabhán gcam.
- Tabhram comhluighe, a chorp saor,
a fholt donnbhuidhe, dar ndíon,
dar gciontaibh, a chinn na mBrian;
dod riar tiocfaidh sinn ar síodh.
- 315] Síodh dúthrachta gá luadh liom
red ghruadh n-úrchorcra is gach am
ná can frithchealga acht fíor riom
síodh do chionn rithlearga rann.
- Sguirium dar ndoirr, déanum shíodh,
320] i nbhar gcoim do-ghéanum glór:
síodh anathlamh ní dual dúnn,
a sduagh úr mhalachdhubh mhór.
- Adhbhur t'fheirge id ríoghthaigh riom
ná líomhthair ar gceirdne id cheann;
325] is eadh do loit ar n-aoibh ann
gan rann doit ar gach laoidh leam.
- Bíom mar do bhámar, a Bhriain,
mar nach gábhadh síodh re saoidh;
uaim comainn is dleasda dhúinn
330] feasda ret shúil gcomhmaill gcaoimh.
- Ag so teasgosg uaimse ort
agus na sluaighse ar ar sliocht;
do bhiodhbhaidh dá mbead ret ucht
leag an lucht is ionghair th'iocht.
p.25
- 335] Tú fear a leagtha ar an fhleidh
gach fear ag teachta dod thoigh;
do chomharsoinn gan mhuirn mir
ód sholosloinn shin ghuirm ghloin.
- A Bhriain Mhéig Amhradháin óig,
340] gan a mballghabháil ní bhíd
bean tre tláithe a gort do ghéig,
léig a snáithe gan tocht thríd.
- Suirghe re Bréifne, a bharr Lí,
na lann ngéirthe as ghuirme gné
345] leat toirrcheas an tíre i dtaoi;
míne re mnaoi is oircheas é.
- Toirtheach duid gach abhall fhionn,
do dhruid gach abhann re hall;
fochonnbhras ón fhionnbhraon th'fhonn
350] cochollghlas gcoll n-ionnlaogh ann.
- Toirtheach d'iasg na haibhne uaibh,
agus na dairghe n-a ndiaidh;
a hioth gá haltrom gon úir,
lachttrom dúibh an bioth, a Bhriain.
- 355] Toirtheach gach magh uaine uaid,
a Ghuaire, tre ar gach fhóid;
callrabhán do chuid don Ghréig,
a Mhéig bhuig Amhradhán óig.
- Sgathchorcra gach faithche, is féach;
360] dathmholta tairthe bhar dtuath;
fionn gach oirear is gach áth
do bhláth droighean ar cionn chuach.
- Ríoghdha seol do bhaile, a Bhriain,
is a n-aire ar gach ceol caoin,
365] gearrthair meirgeadha gá mnáibh,
dealbhthair cláir dheirggeala dhaoibh.
p.27
- Gabhainn ag déanumh arm n-ard,
rabhainn d'fhéaghadh charbh is cheard;
crithre a taobh armshlat is ord
370] do mhaol colg bhar ndaghbhrat ndearg.
- Crannuigheadha bíd id bhrugh
gá mbíd malluidheadha ód mhiodh;
crann go n-ionnsma ar gach nglún ngeal,
sleagh san dún fhionnsa ós gach fhior.
- 375] Cearda ann ag amladh óir
agus slabhradh tall re thaoibh;
do bhreicdhearg nuamhoing do néimh
buabhaill shréin re deighceard daoibh.
- Macradh ag múnudh a gcon
380] im dhúnadh slatghlan na subh;
th'eich ag a ngléas, a Bhriain Bhreagh,
seal ar gach ngréas biaidh id bhrugh.
- Imirt bhrannaimh is léir linn
god chéibh chlannaigh, a í Chuinn,
385] a Mhéig shaoir Shamhradhán sheing
seinm re haoibh ndaghbhranán duinn.
- Fir ag daighsheinm umha uair
ag dula ar cairfheidhm go ciuin,
ar n-iomadh i n-am an óil
390] re hiomadh óir na gcrann gciuil.
- Iomadh gach ríoghraidhe rut,
míorbhuile iomadh bhar n-at,
do leigeadh crú bha chlár mbreac
bhar ládh leat gan bhú gan bhrat.
- 395] Rugais ó Shionainn chreich gcruaidh,
th'eich i ngach ionaim go héimh;
ó chreich do sguir bhláith, a Bhriain,
biaidh a sáith chruidh go gach gcléir.
p.29
- Go hÉirne do-cháidh bhar gcreach
400] is na héighmhe láimh re loch;
doire sróill chorcra ós gach cath
ag tochta a-mach ó bhróin bhoth.
- Airge an magh ó mhoir a-niar
soir go Cladh na Cairge, a chraobh,
405] tre Mhagh n-Eine suairc bhar slógh,
teine mhór bhar gcuairt man gCaol.
- Creach Gránard do luaidheadh libh,
gér lánard an sluaigheadh sin;
i measg th'each do-gheabhtha an groidh
410] creach a Moigh Theabhtha dod thigh.
- Is tú Ó Duibhne, a dhearc glas,
ar suirghe 's ar neart a-nos,
fear mar
[...]
as deas
cneas geal as
[...]
bos.
- 415] Mar Choin Culainn do chneas bán,
is cleas an ubhaill ag Aodh,
boill dearga do ghon do ghruadh,
snuadh Chon na cearda bha caomh.
- Dealbh Fhiamhain an fhir nar fhionn
420] bhad riaghail, a ghil na nglonn,
dar líon fleadh bhreacthruaille beann
don gheal sheang dhearcuaine dhonn.
- Mar mhaidhm sléibhe ar cionn na gcreach
Fionn gach féine t'ainm a-mach,
425] a Fhir Dhiadh as deirge cruth,
bruth t'fheirge do-chiam man gcath.
- A eolaigh an daghbhroit duinn,
a leomhain do dhaghloit druing,
a neimh nathrach, a ghuin Ghoill,
430] a thuir a coill chathrach Cuinn.
p.31
- A chearcall teintidhe tréan,
a Dheirgtheine as dearcmhall gruadh,
a bhas chorr d'fhaghaibh go n-ór,
a thonn mhór chalaidh ar chuan.
- 435] A Mhéig Amhradhán tre fhonn
doire crannrabhán mad cheann;
dá mbeire, a Bhriain, ghoin ar Ghall
red chrann biaidh do throigh i dteann.
Déanam