Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])
section 2
II
Tadhg Ó hUiginn .cc.
- D'uaislibh taoiseach Banbha Brian
a labhra ní labhra shaobh
gach giolla dar ghein go Niall
70] do-bheir Brian Sionna go saor.
- Mac d'Eochaidh na n-abhra ndubh
eochair na Banbha a ghlac geal;
Niall nachar neamhghnáthaigh miodh
dearbhráthair don fhior Brian Breagh.
- 75] Móide a chairdeas is clann Néill
a airdmheas ar gach crann ciuil
iarsma na ríogh diaidh i ndiaidh
do shíol Bhriain an Briansa ó Briuin.
- Brian mhac Donnchaidh deargas crann
80] re honchoin dá ndearglas drong
glan a luadhaim cionn i gcionn;
tualaing sionn a char go Conn.
p.9
- Go Conn Céadchathach na gcuan
is na bhfonn séadchrathach saor
85] ní fhúigeabh gan bhreith ó Bhrian
triar fo dheich is cúigear caomh.
- Tualaing sinn a n-áireamh sin
bidh grinn gach a ráidheabh ribh;
ní hé a ngairm do-ghéanum duibh
90] a-déarum ruibh ainm gach fhir.
- Donnchadh Cime an chuaine ríogh
mhac Gille nuaidhe na Naomh,
mheic Gille Íosa ucht bán,
slán ó ulc gach cíosa an chraobh.
- 95] Mheic Gille na Naomh neart niath,
time i dtaom nír chleacht re cách,
mheic Mhuireadhaigh gan mhodh maoth
cor laoch ar uidheadhaibh d'áth.
- Mheic Shamhradháin shubhaigh shaoir
100] sa rannghabháil chubhaidh cháir
mheic Conchobhair na gcon sróill
do ghon tóir d'orchoraibh áigh.
- Mheic Fhearghail mheic laochdha Fhloinn,
ba fraochdha i ngach gleic a ghreim,
105] mheic Aonghais an earrla fhinn
rinn feadhma ar a shaorbhois sheing.
- Mheic Conchobhair mheic Thaidhg Thír
do airg a ghleic n-a gleic géir,
mheic Ruairc mheic Íomhaoir an áigh
110] cuairt Cheit gá láimh ríoghshaoir réidh.
- Mheic Cosgraigh mheic Dhúnghail duinn
go dtnúdhghail n-a tnúdhghail teinn,
mheic Oireachtaigh nar airg cill
an ghairg bhinn shoineartaigh sheing.
p.11
- 115] Mheic Eachach mheic Mhaonaigh mhín
mheic Bhaoithín nar chan acht cóir,
mheic Bhréanainn mheic Fhearghna fhéil
nach dearna re cléir ghleic nglóir.
- Mheic Fhearghusa an ochta gil
120] ba corcra a sheangbhosa ó shaigh,
mheic Mhuireadhaigh mhóir don mhuigh,
nír chuir tóir fhuineadhaigh air.
- Mheic Eoghain mheic Dhuach deirg Í
i bhfeirg nar luath mar bhadh lé,
125] mheic Bhriuin mheic Eachach fhuair ghnaoi
sdiuir shluaigh ba draoi Eachach é.
- Mheic Cairbre mheic Cormaic Cliach
mheic nachar thromloit ar dtáth,
mheic Airt mheic Cuinn na gcon sgíoth
130] ó bhfríoth cuing do chor ar chách.
- Mág Amhradhán, Brian na mbeann
daghbhranán nach cian ó Chunn,
seanchas fhir na n-earrladh ndonn
do ceangladh go Conn sin sunn.
- 135] Rugas leam mar luing re sruth
ó Cuinn ar nach beam ag brath,
an ghéag nachar chrom re cioth
im rioth go Conn na gcéad gcath.
- 140] Conn Céadchathach is clann Chuinn
céadfaidh a chlann ós gach gcloinn
Teallach n-Eachach is d'ua Chuinn,
cuill nua ní creachach an choill.
- Ceann Teallaigh Eachach fhuair dán,
ó hEachach do fhuair gach sgéal;
145] gach baile i mbí 's nach bí Brian
faire na gcliar do-ní a néall.
p.13
- Brian mhac Donnchaidh díon na dtuath
síodh gon onchoin tar a fhíoch
150] breith Dé do cheannaigh do chách
an tráth do cheangail sé an síoth.
- Sochraide shoir bhághach Bhriain
ar nach foil árach gan fhóir;
bog fine Bréanainn im buaibh
sluaigh a Fréamhainn Mhidhe mhóir.
- 155] Giolla óg anas re lot,
amhas Sionna na mbróg mbreac,
fear Muighe Sléacht as seang glac,
nochor fhearr Mac Céacht nó Ceat.
- Féicheamh coitcheann ceannaigh dhuan
160] i mboigthreall nach leangair lámh
ní tuilleamh buidhe re Brian,
riar gach dhuine ris an dán.
- Aos dána an talmhan n-a thaigh
na dámha ag adhradh n-a fhail;
165] gach dámh go Brian Bhealaigh Bhroin,
a thoil diall don fheadhain air.
- Brian mar Theamhraigh mar theach mBriain
re leanmhain gach leath as áil;
cosmhail é is Teamhair an Trír
170] do shín sé tar fearaibh Fáil.
- Suairc ionadh longphoirt laoich Bhoth
ar ghaoith d'ua ChonnChuirc 's ar chioth
Cúl ó nGuaire ní cúl creach,
dún na mbreath bhus bhuaine ar bioth.
- 175] Airgneach Daoile na bhfleadh bhfuar
an fear as saoire ná an sróll
cosmhail bríogh ar cionn na gcliar
do Bhrian 's don fhíon fhionn gá ól.
p.15
- Inbhear Muighe Sléacht na sreabh
180] na huile éacht ag an fhior;
Sruth Gráinne ar a ghuth ní ghabh
sruth glan as áille tre fhiodh.
- Ceann Cruaiche ag Brian do-bheir ní,
sgiamh a thuaithe sein as sé;
185] mór leas ro ghléimheall a ghnaoi
ní treas draoi na hÉireann é.
- Ceann na ndruadh ceann na slógh soin,
mór don tsluagh do mheall nach mair
Magh Sléacht ós an chairthe chuil,
190] fuil na n-éacht gan aithbhe air.
- Ceann Cruaiche a-tá ar an mhuigh mhór
do chuir mná gach tuaithe i dtámh
ar mharbh sé ag sléachtain don tslógh,
mór d'éachtaibh é seach gach n-ár.
- 195] Ocht gcatha fo thrí, truagh soin,
nocho sluagh do bhí fa bhail
do chathaibh as mharbh san mhuigh
gan fhuil dtachair ó arm air.
- Teidhm as uaisle i n-Inis Fháil
200] do innis an duainse dhúinn;
fearta an teadhma ar an mhuigh mhín
im rígh Teamhra fhuil fa úir.
- Tighearnmhas tighearna ós chách
a libhearna ro bo luath
205] flaith na reann ráinig a chríoch,
táinig a dhíoth re Ceann Cruach.
- Ainm ó fheartaibh Gaoidheal nglan
sa leachtmhaigh nar sgaoileadh sgur
Achadh Fearta nach fann fear
210] fearta ar sean ann bun i mbun.
p.17
- Do thógaibh ádh Briain i Bhriain
a lágh fa na fódaibh fúibh,
léibheann na leachtmhagh n-a láimh
seachtmhadh pláigh Éireann fa úir.
- 215] Beann mar Bheinn Éadair gon fhior
do shéadaibh agus do shubh
Beann Choilctheach gach cliar fa crodh,
sgoilteach sgol ag Brian n-a bun.
- Gasda an feiréan séaghainn saor
220] is ceinéal mBréanainn im Brian;
flaith Callmhuighe na gcall n-úr
clannbhuidhe a chúl cam a chiabh.
- Bréanainn mhac Fearghna folt tais
nach dearna olc badh olc d'fheis,
225] a chor do Bhrian bidh slán seis
ní geis a chliar dá rádh ris.
- Suirghe an fhir is í ar ar n-úidh
ag a thigh ag nach bí biaidh;
bídh ar éis a déanmha dháibh
230] sbéis ag mnáibh i mbéarla mBriain.
- Biodhbhaidh fhir na n-abhra mall
ní mil tá ar a labhra acht lionn;
do-chuaidh Ó Ruairc n-a cheann
's dar leam ní fhuair cuairt dá chionn.
- 235] Tearc ar domhun uile a fhiach
moludh gach dhuine ar ó nDuach;
mac Móire ní méin mar chách;
gnáth léim na Bóinne tar bruach.
- Beag an iongnadh eineach Briain
240] gan diombladh gan deibheach sgeoil;
Teallach n-Eachach na n-each mín
díbh teach n-a dheathach fo dheoidh.
p.19
- Brian Mhac Donnchaidh dreach mar ghrís
ó Cobhthaigh do chreach go Buais
245] gan ghrádh ar sdéad ag sduaigh Náis
ar áis do bhréag duain ar duais. D.
- Tadhg Mág Aonghusa fhuair gnaoi,
rug buaidh d'ú Aonghusa í;
's geal ad-clas re dtéid n-a theach,
250] nocho léig as neach gan ní.
- Maghnus Mhac Donnchaidh dreach réidh
do chomthuigh gach teach n-a thír,
riar leas na n-uile rob áil,
a bháidh re gach nduine dhíbh.
- 255] Donnchadh Mhac Donnchaidh Chinn Chnuic
crodh ó Loch Gile do ghluais;
tearc tóir nach luigheann fo láimh
nocho chuireann ar dáil duais. Duais
- Ó Duibhgheannán duine naomh,
260] duine mar gach nduine n-ógh,
do ling i leabaidh na naomh,
do chinn Maol Peadair ar Pól.
- Maol-mheadha, bruinne mar bhláth
nó mar eala ós bhuinne ar bruach,
265] a heineach ní cheil ar chléir,
is do-gheibh go léir a luach.
- Inghean Í Ruairc Mór rob mó,
suairc a sódh gurub sódh nua;
i n-áighibh ní headh a-tá
270] fear na mná bhus fháilidh ua.Duais
- I ngach airmdheabhaidh re áis
d'Ú Ghairmleadhaigh gémadh guais
Maol Seachlainn sin is é i n-ádh,
do-bhir sé ar gach ndán a dhuais.
p.21
- 275] Eachmharcach Ó hAnluain ard
do airg go Bior is go Buais
gor thráigh a rothuile ríogh
sochaidhe rer dhíol a duais. D.
- Mac Maghnusa Mhuighe Finn
280] Maol Eachlainn as oirrdheirc clú,
meinic leis bó do chrudh chreach
do chur is an teach i dtú. D
- Tadhg mhac Briain mo fhlaith rem lá
a mhaith gorob mó sa mhó;
285] eineach Taidhg ní léig re lár,
nocho mairg téid re dán dó. D
- Maghnus Cruachan cheileas mná
ní huathudh bheireas a bhú;
go mbeith sé fa dholudh dó
290] an domhun is dó ba dhú. D
- Muire mháthair Íoso óigh
inghean Iaichim aigheadh nua
dá mac go bhfoghnann an fear
dá nach congbhann re headh ua. D
- 295] A mheic Mhuire 's a mheic Dhé
is leir dheit gach duine i gclí;
tuigidh tú an tagra ar a dtá
gen go n-abra achd ú á í. Duais