- Teach n-óil gach bruighean n-a bhaile
glóir tuireamh a thoighe,
teach i mbí a lór ar bheinn bhuidhe
d'ór im gach ngeim ngloine.- 5] Iomdha bleidhe d'ór mar fhéaghaim
d'ól fhleidhe 's dá luaghaill
is an tigh theann dlúthta dhíoghainn
is cúpa is beann bhuabhaill.- Cuirn an toighe n-a mbróin bheannchuirr
10] glóir oile ní fhionnfuinn;
druim na slógh n-a mbroinigh bharrchaim
d'ól re froighidh fionnchuill.- Eagraid an teagh fa Bhrian mBóinne
dream fhial as gheal ngruaidhe,
15] iomdha fan bhflaith nGréagaigh ngríbhe
go sgaith éadaigh uaine.- Iomdha fear saor ann go hursain
's a barr caomh mar chasnaidh,
iomdha géag thaoibhsheang is-taighsin,
20] aoibheall Gréag don ghasraidh.- Iomdha sróll re slios an dúine
ní lór dá fhios uainne
is sging throm ar cúl a chéile
as donn úr is uaine.
- 25] Iomdha sgéith uaine is airm chomhlainn
ós bhaidhbh Chluaine chairbhsheing;
iomdha srian is gealgha is goirmrinn
is sgian eamhdha ar aighlinn.- Iomdha n-a thaigh aird re hóiridh
30] iall ar saidh ngairg ngléighil,
is gormat ro ládh ós lúirigh,
donnbhrat lámh re léinidh.- Bard go sróll uime san ursain
ór uirre n-a asnaidh,
35] ós throimearla fhionn an fhirsin
mionn loinneardha ar lasraigh.- Drong mholta don gheal chas chúilfhionn
na sleagh nglas le ngéibheann,
Mág Amhradhán Brian na mbuabhall
40] daghbhranán fhian n-Éireann.- Tuar molta do Bhrian tre bhráithreas
dreach corcra ciabh ghlúnchas;
geal a bhonn is tana a tháithchneas
mala dhonn tre dhúthchus.- 45] Béal dearg ag Brian, bas mar fhaoilinn,
ciabh chas nar chealg díoraim,
dearc uaine 's an mhong mar mhónainn
gan ghuaire ndonn ndíoghainn.- Aigheadh fial nach úire gealchlár,
50] núidhe sgiamh tre a sgothbhraon;
geal a dhéad, dearg a dhá roithléan;
is bréag ceard a chomhchaomh.- Dath óir cheard ar cúl í Eoghain,
clúmh na learg mar laoghfhuil;
55] suairc do Bhrian an bhruinne ghléighil
niamh thuinne ar a thaobhaibh.
- Brian Mág Amhr-a-dhán na ndaighcreach
arm ar ghádh gá ghlanchath;
deargthar a chleath iomthrom eithreach
60] i dtiomcholl chreach gcathrach.- Maoil-mheadha móid nach móid fhíochdha
deala don óig órchna;
géis mhall a slios chollmhór Chruachna
donnshróll fa crios chróchdha;
65] inghean Ghiolla Íosa iarrtha
mo chíossa as a cófra.Rachdaid.